Nuacht Mhall

5 Deireadh Fómhair 2024 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Tháinig forleathnú ar an gcogadh sa Mheánoirthear an tseachtain seo. D’ionsaigh arm Iosrael deisceart na Liobáine Dé Máirt, agus Dé Céadaoin, theilg an Iaráin thart ar dhá chéad diúracán balaistíoch ar Iosrael. D’éirigh leis an gCruinneachán Iarainn, an córas cosanta in aghaidh diúracán atá ag Iosrael, an chuid is mó díobh a scriosadh, agus níor maraíodh éinne ar an talamh in Iosrael faoi ionsaí an Iaráin. Maraíodh níos mó ná dhá mhíle daoine sa Liobáin, áfach, dar leis an rialtas; ina measc fiche a hocht oibrí leighis i lá amháin, dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Aistríodh fiche a ceathair Éireannach agus a gcleithiúnaithe amach as an Liobáin Dé hAoine.

Tá comhaontú déanta ag an Ríocht Aontaithe le Poblacht Oileán Mhuirís an tseachtain seo, chun seilbh agus ceannas Oileánra Chagos a thabhairt dóibh. Chuir an Ríocht Aontaithe ruaig ar mhuintir na n-oileán sna seascaidí agus seachtóidí, thart ar dhá mhíle duine, agus beidh ceart filleadh acusan, agus a gcuid sliochtach, faoin gcomhaontú. Beidh an Ríocht Aontaithe, agus na Stát Aontaithe, fós i gceannas ar an mbunáit mhíleata straitéiseach ar Diego Garcia, an t-oileán is mó san oileánra, go ceann nócha naoi bliain eile. Dúirt urlabhraí de chuid Chagossian Voices, eagraíocht phobail na n- oileánach, nach raibh seans acu bheith páirteach san idirbheartaíocht, agus d’éiligh said ról sa phróiseas i ndréachtú an chonartha fhoirmiúil.

Tá an réalta eireabaill, nó cóiméad, Tsuchinshan-ATLAS ag teacht, den chéad uair ó ré na Sean-Chlochaoise ar domhan, agus tá réalteolaithe ag súil le ceann de na réaltaí eireabaill is gile le blianta anuas. Tá sé le feiceáil go híseal sa spéir roimh bhreacadh an lae agus é seo á scríobh; acht rachaidh sé trí pheirihéalean – an pointe is cóngaraí don ghrian ina fhithis – ar an dara lá déag den mhí seo. Ina dhiaidh sin bogfaidh sé go dtí an spéir tráthnóna, agus tá na saineolaithe ag tuar go mbeidh sé le feiceáil go breá geal sa spéir, le heireaball fada, tar éis luí na gréine an tseachtain i ndiaidh an dara lá déag.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

diúracán balaistíoch - ballistic missile

cleithiúnaithe - dependents

oileánra - archipelago

sliochtach - descendent

réalta eireabaill - comet

fithis - orbit

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,326 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

148 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

20 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

136 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

82 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

33 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

14 Listeners