Nuacht Mhall

25 Eanáir 2025 (Luimneach)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Aoife Ní Bhraoin.

Taifeadadh an ghaoth ba láidre riamh in Éirinn le linn Stoirm Éowyn inné. Ag Ceann Mhása i gConamara taifeadadh meánluas de 135km/h agus séideán amháin de 183km/h go luath maidin Dé hAoine. Bhí rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm ar fud an oileáin go dtí meán lae, agus moladh go láidir do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan dul amach le linn na stoirme. Ar cheann de na stoirmeacha ba mheasa a bhuail Éire ó tharla Oíche na Gaoithe Móire sa bhliain 1839, d'fhág Stoirm Éowyn na mílte gan leictreachas, go háirithe ar an gcósta thiar. Scriosadh an "Air Dome" de chuid Chumann Lúthchleas Gael Chonnacht agus rinneadh a lán damáiste eile timpeall na tíre. 

Toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach faoi dheireadh Déardaoin tar éis cúpla lá d'argóintí agus an Dáil ina cíor thuathail. Tharla na fadhbanna nuair a fógraíodh go gcuirfí an Dáil ar fionraí go ceann coicíse agus nuair a tugadh am cainte an Fhreasúra do ghrúpa Teachtaí Dála atá ag tacú leis an Rialtas. Bhí ar an Ceann Comhairle nua, Verona Murphy, imeachtaí a chur ar fionraí roinnt uaireanta ach ar deireadh toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach. Cáineadh an chomh-aireacht nua a ceapadh freisin, ós rud é nach bhfuil ach triúr ban ann as cúig Aire dhéag, agus gur as Baile Átha Cliath nó Cúige Laighin tromlach mór díobh, gan ach duine amháin, Dara Calleary as Cúige Chonnacht agus duine ar bith as Cúige Uladh.

I Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinneadh Donald Trump a insealbhú ina Uachtarán Dé Luain. Ba é an chéad uair a tharla an searmanas oirnithe taobh istigh ó bhí 1985 ann, mar gheall ar dhrochaimsir, de réir Trump féin. D'fhógair sé "tús ré órga" don tír ina óráid agus shínigh sé sraith orduithe feidhmiúcháin láithreach. I measc na n-orduithe bhí bearta chun Meiriceá a thógáil amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chun saoránacht uathoibríoch a bhaint de leanaí a bheirtear i Meiriceá, chun na logainmneacha Murascaill Mheicsiceo agus Denali a athrú go Murascaill Mheiriceá agus Sliabh McKinley agus chun pardún a thabhairt dóibh siúd a bhí páirteach san ionsaí ar Chnoc an Chaipeatóil ar an 6 Eanáir 2021. Cuireadh i gcoinne na horduithe seo, agus breitheamh feidearálach amháin ag rá nach dtagann siad le Bunreacht Mheiriceá.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

meánluas - average speed

séideán - gust

cíor thuathail - chaos

cuir ar fionraí - suspend

searmanas oirnithe - inauguration ceremony

orduithe feidhmiúcháin - executive orders

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Documentary on One Podcast by RTÉ

Documentary on One Podcast

207 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,304 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ

Callan's Kicks

52 Listeners

Bitesize Irish Podcast by Bitesize Irish

Bitesize Irish Podcast

166 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

138 Listeners

The Irish Passport by The Irish Passport

The Irish Passport

318 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,760 Listeners

Daly Dose of Gaeilge by Clíodhna Ní Dhálaigh

Daly Dose of Gaeilge

7 Listeners

The Almanac of Ireland by RTÉ Radio 1

The Almanac of Ireland

82 Listeners

In The News by The Irish Times

In The News

46 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

11 Listeners

Path to Power by Matt Cooper & Ivan Yates

Path to Power

24 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

24 Listeners

Young Hot Guys by HeadStuff Podcasts

Young Hot Guys

28 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners