Nuacht Mhall

22 Feabhra 2022 (Baile Átha Cliath)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Dé Domhnaigh, vótálfaidh muintir na Gearmáine i dtoghchán ríthábhachtach a chinnfidh treo na tíre do na ceithre bliana amach romhainn agus a mbeidh tionchar suntasach aige ar thodhchaí polaitiúil na hEorpa. De réir pobalbhreithe táthar ag súil go méadóidh an páirtí fíordheis Alternative for Germany a sciar vótaí go mór. Gheall na páirtithe eile, áfach, nach rachaidh siad i gcomhrialtas leis an AfD. Ciallaíonn an 'balla dóiteáin' seo nach dócha go mbeidh an AfD in áit ar bith ach sa Fhreasúra. Tar éis thorthaí iomlána an toghcháin, meastar go mbeidh caibidlíocht ar siúl go ceann roinnt seachtainí agus na páirtithe ag iarraidh comhrialtas a bhunú.

Athraíodh saol ceathrar leanaí a rugadh dall mar gheall ar thriail thurgnamhach géinteiripe a d’fheabhsaigh a radharc. Dúirt an tOllamh James Bainbridge, máinlia na reitine ag Ospidéal Súl Moorfields, a chabhraigh leis an triail a stiúradh, go bhféadfadh an obráid seo difríocht mhór a dhéanamh d'fhorbairt na leanaí agus dá gcumas idirghníomhaithe le daoine eile. Cuireadh cóireáil ar shúil amháin an duine ar na leanaí (ar as na Stáit Aontaithe, an Tuirc agus an Túinéis iad) ar eagla go mbeadh aon éifeachtaí diúltacha ag an gcóireáil. Tugann na torthaí go dtí seo dóchas, áfach, go bhféadfadh buntáistí móra a bheith ag idirghabháil luath i gcoinníollacha súl géiniteacha óige.

Nocht an Éigipt an chéad tuama ríoga ársa ó tugadh Tutankhamun chun solais níos mó ná céad bliain ó shin. Is leis an Rí Thutmose II an tuama, rí den 18ú ríora a mhair beagnach 3,500 bliain ó shin, a thángthas air in aice le Gleann na Ríthe in Luxor i ndeisceart na hÉigipte. Cé go dtugann réamhstaidéir le fios gur athraíodh a inneachar san am ársa, rud a d'fhág an tuama gan aon mhumaí ná seoda cosúil le fionnachtain Tutankhamun, dúirt an Aireacht seaniarsmaí go bhfuil an fionnachtain "ar cheann de na fionnachtana is suntasaí seandálaíochta le blianta beaga anuas".

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

balla dóiteáin - firewall

caibidlíocht - negotiation

dall - blind

máinlia na reitine - retina surgeon

ríora - dynasty

fionnachtain - discovery

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
From Our Own Correspondent by BBC Radio 4

From Our Own Correspondent

368 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,333 Listeners

Documentary on One Podcast by RTÉ

Documentary on One Podcast

194 Listeners

Great Lives by BBC Radio 4

Great Lives

516 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

66 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

153 Listeners

The Irish Passport by The Irish Passport

The Irish Passport

332 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,799 Listeners

Off Menu with Ed Gamble and James Acaster by Plosive

Off Menu with Ed Gamble and James Acaster

2,768 Listeners

Shite Talk: An Irish History Podcast by HeadStuff Podcasts

Shite Talk: An Irish History Podcast

170 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

131 Listeners

heretics. by Andrew Gold

heretics.

613 Listeners

The Rest Is Entertainment by Goalhanger

The Rest Is Entertainment

937 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

16 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

5 Listeners