Nuacht Mhall

1 Márta 2025 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an chéad lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Dé hAoine, bhí argóint mhór phoiblí idir Volodymyr Zelenskyy, Uachtarán na hÚcráine, ar thaobh amháin, agus Donald Trump agus J.D. Vance, Uachtarán agus Leas-Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an taobh eile, san Oifig Ubhchruthach sa Teach Bán in Washington. Bhí Zelenskyy ann chun comhaontú a shíniú le Trump chun bealach isteach ar acmhainní mianra na hÚcráine a thabhairt do na Stáit Aontaithe, acht d’imigh sé gan réiteach tar éis na raice. Thosaigh siad ag
sáraíocht ar a chéile nuair a chuir Vance ina leith go raibh Zelenskyy ag cur dímheas orthu, agus chuaigh gach rud i gcúl ó shin; chuir Trump ina leith go raibh Zelenskyy ag dul sa seans leis an Tríú Cogadh Domhanda. Tharla an cruinniú i gcomhthéacs iarrachtaí Trump deireadh a chur leis an gcogadh
san Úcráin ar théarmaí i bhfad níos fearr don Rúis ná a bhí ar intinn ag an iar-rialtas Meiriceánach.

Tá Seachtain na Gaeilge ag tosnú inniu, agus leanfaidh sí ar aghaidh ar feadh seacht lá déag go dtí Lá Fhéile Pádraig. Beidh imeachtaí Gaelacha ar siúl ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Is deis iontach í an Ghaeilge a labhairt agus a chleachtadh. Tharla an seoladh náisiúnta i mbaile Loch Garman Dé
Sathairn seo caite, agus beidh Lá na gCiorcal Comhrá ar siúl ar fud na tíre Dé Céadaoin an dara lá déag, i measc go leor imeachtaí eile. Téigh ar líne go snag.ie le haghaidh tuilleadh eolais faoi Sheachtain na Gaeilge.

Tá na cúig phláinéad chlasaiceacha le feiceáil sa spéir tráthnónta an deiridh seachtaine seo, chomh maith le hÚránas agus Neiptiún, an uair dheireanach roimh 2040 a mbeidh siad uilig le feiceáil le chéile. Tá Satarn go han-íseal i mbreo an chlapsholais, fiche nó tríocha nóiméad tar éis luí na gréine; tá
Mearcair beagán níos airde, Veineas níos airde fós, agus an-gheal; agus níos faide sa spéir ó luí na gréine tá Iúpatar agus Mars, a bhfuil dath dearg soiléir air. Ní féidir Úránas agus Neiptiún a fheiceáil gan déshúiligh nó teileascóp, agus tá fíor na spéire glan de dhíth le haghaidh Satarn agus Mearcair, agus bheadh déshúiligh cuidiúil dóibh freisin. Tá na trí cinn eile éasca. Téigh ar line go www.skyandtelescope.com chun léarscáil díobh uilig a aimsiú, agus guíonn muid spéir ghlan ar gach duine.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phochraolta.

*

GLUAIS

ubhchruthach - oval

acmhainní mianra - mineral resources

seoladh - launch

breo an chlapsholais - the glow of twilight

déshúiligh - binoculars

fíor na spéire - horizon

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,326 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

148 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

20 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

136 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

82 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

33 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

14 Listeners