Nuacht Mhall

28 Meán Fómhair 2024 (Baile Átha Cliath)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 28ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Tá córas cúram sláinte na Liobáine i ngéarchéim dar le hAire Sláinte na Liobáine, Dr Firass Abiad. Dúirt an Dochtúir Abiad gur maraíodh níos mó ná 40 oibrí cúram sláinte in “ionsaithe spriocdhírithe” an tseachtain seo, agus go bhfuil otharcharranna “dírithe ag míleata Iosrael agus iad ag déanamh a gcuid oibre”. Deir Benjamin Netanyahu nach gcuirfidh Iosrael ‘stad’ le hionsaithe ar Hezbollah in ainneoin glaonna sos cogaidh ón bhFrainc agus ó chomhghuaillithe eile agus geallann sé leanúint leis an Liobáin a bhualadh. Tá níos mó ná 27,000 duine tar éis teitheadh ón Liobáin le trí lá anuas - agus tá níos mó ná 70,000 duine díláithrithe go hinmheánach tar éis tearmann a ghlacadh i 500 scáthlán a bunaíodh ar fud na tíre, dúirt Aire Gnóthaí Baile na Liobáine.

Tá reachtaíocht sínithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys chun cosc a chur ar mhadraí Bulaí XL tar éis roinnt ionsaithe tromchúiseacha. Tagann an toirmeasc i bhfeidhm in dhá chéim, ag tosú Dé Máirt seo chugainn nuair a bheidh sé in aghaidh an dlí madra Bulaí XL a allmhairiú, a phórú, a dhíol nó a athlonnú. Ansin, ón 1ú Feabhra 2025, beidh sé mídhleathach úinéireacht na madraí gan deimhniú díolúine. D'áitigh lucht agóide i gcoinne na ndlíthe nua go bhfuil a leithéid de reachtaíocht idirdhealaitheach i gcoinne úinéirí siosmaideacha agus a gcuid madraí, agus nach dtugann an cosc aghaidh ar úinéireacht neamhfhreagrach peataí.

D’admhaigh zú Síneach gur “madraí péinteáilte” a bhí sna pandaí ina chuid foilseán. Thuig cuairteoirí ag Zú Shanwei gur cuireadh dallamullóg orthu nuair a thosaigh na pandaí, mar a thugtar orthu, ag tafann. Tá pandaí dúchasach don tSín agus is siombal idirnáisiúnta den tír iad. Tar éis do chuairteoirí an cleas a phoibliú ar na meáin shóisialta, d'admhaigh na heagraithe go raibh dhá chow chow péinteáilte acu - pór madraí clúmhach ó thuaisceart na Síne ó dhúchas - le marcálacha panda dubh agus bán. Ó shin i leith, d'éiligh cuairteoirí a gcuid airgid ar ais mar gheall ar an bhfógraíocht bhréagach.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an aip ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ionsaithe spriocdhírithe - targeted attacks

otharcharranna - ambulances

toirmeasc - prohibition

díolúine - exemption

cleas - trick

pór - breed

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,345 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

22 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

137 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

93 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners