Nuacht Mhall

31 Lúnasa 2024 (Dún na nGall)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. 

Chuir Fórsaí Iosraelacha tús le hionsaithe sa Bhruach Thiar faoi fhorghabháil le linn na seachtaine, agus mar gheall orthu tá díghéarú á lorg ag na Náisiúin Aontaithe. Dúirt na Fórsaí Iosraelacha gur oibríocht fhrithsceimhlitheoireachta a bhí ann agus, Déardaoin, gur maraíodh dháréag i gcathracha Jenin agus Tulkarm, agus ceathrar in Far’a. D’éiligh Ard-Rúnaí na Náisiúin Aontaithe, Antonio Guterres, ar Iosrael stad a chur leis an oibríocht láithreach bonn, agus go raibh Iosrael ag fadú an achrainn i gcás pléascach. D’áitigh sé ar na fórsaí Iosraelacha ard-ghuaim a choinneáil orthu féin agus gan úsáid a bhaint as fórsa marfach gan riachtanais. 

In Éirinn Dé Céadaoin, fuair beagnach 57,000 iarrthóir tairiscint choláiste ón LárOifig Iontrála. Ag Léibéal 8 sa Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, tháinig méadú pointí ar níos mó ná 40% de na cúrsaí, ach ardú beag atá i gceist – níos lú ná 5% i mórchuid de na cúrsaí. Fuair 56% de na hiarrthóirí a fuair iarratas áit ar an chúrsa arbh fhearr leo, agus fuair ceathrar as cúigear iarratas ó cheann de na trí chúrsa arbh fhearr leo. Ní bheidh ach seal ag iarrthóir chun glacadh le hiarratas agus an spriocdháta ag druidim leo Dé Máirt, an tríú lá de mhí Mheán Fómhair.

Cuireadh tús leis na Cluichí Parailimpeacha oíche Dé Céadaoin agus 4,400 lúthchleasaí ar shlí an Champs-Elysees go Place de la Concorde i bPáras. Dúirt eagraithe go mbeadh thart fá 65,000 duine i lucht féachana an tsearmanais. Taispeántas cumhachtach a bhí ann. Thosaigh na cluichí iad féin Déardaoin. Is é an chéad uair ar tharla Cluichí Parailimpeacha an tsamhraidh sa Fhrainc. Tá 549 bonn le bronnadh i 22 imeacht parailimpeach, le linn 11 lá. Tríocha cúig lúthchleasaí atá ar scuad na hÉireann, i measc toscaireacht de 184 duine, agus bonn airgid amháin bronnta ar fhoireann na hÉireann go dtí seo.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

an Bruach Thiar faoi fhorghabháil - the occupied West Bank

oibríocht frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism operation

LárOifig Iontrála - Central Applications Office

an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí - National Framework of Qualifications

scuad - squad

toscaireacht - delegation


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,325 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

62 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

148 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

20 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

136 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

82 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

33 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

11 Listeners