Nuacht Mhall

28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail.

Cailleadh tríocha a hocht duine Lá Nollag nuair a thuirling eitleán ón Asarbaiseáin de thuairt sa Chasacstáin. Bhí beagnach seachtó duine ar bord an eitleáin, a d’fhág Baku, príomhchathair na hAsarbaiseáine, go luath maidin Dé Céadaoin. Bhí an t-eitleán ag iarraidh tuirlingt in Grozny sa tSeisnia nuair a mhothaigh na paisinéirí trí phléasc agus cuireadh an t-eitleán ar atreo trasna Mhuir Chaisp go cósta thiar na Casacstáine, 450 ciliméadar soir. Tuairiscíodh sa Rúis gur bhuail ealta éan an t-eitleán ach cuireadh an locht ar an Rúis féin ina dhiaidh sin, agus saineolaithe ag rá gurbh iad diúracáin aerchosanta a bhuail an t-eitleán. Tá aerlínte náisiúnta na

hAsarbaiseáine agus na Casacstáine i ndiaidh cosc a chur ar eitiltí áirithe go dtí an Rúis.

Tá an tsaoráid sláinte dheireanach i dtuaisceart Gaza as seirbhís, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Tá ranna tábhachtacha san ospidéal scriosta agus faoi thine i ndiaidh ionsaithe a rinne arm Iosrael, a deir gur “daingean na sceimhlitheoirí” atá san ospidéal. Tá 25 othar atá go dona tinn fós san fhoirgneamh, ach bogadh iad siúd nach bhfuil ach measartha tinn amach go láthair eile atá scriosta, otharlann a tógadh le hairgead ón Indinéis sa bhliain 2016 ach atá ina fothrach anois. Maraíodh cúigear iriseoirí in Gaza Déardaoin agus rinneadh aerionsaithe ar shúiomhanna in Éimin fosta.

Tá tíogar Sumatrach darb ainm Dao tagtha go Páirc Dhúlra Fhóite i gContae Chorcaí. Deirtear go bhfuil an tíogar, atá dhá bhliain d’aois, ag socrú isteach go maith agus go gcuirfear le chéile le tíogar baineann darb ainm Jambi é in iarracht an speiceas a chaomhnú. Tá tíogair Shumatracha ar an speiceas is lú de thíogar agus tá siad i mbaol a ndíothaithe ina ngnáthóg nádúrtha mar gheall ar dhífhoraoisiú agus ar phóitseáil. Tá níos lú ná 350 tíogar Sumatrach fágtha anois ach táthar ag súil go mbeidh coileáin ag Dao agus Jambi gan mhoill. Rugadh an tíogar Sumatrach deireanach i bPáirc Dhúlra Fhóite sa bhliain 2019 agus rugadh dhá choileán don tíogar sin i Zú Chester i Sasana ó shin. Go n-éirí go geal le Dao agus Jambi.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

tuairt - crash

ealta éan - a flock of birds

saoráid sláinte - health facility

daingean na sceimhlitheoirí - stronghold of terrorists

gnáthóg nádúrtha - natural habitat

coileán - cub

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
From Our Own Correspondent by BBC Radio 4

From Our Own Correspondent

365 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,337 Listeners

Documentary on One Podcast by RTÉ

Documentary on One Podcast

199 Listeners

Great Lives by BBC Radio 4

Great Lives

520 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

67 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

153 Listeners

The Irish Passport by The Irish Passport

The Irish Passport

331 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,801 Listeners

Off Menu with Ed Gamble and James Acaster by Plosive

Off Menu with Ed Gamble and James Acaster

2,777 Listeners

Shite Talk: An Irish History Podcast by HeadStuff Podcasts

Shite Talk: An Irish History Podcast

170 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

130 Listeners

heretics. by Andrew Gold

heretics.

614 Listeners

The Rest Is Entertainment by Goalhanger

The Rest Is Entertainment

951 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

16 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

5 Listeners