Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

By Conradh na Gaeilge i LondainEducationLanguage Learning
Download on the App Store

All Nuacht Mhall episodes

  • 12 Deireadh Fómhair 2024 (Ciarraí)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Bhailigh na mílte daoine le chéile chun comóradh a dhéanamh ar lá cuimhneacháin ar an 7ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, an lá a dhein Hamas ionsaí ar dhaoine in Iosrael a bhí ag freastal ar cheolchoirm Nova a bhí ar siúl i bhfásach Negev agus i gceantair eile. Maraíodh míle dhá chéad duine agus fuadaíodh os cionn dhá chéad agus a caoga duine agus tógadh iad isteach go Gaza. Bhí bigil faoi sholas coinnle, searmanas cuimhneacháin agus máirseáil ar siúl in Tel Aviv, Londain, Páras agus Beirlín agus áiteanna eile timpeall na cruinne. Idir an dá linn tá sé ina chogadh dearg i gcónaí. Tá bliain ann ó thosnaigh Iosrael an cogadh i gcoinne an ghrúpa mhíleata Hamas in Gaza. Tá ós cionn daichead míle Palaistíneach caillte ó thosnaigh an cogadh ag cur tús le tubaiste dhaonnúil le 2.2 milliún duine ruaigthe as an Stráice.
    Fuair seisear déag bás nuair a bhuail hairicín Milton, ar hairicín catagóir a trí é, isteach ar chósta Florida sna Stáit Aontaithe. Thosnaigh sé in Siesta Key agus bhog sé trasna na leithinse, ag cruthú daichead a cúig tornádó, gaoth láidir agus tuillte. Bhí os cionn dhá mhilliún teach agus gnólacht gan cumhacht. Tháinig roinnt daoine abhaile le fáil go raibh a dteach scriosta ag an hairicín. Ceaptar go mbeidh ardú ar an méid daoine a fhaigheann bás mar tá siad fós a n-athshlánú ón dtubaiste.  Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ag teacht go Florida chun cuairt a thabhairt ar na ceantair a buaileadh go dona.
    D'éirigh leis an chéad satailít a tógadh in Éirinn riamh dhá gháma-gha a aimsiú. Ba iad scoláirí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a thóg an tsatailít EIRSAT-1 agus a dhein dearadh agus tástáil air. An chéad lá de mhí na Nollag a deineadh lainseáil air ó Vandenbeg Aerfhórsa in California agus tá sé ar fhithis ó shin. I rith an ama seo tá os cionn ceithre mhíle fithis déanta aige ar an domhan agus thaistil sé dhá chéad milliún ciliméadar. Tá trí thurgnamh air agus ceann acu is ea an brathadóir gáma-gha. Tarlaíonn siad seo nuair a fhaigheann réalt bás nó nuair a bhuaileann dhá réalt i gcoinne a chéile. Is radaíocht leictreamaighnéadach iad na gáma-ghathanna nach féidir dul isteach go hatmaisféar an domhain agus sin an fáth go gcaithfear turgnamh a dhéanamh leis an tsatailít.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    lá cuimhneacháin - anniversary

    tubaiste dhaonnúil - humanitarian disaster

    hairicín - hurricane

    leithinis - peninsula

    brathadóir gáma-gha - gamma ray detector

    radaíocht leictreamaighnéadach - electromagnetic radiation

    6 min
  • 5 Deireadh Fómhair 2024 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Tháinig forleathnú ar an gcogadh sa Mheánoirthear an tseachtain seo. D’ionsaigh arm Iosrael deisceart na Liobáine Dé Máirt, agus Dé Céadaoin, theilg an Iaráin thart ar dhá chéad diúracán balaistíoch ar Iosrael. D’éirigh leis an gCruinneachán Iarainn, an córas cosanta in aghaidh diúracán atá ag Iosrael, an chuid is mó díobh a scriosadh, agus níor maraíodh éinne ar an talamh in Iosrael faoi ionsaí an Iaráin. Maraíodh níos mó ná dhá mhíle daoine sa Liobáin, áfach, dar leis an rialtas; ina measc fiche a hocht oibrí leighis i lá amháin, dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Aistríodh fiche a ceathair Éireannach agus a gcleithiúnaithe amach as an Liobáin Dé hAoine.

    Tá comhaontú déanta ag an Ríocht Aontaithe le Poblacht Oileán Mhuirís an tseachtain seo, chun seilbh agus ceannas Oileánra Chagos a thabhairt dóibh. Chuir an Ríocht Aontaithe ruaig ar mhuintir na n-oileán sna seascaidí agus seachtóidí, thart ar dhá mhíle duine, agus beidh ceart filleadh acusan, agus a gcuid sliochtach, faoin gcomhaontú. Beidh an Ríocht Aontaithe, agus na Stát Aontaithe, fós i gceannas ar an mbunáit mhíleata straitéiseach ar Diego Garcia, an t-oileán is mó san oileánra, go ceann nócha naoi bliain eile. Dúirt urlabhraí de chuid Chagossian Voices, eagraíocht phobail na n- oileánach, nach raibh seans acu bheith páirteach san idirbheartaíocht, agus d’éiligh said ról sa phróiseas i ndréachtú an chonartha fhoirmiúil.

    Tá an réalta eireabaill, nó cóiméad, Tsuchinshan-ATLAS ag teacht, den chéad uair ó ré na Sean-Chlochaoise ar domhan, agus tá réalteolaithe ag súil le ceann de na réaltaí eireabaill is gile le blianta anuas. Tá sé le feiceáil go híseal sa spéir roimh bhreacadh an lae agus é seo á scríobh; acht rachaidh sé trí pheirihéalean – an pointe is cóngaraí don ghrian ina fhithis – ar an dara lá déag den mhí seo. Ina dhiaidh sin bogfaidh sé go dtí an spéir tráthnóna, agus tá na saineolaithe ag tuar go mbeidh sé le feiceáil go breá geal sa spéir, le heireaball fada, tar éis luí na gréine an tseachtain i ndiaidh an dara lá déag.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    diúracán balaistíoch - ballistic missile

    cleithiúnaithe - dependents

    oileánra - archipelago

    sliochtach - descendent

    réalta eireabaill - comet

    fithis - orbit

    7 min
  • 28 Meán Fómhair 2024 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an 28ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    Tá córas cúram sláinte na Liobáine i ngéarchéim dar le hAire Sláinte na Liobáine, Dr Firass Abiad. Dúirt an Dochtúir Abiad gur maraíodh níos mó ná 40 oibrí cúram sláinte in “ionsaithe spriocdhírithe” an tseachtain seo, agus go bhfuil otharcharranna “dírithe ag míleata Iosrael agus iad ag déanamh a gcuid oibre”. Deir Benjamin Netanyahu nach gcuirfidh Iosrael ‘stad’ le hionsaithe ar Hezbollah in ainneoin glaonna sos cogaidh ón bhFrainc agus ó chomhghuaillithe eile agus geallann sé leanúint leis an Liobáin a bhualadh. Tá níos mó ná 27,000 duine tar éis teitheadh ón Liobáin le trí lá anuas - agus tá níos mó ná 70,000 duine díláithrithe go hinmheánach tar éis tearmann a ghlacadh i 500 scáthlán a bunaíodh ar fud na tíre, dúirt Aire Gnóthaí Baile na Liobáine.

    Tá reachtaíocht sínithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys chun cosc a chur ar mhadraí Bulaí XL tar éis roinnt ionsaithe tromchúiseacha. Tagann an toirmeasc i bhfeidhm in dhá chéim, ag tosú Dé Máirt seo chugainn nuair a bheidh sé in aghaidh an dlí madra Bulaí XL a allmhairiú, a phórú, a dhíol nó a athlonnú. Ansin, ón 1ú Feabhra 2025, beidh sé mídhleathach úinéireacht na madraí gan deimhniú díolúine. D'áitigh lucht agóide i gcoinne na ndlíthe nua go bhfuil a leithéid de reachtaíocht idirdhealaitheach i gcoinne úinéirí siosmaideacha agus a gcuid madraí, agus nach dtugann an cosc aghaidh ar úinéireacht neamhfhreagrach peataí.

    D’admhaigh zú Síneach gur “madraí péinteáilte” a bhí sna pandaí ina chuid foilseán. Thuig cuairteoirí ag Zú Shanwei gur cuireadh dallamullóg orthu nuair a thosaigh na pandaí, mar a thugtar orthu, ag tafann. Tá pandaí dúchasach don tSín agus is siombal idirnáisiúnta den tír iad. Tar éis do chuairteoirí an cleas a phoibliú ar na meáin shóisialta, d'admhaigh na heagraithe go raibh dhá chow chow péinteáilte acu - pór madraí clúmhach ó thuaisceart na Síne ó dhúchas - le marcálacha panda dubh agus bán. Ó shin i leith, d'éiligh cuairteoirí a gcuid airgid ar ais mar gheall ar an bhfógraíocht bhréagach.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an aip ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ionsaithe spriocdhírithe - targeted attacks

    otharcharranna - ambulances

    toirmeasc - prohibition

    díolúine - exemption

    cleas - trick

    pór - breed

    5 min
  • 21 Meán Fómhair 2024 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.


    Tharla an dara hiarracht ar Donald Trump a fheallmharú tráthnóna Dé Domhnaigh ar a chúrsa gailf in West Palm Beach. Bhí an t-amhrastach ag fanacht i dtoir an chúrsa gailf sula bhfaca Gníomhairí na Seirbhíse Rúnda é. Tá an t-amhrastach cúisithe as coireanna gunna cónaidhme agus d'fhéadfadh go mbeadh cúiseamh breise i gceist. Tá sé ina thacadóir glórach don Úcráin, tar éis dó a bheith faoi agallamh ag an BBC roimhe seo ar an ábhar agus ag rá go poiblí go raibh sé ag iarraidh saighdiúirí Afganastánacha a earcú chun bogadh go dtí an Úcráin. Tá leabhar ar an ábhar foilsithe aige ar Amazon freisin. Labhair Trump go poiblí an lá tar éis na hiarrachta feallmharaithe, ag moladh na Seirbhíse Rúnda as sár-jab a dhéanamh agus ag cur an mhilleáin faoin dá iarracht feallmharaithe ar “reitric” ó na Daonlathaigh a thug “baol don daonlathas”, dar le Trump.


    Bhí dhá bhabhta pléascanna sa Liobáin an tseachtain seo a bhain úsáid as gléasanna leictreonacha. Phléasc na mílte glaoirí agus siúlscéalaithe de chuid Hezbollah, maraíodh tríocha dó duine agus gortaíodh na mílte. Ní dhearna Iosrael trácht go sonrach ar na hionsaithe ach thug sé faoi deara níos luaithe an tseachtain seo go raibh sé ag dul isteach i “gcéim nua sa chogadh”, mar a bhog a chuid trúpaí ó thuaidh go dtí an teorainn idir Iosrael agus an Liobáin. Níl sé soiléir cé chomh díreach agus a phléasc na gléasanna, le roinnt ag éileamh go raibh insíothlú déanta ag Iosrael ar an gcóras déantúsaíochta chun pléascáin a phlandáil laistigh de na gléasanna sular shroich siad Hezbollah. Gheall Hezbollah, as a chuid féin, freagra a thabhairt.


    Cháin grúpa príomhoidí atá ag obair i mBaile Átha Cliath tuarascáil ón OECD a choimisiúnaigh an Roinn Oideachais chun feidhmíocht na hÉireann maidir le dul i ngleic le míbhuntáiste i scoileanna a mheas. Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil difríochtaí fós i dtorthaí idir scoileanna DEIS agus scoileanna eile agus daltaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Rud amháin a cháin na príomhoidí, áfach, ná go raibh an tuarascáil ag brath go príomha ar fhéintuairisciú na Roinne Oideachais, go raibh na moltaí gan samhlaíocht agus doiléir, agus nár tugadh cuairt ach ar shé scoil le linn tréimhse seachtaine sa bhliain fiche trí. Tá an grúpa ag iarraidh leibhéal nua tacaíochtaí deis a chur i bhfeidhm ag an roinn chun freastal ar riachtanais a gcuid scoileanna.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    feallmharú - assassination

    amhrastach - suspect

    coireanna gunna cónaidhme - federal gun crimes

    glaoirí agus siúlscéalaithe - pagers and walkie-talkies

    príomhoidí - head teachers/principals

    míbhuntáiste - disadvantage

    7 min
  • 14 Meán Fómhair 2024 (Ard Mhacha)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

    Bhí an chéad díospóireacht uachtaránachta agus b'fhéidir an t-aon díospóireacht amháin idir an Leas-Uachtarán Daonlathach Kamala Harris agus an t-iarrthóir Poblachtánach Donald Trump ar siúl tráthnóna Dé Máirt. Bhí Trump faoi bhrú le hionsaithe géara ar ghinmhilleadh, a oiriúnacht don oifig, agus a thrioblóidí dlíthiúla. Chuir Harris i leith Trump nach raibh sé ionraic agus ag pointe amháin, d'éiligh sí go bhfágann daoine cruinnithe feachtais Trump go luath "mar gheall ar thuirse agus leadrán". D'fhreagair Trump le "Tá na sluaite is mó agus is iontaí sa stair againn." Ba léir go raibh Kamala Harris ag iarraidh cur as do Trump agus d’éirigh léi agus bhí an chuma air go raibh frustrachas agus fearg air. Oíche mhaith a bhí ann do Kamala Harris agus tá díospóireacht eile iarrtha aici roimh an toghchán.

    Chuir Apple deireadh lena chath dlíthiúil i gcoinne rialú an Choimisiúin Eorpaigh, a shainigh gur íoc an comhlacht €13 billiún níos lú i gcáin ná mar ba cheart in Éirinn. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfabhar an Choimisiúin, ag athrú an bhreithiúnais roimhe sin ón Chúirt Íochtair. Tar éis rialú bunaidh an Choimisiúin, bhí ar Apple €13.1bn i gcánacha neamhíoctha móide €1.2bn in ús a íoc isteach i gcuntas neamhspleách tríú páirtí. Dhiúltaigh Apple agus Éire do thorthaí an choimisiúin agus dúirt siad nach bhfuair an comhlacht cóir speisialta ó Stát na hÉireann. Caithfidh an rialtas cinneadh a dhéanamh anois ar an bhealach is fearr leis an airgead seo a úsáid. 

    Tá lúthchleasaithe Fhoireann na hÉireann a ghlac páirt i gCluichí Parailimpeacha Pháras 2024 tagtha ar ais go hAerfort Bhaile Átha Cliath. Ghlac 35 lúthchleasaí páirt i naoi spórt agus bhuaigh siad sé bhonn: bonn óir amháin, trí bhonn airgid, agus dhá bhonn cré-umha. Chuir baill den lucht leanúna fáilte mhór abhaile roimh fhoireann na lúthchleasaithe. Bhí gliondar agus barróg ar na hiomaitheoirí agus iad ag teacht go hAerfort Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dé Luain. Dúirt an rothaí Katie George Dunlevy, a bhí ag caitheamh trí bhonn, go raibh sí “tuirseach ach ar bís” faoina héachtaí. Bhí Róisín Ní Riain, snámhaí, “an-sásta lena feidhmíocht” fosta.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    díospóireacht uachtaránachta - presidential debate

    ginmhilleadh - abortion

    cath dlíthiúil - legal battle

    cánacha neamhíoctha - unpaid taxes

    ús - interest (financial)

    feidhmíocht - performance

    6 min
  • 7 Meán Fómhair 2024 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an seachtú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin.


    Tar éis seacht mbliana de fhiosrúcháin, foilsíodh tuarascáil Dé Céadaoin faoin dtine thubaisteach i dTúr Grenfell in iarthar Londan. Dúirt an tuarascáil go raibh an locht ar an rialtas agus ar an earnáil tógála mar gheall ar bhlianta fada d'fhaillí. Chomh maith leis sin, cháin an
    tuarascáil na comhlachtaí tógála a chuir cumhdach inlasta ar éadan Thúr Grenfell agus a mhaígh nach raibh dainséar ar bith ag baint leis. Fuair 72 duine bás sa Túr ar an 14
    Meitheamh 2017 sa tine ba mheasa a tharla sa Ríocht Aontaithe ón nDara Cogadh Domhanda. Thosnaigh an tine mar gheall ar fhadhb leictreach i gcuisneoir ar an gceathrú urlár agus ansan scaip sí go tapa de bharr an chumhdaigh ar éadan an fhoirgnimh. Labhair Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, leis na daoine a tháinig slán as an dtubaiste agus le
    teaghlaigh na n-íospartach agus gheall sé go ndéanfadh an rialtas dianstaidéar ar an dtuarascáil agus ar na moltaí atá ann chun cinnte a dhéanamh nach dtarlódh tragóid eile dá
    léithéid aríst.
    Cé go raibh gliondar an domhain ar lucht leanúna Oasis an tseachtain seo caite nuair a d’fhógraíodar go mbeidh siad ag teacht le chéile aríst chun dul ar camchuairt, níor lean an
    lúchair sin do chuid maith dóibh siúd nuair a chuaigh na ticéid ar díol maidin Dé Sathairn. Bhí díol na dticéad á bhainistiú ag Ticketmaster agus ag an bpoiblitheoir ceolchoirmeacha MCD ach theip ar go leor daoine ticéid a fháil tar éis scuainí fada, fadhbanna teicniúla agus
    praghsanna arda nach raibh aon choinne acu leo. Mar shampla, dúradh roimh ré go mbeadh ticéid ar fháil ó €86 ach ó thús an díolacháin bhí sé deacair ticéad a fháil ar phraghas níos lú ná €400. Cháin an Tánaiste Mícheál Martin an straitéis phraghsála a bhí ag Ticketmaster agus tá seans ann go mbeidh fiosrúchán á dhéanamh ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí. Ach cibé rud go bhféadfadh teacht as an bhfiosrúchán san, is cosúil go mbeidh go leor daoine ag féachaint siar ar an ndeireadh seachtaine le fearg…
    Beidh Maratón Dhaingean Uí Chúis ar siúl in iarthar Leithinis Chorca Dhuibhne Dé Sathairn. Dé réir na n-eagraithe, níl maratón eile san oileán le radharcra níos áille ná an ceann so. Beidh maratón agus leathmharatón á rith ar an lá, agus tosnóidh an dá rás ag an Muiríne i nDaingean. Rachaidh na hiomaitheoirí siar i dtreo Cheann Trá agus ansin go Dún
    Chaoin. Críochnóidh an leathmharatón ansin ach ní hea an scéal céanna do na hiomaitheoirí sa mharatón – beidh orthusan leanúint ar aghaidh ó thuaidh trí Bhaile an Fheirtéaraigh agus iad ag rith in aghaidh na mala. Ach is fiú an cruatan mar beidh radharcra iontach rompu agus iad ag dul isteach go dtí an Daingean aríst. Beidh ball de chuid Chonradh na Gaeilge i Londain ag glacadh páirt sa mharatón, Aodhán Ó Cathail.

    "Is mise Aodhán Ó Cathail agus táim ag foghlaim Gaeilge i Londain le dhá bhliain go leith anois. Ag an deireadh seachtaine, rithfidh mé mo chéad mharatón sa Daingean i gContae Chiarraí. Tá súil agam go mbeidh gach rud go maith, agus táim ag tnúth go mór leis. Le cúnamh Dé piocfaidh mé suas cúpla focal ar an mbealach."


    Go n-éirí an t-ádh le hAodhán ag an ndeireadh seachtaine.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    faillí - neglect, negligence

    cumhdach - cladding

    camchuairt - tour

    straitéis phraghsála - pricing strategy

    radharcra - scenery

    in aghaidh na mala - against the slope

    8 min
  • 31 Lúnasa 2024 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. 

    Chuir Fórsaí Iosraelacha tús le hionsaithe sa Bhruach Thiar faoi fhorghabháil le linn na seachtaine, agus mar gheall orthu tá díghéarú á lorg ag na Náisiúin Aontaithe. Dúirt na Fórsaí Iosraelacha gur oibríocht fhrithsceimhlitheoireachta a bhí ann agus, Déardaoin, gur maraíodh dháréag i gcathracha Jenin agus Tulkarm, agus ceathrar in Far’a. D’éiligh Ard-Rúnaí na Náisiúin Aontaithe, Antonio Guterres, ar Iosrael stad a chur leis an oibríocht láithreach bonn, agus go raibh Iosrael ag fadú an achrainn i gcás pléascach. D’áitigh sé ar na fórsaí Iosraelacha ard-ghuaim a choinneáil orthu féin agus gan úsáid a bhaint as fórsa marfach gan riachtanais. 

    In Éirinn Dé Céadaoin, fuair beagnach 57,000 iarrthóir tairiscint choláiste ón LárOifig Iontrála. Ag Léibéal 8 sa Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, tháinig méadú pointí ar níos mó ná 40% de na cúrsaí, ach ardú beag atá i gceist – níos lú ná 5% i mórchuid de na cúrsaí. Fuair 56% de na hiarrthóirí a fuair iarratas áit ar an chúrsa arbh fhearr leo, agus fuair ceathrar as cúigear iarratas ó cheann de na trí chúrsa arbh fhearr leo. Ní bheidh ach seal ag iarrthóir chun glacadh le hiarratas agus an spriocdháta ag druidim leo Dé Máirt, an tríú lá de mhí Mheán Fómhair.

    Cuireadh tús leis na Cluichí Parailimpeacha oíche Dé Céadaoin agus 4,400 lúthchleasaí ar shlí an Champs-Elysees go Place de la Concorde i bPáras. Dúirt eagraithe go mbeadh thart fá 65,000 duine i lucht féachana an tsearmanais. Taispeántas cumhachtach a bhí ann. Thosaigh na cluichí iad féin Déardaoin. Is é an chéad uair ar tharla Cluichí Parailimpeacha an tsamhraidh sa Fhrainc. Tá 549 bonn le bronnadh i 22 imeacht parailimpeach, le linn 11 lá. Tríocha cúig lúthchleasaí atá ar scuad na hÉireann, i measc toscaireacht de 184 duine, agus bonn airgid amháin bronnta ar fhoireann na hÉireann go dtí seo.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    an Bruach Thiar faoi fhorghabháil - the occupied West Bank

    oibríocht frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism operation

    LárOifig Iontrála - Central Applications Office

    an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí - National Framework of Qualifications

    scuad - squad

    toscaireacht - delegation


    6 min
  • 24 Lúnasa 2024 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Tá ionchúisitheoirí san Iodáil ag smaointiú ar chúisimh dúnorgana maidir le bás seachtair nuair a chuaigh an t-oll-luamh Bayesian go tóin poill amach ó chósta na Sicile Dé Luain. I measc na marbh tá Mike Lynch, Sasanach de bhunús

    Éireannach a bhunaigh an comhlacht idirnáisiúnta teicneolaíochta Autonomy. Bhí Lynch ag ceiliúradh go bhfuarthas neamhchiontach é i gcúisimh calaoise sna Stáit Aontaithe. Tháinig a bhean chéile slán ón tubaiste ach cailleadh iníon dá gcuid.  Comhtharlú tragóideach ab ea é
    nuair a maraíodh a chomhchosantóir sa chás calaoise, Stephen Chamberlain, i dtimpiste bóthair, roinnt uaireanta i ndiaidh don long dul go tóin poill. Tá sé ráite ag póilíní i Sasana nach raibh cúinsí amhrasacha bainte le bás Chamberlain.

    Bhí comhdháil náisiúnta an Pháirtí Dhaonlathaigh ar siúl i Siceágó an tseachtain seo, agus ghlac Kamala Harris leis an ainmniúchán le dul san iomaíocht i gcoinne Donald Trump i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá ag deireadh na bliana. Cháin sí Trump in óráid Déardaoin inar leag sí amach a fís don uachtaránacht. Tharla seo i ndiaidh seachtain d’óráidí móra tugtha ag leithéidí Joe Biden, Barack Obama,

    Michelle Obama, Hillary Clinton agus Tim Walz, gobharnóir Minnesota, a bheidh ag seasamh le Harris sa toghchán. Tá ag éirí níos fearr leis an Pháirtí Daonlathach sna pobalbhreitheanna ó shocraigh Biden ar éirí as an bealach a
    fhágáil do Harris.

    Tá tús curtha le trialacha an chéad vacsaín riamh in aghaidh ailse scamhóg. Deirtear go dtiocfadh leat an vacsaín nua a bheith “ceannródaíoch” sa troid i gcoinne an ghalair, an chúis bháis is mó i measc na gcineálacha ailse. Tá an triail ar

    siúl sa Ríocht Aontaithe, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin, san Ungáir, sa Pholainn, sa Spáinn agus sa Tuirc agus táthar ag súil go mbeidh freagairt imdhíonachta níos fearr ag othair gan dochar ar bith a dhéanamh, rud a tharlaíonn le leithéidí ceimiteiripe. Ba é Janusz Racz as Londain an chéad duine chun an vacsaín a fháil, agus é ag rá go bhfuil sé ag súil le Maratón Londan a rith nuair a bheidh biseach air.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cúisimh dúnorgana - manslaughter charges

    oll-luamh - superyacht

    calaois - fraud

    cúinsí amhrasacha - suspicious circumstances

    ailse scamhóg - lung cancer

    freagairt imdhíonachta - immunity response

    5 min
  • 17 Lúnasa 2025 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an seachtú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Bhí na Cluichí Oilimpeacha ba ráthúla riamh ag foireann na hÉireann i bPáras i mbliana, 100 bliain ón chéad uair a ghlac siad páirt sa chomórtas, agus sa chathair chéanna. D’fhill an fhoireann abhaile Dé Luain, chuig fáiltiú leis na mílte daoine ar Sráid Uí Chonaill. Bronnadh seacht mbonn san iomlán ar fhoireann na hÉireann i mbliana, ceithre bhonn óir agu trí bhonn cré-umha. Bhuaigh Daniel Wiffen dhá bhonn sa snámh saorstíle agus bhris sé curiarracht Oilimpeach sa mhír 800m. Bhuaigh Kellie Harrington a dara bonn óir sa dornálaíocht. Bhí ceiliúradh ollmhór ar son Rhasidat Adeleke freisin, nach bhuaigh bonn ach a fuair an ceathrú háit sa rás 400m, agus ise an chéad bean riamh chun áit a fháil i mbabhta ceannais ráibe Oilimpigh ar son na hÉireann.

    D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte éigeandáil sláinte phoiblí idirnáisiúnta maidir le mpox clade 1, ar a dtugadh monkey pox roimhe seo. Tharla ráig den ghalar i roinnt ceantar timpeall ilchríoch na hAfraice, an ceann is mó díobh i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, inar bhásaigh 450 daoine ar a laghad. Tá an t-athraitheach seo difriúil ó mpox clade 2, a chonacthas in 2022, tá imní ann maidir le scaipeadh níos tapúla agus torthaí níos measa. Rinneadh taifead den chéad chás den ghalar lasmuigh den Afraic sa tSualainn le linn na seachtaine. Dúirt príomhoifigeach an EDS go bhfuil “freagairt chomhordaithe idirnáisiúnta” riachtanach chun stop a chur leis an ngalar.

    Bhí an oscailt ba mhó riamh ag scannán Gaeilge ag “Kneecap” an deireadh seachtaine seo caite. Stiúrtha le Rich Peppiatt, is scéal leath-ficsin é faoi rath an bhanna ceoil Kneecap, leis an triúr sa bhanna ag déanamh rólanna a gcarachtar féín. D’oscail an scannán ag uimhir a trí i liosta Dhíoloifig na hÉirean, ag tuilleadh timpeall €292,000 trasna an oileáin lastuigh den deireadh seachtaine. Roghnaíodh an scannán le hionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann sa chatagóir Príomhscannán Idirnáisiúnta ag na Oscars an bhliain seo chughainn. Tagann an t-ainmniúchán seo i dteannta réimse moltaí eile ón gcéad taispeáínt den scannán ag Féile Scannán Sundance i mí Eanair, ag ar bhuaigh siad duais an lucht féachana.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    curiarracht Oilimpeach - Olympic record

    an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - the World Health Organisation

    ráig - outbreak

    athraitheach - variant

    scéal leath-ficsin - semifictional story

    ainmniúchán - nomination

    7 min
  • 10 Lúnasa 2024 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an deichiú lá de mhí Lúnasa. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Deir úinéir ollmhargadh den Mheánoirthear ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste nach bhfuil an dara rogha aige ach an siopa a dhúnadh de dheasca an achrainn oíche Dé Máirt sa chathair. Tá Moustafa Wartty ina chónaí i Sasana ó bhí 2002 ann ach tá gnólachtaí aige i mBéal Feirste. Ionsaíodh a ollmhargadh ar Bhóthar na bhFál i ndiaidh do ghrúpa mór daoine óga toiseacht ag caitheamh uibheacha. Fágadh mionghortuithe aghaidhe ar dhéagóir a bhí bainte leis an ionsaí, a bhfuil na póilíní ag caitheamh leis mar eachtra fuatha. Dúirt an tUasal Wartty go ndearnadh ionsaí ar an tsiopa fosta, a dhúnfar ag an deireadh seachtaine, i mí Eanáir agus i mí Feabhra na bliana seo. “Ba mhaith linn an fhoireann, ár gcustaiméirí agus muid féin a shábháil ón bhaol agus ní mór dúinn an siopa a dhúnadh mar gheall ar an ionsaí,” a dúirt sé leis an Nolan Show ar BBC Raidió Uladh.

    "Ní hé seo an chéad uair a tharla eachtra mar seo, ná an dara huair," a dúirt sé.

    Oíche mhór a bhí ann do lucht leanta na dornálaíochta agus an spóirt in Éirinn an tseachtain seo nuair a bhuaigh Katie Harrington an bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair as a chéile. Fuair an dornálaí as Rae Portland san ardchathair an ceann is fearr ar Yang Wenlu na Síne i mbabhta ceannais rannóg 60kg na mban Dé Máirt ar chúirt Philippe‑Chatrier i staid Roland Garros. Fiú roimh a bua stairiúil anocht bhí gaisce déanta ag Harrington agus í ar an chéad lúthchleasaí mná as Éirinn a bhuaigh bonn ag níos mó ná Cluichí Oilimpeacha amháin. Bhí smacht ag Harrington ar chúrsaí ó thús na troda agus nuair a fógraíodh a bua stairiúil thug sí tamall ag damhsa san fháinne mar cheiliúradh agus a lucht tacaíochta imithe le báiní timpeall uirthi  in Roland Garros. Craoladh an troid beo ar scáileán mór i bPáirc an Diamaint, agus slua mór bailithe chun féachaint ar a laoch, an seaimpín Oilimpeach, agus í ag iarraidh an beart a dhéanamh arís.

    Tá triúr fear curtha i bpríosúin, i ndiaidh dóibh admháil go raibh siad páirteach i gcíréibeacha in Southport agus i Learpholl sna laethanta i ndiaidh márú triúr cailíní. Chuaigh corraíl fhorleathan i bhfeidhm ar bhailte agus ar chathracha Shasana ó maraíodh Bebe King, Elsie Dot Stancombe agus Alice da Silva Aguiar ar an 29 Iúil. Gearradh téarma trí bliana ar Derek Drummond, 58, as dorn a bhualadh ar phóilín le linn foréigin in Southport. Gearradh dhá bhliain agus cúig mhí i bpríosún ar Declan Geiran, 29, mar gheall ar achrann foréigneach agus feithicil póilíneachta a chur trí thine, agus gearradh bliain go leith i bpríosún ar Liam James Riley, 40 bliain d’aois, as achrann foréigneach agus iompar maslach ciníoch. Tharla an chorraíl, a chonacthas i mbailte agus i gcathracha ar fud Sasana, i ndiaidh faisnéis mhícheart a scaipeadh ar líne a thug le tuiscint gur iarrthóir tearmainn a bhí faoi amhras maidir le hionsaí scian Southport.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    mionghortuithe aghaidhe - minor face injuries

    eachtra fuatha - hate incident

    bua stairiúil - historic victory

    imithe le báiní - going crazy

    achrann foréigneach - violent disorder

    iompar maslach ciníoch - offensive racist behaviour

    6 min