Nuacht Mhall

21 Meán Fómhair 2024 (Luimneach)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.


Tharla an dara hiarracht ar Donald Trump a fheallmharú tráthnóna Dé Domhnaigh ar a chúrsa gailf in West Palm Beach. Bhí an t-amhrastach ag fanacht i dtoir an chúrsa gailf sula bhfaca Gníomhairí na Seirbhíse Rúnda é. Tá an t-amhrastach cúisithe as coireanna gunna cónaidhme agus d'fhéadfadh go mbeadh cúiseamh breise i gceist. Tá sé ina thacadóir glórach don Úcráin, tar éis dó a bheith faoi agallamh ag an BBC roimhe seo ar an ábhar agus ag rá go poiblí go raibh sé ag iarraidh saighdiúirí Afganastánacha a earcú chun bogadh go dtí an Úcráin. Tá leabhar ar an ábhar foilsithe aige ar Amazon freisin. Labhair Trump go poiblí an lá tar éis na hiarrachta feallmharaithe, ag moladh na Seirbhíse Rúnda as sár-jab a dhéanamh agus ag cur an mhilleáin faoin dá iarracht feallmharaithe ar “reitric” ó na Daonlathaigh a thug “baol don daonlathas”, dar le Trump.


Bhí dhá bhabhta pléascanna sa Liobáin an tseachtain seo a bhain úsáid as gléasanna leictreonacha. Phléasc na mílte glaoirí agus siúlscéalaithe de chuid Hezbollah, maraíodh tríocha dó duine agus gortaíodh na mílte. Ní dhearna Iosrael trácht go sonrach ar na hionsaithe ach thug sé faoi deara níos luaithe an tseachtain seo go raibh sé ag dul isteach i “gcéim nua sa chogadh”, mar a bhog a chuid trúpaí ó thuaidh go dtí an teorainn idir Iosrael agus an Liobáin. Níl sé soiléir cé chomh díreach agus a phléasc na gléasanna, le roinnt ag éileamh go raibh insíothlú déanta ag Iosrael ar an gcóras déantúsaíochta chun pléascáin a phlandáil laistigh de na gléasanna sular shroich siad Hezbollah. Gheall Hezbollah, as a chuid féin, freagra a thabhairt.


Cháin grúpa príomhoidí atá ag obair i mBaile Átha Cliath tuarascáil ón OECD a choimisiúnaigh an Roinn Oideachais chun feidhmíocht na hÉireann maidir le dul i ngleic le míbhuntáiste i scoileanna a mheas. Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil difríochtaí fós i dtorthaí idir scoileanna DEIS agus scoileanna eile agus daltaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Rud amháin a cháin na príomhoidí, áfach, ná go raibh an tuarascáil ag brath go príomha ar fhéintuairisciú na Roinne Oideachais, go raibh na moltaí gan samhlaíocht agus doiléir, agus nár tugadh cuairt ach ar shé scoil le linn tréimhse seachtaine sa bhliain fiche trí. Tá an grúpa ag iarraidh leibhéal nua tacaíochtaí deis a chur i bhfeidhm ag an roinn chun freastal ar riachtanais a gcuid scoileanna.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

feallmharú - assassination

amhrastach - suspect

coireanna gunna cónaidhme - federal gun crimes

glaoirí agus siúlscéalaithe - pagers and walkie-talkies

príomhoidí - head teachers/principals

míbhuntáiste - disadvantage

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,326 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

148 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

20 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

136 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

82 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

33 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

14 Listeners