Nuacht Mhall

12 Deireadh Fómhair 2024 (Ciarraí)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Bhailigh na mílte daoine le chéile chun comóradh a dhéanamh ar lá cuimhneacháin ar an 7ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, an lá a dhein Hamas ionsaí ar dhaoine in Iosrael a bhí ag freastal ar cheolchoirm Nova a bhí ar siúl i bhfásach Negev agus i gceantair eile. Maraíodh míle dhá chéad duine agus fuadaíodh os cionn dhá chéad agus a caoga duine agus tógadh iad isteach go Gaza. Bhí bigil faoi sholas coinnle, searmanas cuimhneacháin agus máirseáil ar siúl in Tel Aviv, Londain, Páras agus Beirlín agus áiteanna eile timpeall na cruinne. Idir an dá linn tá sé ina chogadh dearg i gcónaí. Tá bliain ann ó thosnaigh Iosrael an cogadh i gcoinne an ghrúpa mhíleata Hamas in Gaza. Tá ós cionn daichead míle Palaistíneach caillte ó thosnaigh an cogadh ag cur tús le tubaiste dhaonnúil le 2.2 milliún duine ruaigthe as an Stráice.
Fuair seisear déag bás nuair a bhuail hairicín Milton, ar hairicín catagóir a trí é, isteach ar chósta Florida sna Stáit Aontaithe. Thosnaigh sé in Siesta Key agus bhog sé trasna na leithinse, ag cruthú daichead a cúig tornádó, gaoth láidir agus tuillte. Bhí os cionn dhá mhilliún teach agus gnólacht gan cumhacht. Tháinig roinnt daoine abhaile le fáil go raibh a dteach scriosta ag an hairicín. Ceaptar go mbeidh ardú ar an méid daoine a fhaigheann bás mar tá siad fós a n-athshlánú ón dtubaiste.  Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ag teacht go Florida chun cuairt a thabhairt ar na ceantair a buaileadh go dona.
D'éirigh leis an chéad satailít a tógadh in Éirinn riamh dhá gháma-gha a aimsiú. Ba iad scoláirí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a thóg an tsatailít EIRSAT-1 agus a dhein dearadh agus tástáil air. An chéad lá de mhí na Nollag a deineadh lainseáil air ó Vandenbeg Aerfhórsa in California agus tá sé ar fhithis ó shin. I rith an ama seo tá os cionn ceithre mhíle fithis déanta aige ar an domhan agus thaistil sé dhá chéad milliún ciliméadar. Tá trí thurgnamh air agus ceann acu is ea an brathadóir gáma-gha. Tarlaíonn siad seo nuair a fhaigheann réalt bás nó nuair a bhuaileann dhá réalt i gcoinne a chéile. Is radaíocht leictreamaighnéadach iad na gáma-ghathanna nach féidir dul isteach go hatmaisféar an domhain agus sin an fáth go gcaithfear turgnamh a dhéanamh leis an tsatailít.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

lá cuimhneacháin - anniversary

tubaiste dhaonnúil - humanitarian disaster

hairicín - hurricane

leithinis - peninsula

brathadóir gáma-gha - gamma ray detector

radaíocht leictreamaighnéadach - electromagnetic radiation

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,326 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

148 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

20 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

136 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

82 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

33 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

14 Listeners