Nuacht Mhall

1 Feabhra 2025 (An Clár)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an chéad lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Tharla timpiste eitleáin in Washington oíche Dé Céadaoin nuair a bhuail eitleán paisinéirí le héileacaptar Black Hawk. Bhí an t-eitleán de chuid American Airlines ag teacht anuas chuig an rúidbhealach nuair a tharla an tuairt leis an héileacaptar. Thit an dá aerárthach isteach san abhainn Potomac agus cuireadh tús le misean cuardaigh agus tarrthála ar an bpointe. Mar sin féin, is cosúil nar tháinig duine ar bith de na 60 paisinéirí eitleáin nó den triúr saighdiúirí sa héileacaptar slán ón dtimpiste. Tá sé tagtha chun solais go raibh go leor scátálaithe fíoracha ar an eitleán ag teacht thar n-ais go Washington tar éis craobhchomórtais in Kansas. D’fhógair an Kremlin sa Rúis go raibh na hiarchuraidh domhanda Yevgenia Shishkova agus Vadim Naumov ar bord an eitleáin.

Tharla ócáidí comórtha ar fud an domhain dosna daoine a fuair bás agus a mhair tríd an Uileloscadh an tseachtain seo. Bhí an ócáid is mó ar siúl sa champa géibhinn in Auschwitz sa Pholainn. Saoradh an campa sin ar an 27 Eanáir 1945 agus mar gheall
air sin, bíonn Lá Comórtha an Uileloiscthe ar siúl ar an lá sin gach bliain. Fuair sé mhilliún Giúdach bás san Uileloscadh, chomh maith le daoine de mhionlaigh eitneacha eile, mar thoradh ar na coireanna in aghaidh na daonnachta déanta ag na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda. D’fhreastail an Taoiseach Micheál Martin ar an ócáid in Auschwitz agus réachtáladh ócáid chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath chomh maith inar thug an tUachtarán Michael D. Higgins óráid. Tharraing a óráid conspóid, áfach, nuair a rinne sé tagairt don scrios in Gaza faoi láthair.

Baineadh croitheadh as rialtas Mheiriceá agus as na comhlachtaí in Silicon Valley an tseachtain seo nuair a eisíodh samhail Intleachta Saorga nua sa tSín darb ainm DeepSeek. Is bota cómhrá é DeepSeek, cosúil le ChatGPT, agus tá saineolaithe ana-thógtha leis an dteicneolaíocht. Chuaigh an aip go barr na liostaí íoslódála, rud a chuir imní ar cheannairí teicneolaíochta i Meiriceá, toisc gur mhaígh DeepSeek gur
chruthaíodar an tsamhail go saor i comparáid le samhlacha Meiriceánacha ar nós OpenAI. Tá DeepSeek níos saoire mar ní úsáideann sé mórán sliseanna agus de bhrí na nuachta san, chaill an comhlacht sliseanna, Nvidia, $600 milliún Dé Luain
– an caillteanas margaidh is mó i stair na Stát Aontaithe. Léirigh an tUachtarán Trump a imní faoin dteicneolaíocht bíodh is gur cheiliúir rialtas na Síne an aip nua. Ach is léir nach bhfuil an Intleacht Shaorga so saor ón mbolscaireacht: nuair a chuir an BBC ceist air faoi na heachtraí i gCearnóg Tiananmen sa bhliain 1989, dúirt DeepSeek nach raibh sé ábalta an cheist a fhreagairt.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an aip ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

aerárthach - aircraft

scátálaithe fíoracha - figure skaters

an Uileloscadh - the Holocaust

coireanna in aghaidh na daonnachta - crimes against humanity

samhail - prototype

sliseanna - (computer) chips

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Documentary on One Podcast by RTÉ

Documentary on One Podcast

173 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,294 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

61 Listeners

Bitesize Irish Podcast by Bitesize Irish

Bitesize Irish Podcast

166 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

150 Listeners

The Irish Passport by The Irish Passport

The Irish Passport

317 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,747 Listeners

Daly Dose of Gaeilge by Clíodhna Ní Dhálaigh

Daly Dose of Gaeilge

8 Listeners

The Almanac of Ireland by RTÉ Radio 1

The Almanac of Ireland

83 Listeners

In The News by The Irish Times

In The News

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

9 Listeners

Path to Power by Matt Cooper & Ivan Yates

Path to Power

30 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

19 Listeners

Young Hot Guys by HeadStuff Podcasts

Young Hot Guys

30 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

3 Listeners