Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

By Conradh na Gaeilge i LondainEducationLanguage Learning
Download on the App Store

All Nuacht Mhall episodes

  • 10 Bealtaine 2025 (Maigh Eo)

    Inniu an deichiú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Toghadh Robert Prevost mar Pápa Leo a Ceathair Déag, ag an gceathrú vóta de chomhthionóil na gcairdinéal sa Séipéal Sistíneach sa Róimh Déardaoin. Is eisean an dá chéad seachtó seachtú Pápa ó Pheadar. Is as Chicago dó, an chéad Phápa as na Stáit Aontaithe, agus chaith sé cuid mhór dá shaol i bPeiriú. Rinne an Pápa Proinsias easpag de in 2014, agus cairdinéal de in 2023. Nuair a fógraíodh é tar éis an toghcháin, labhair sé in Iodáilís, in Spáinnís, agus i Laidin. Tá leid i rogha a ainm phápaigh go mbeidh an ceartas sóisialta ina théama tábhachtach dá phápacht. Tá cáil ar an bPápa Leo deireanach, a Trí Déag, as a imlitir Rerum Novarum, a chuir cearta an lucht oibre go lárnach i dteagasc na heaglaise Rómánaí.

    Tá cluiche ceannais camógaíochta na Mumhan idir Corcaigh agus Port Láirge curtha siar ag Camógaíocht na Mumhan, mar tá an dá fhoireann ag diúltú scórtaí a chaitheamh. Bhi agóid eile faoin cheist an deireadh seachtaine seo caite, nuair a d’fheistigh foirne Bhaile Átha Cliath agus Chill Cheannaigh chun cluiche ag caitheamh brístí gearra, acht bhí orthu na bristí gearra a athrú go scórtaí sular cuireadh tús leis an gcluiche. An babhta seo tá na himreoirí uilig go soiléir nach nglacfaidh siad leis na scórtaí in aon chur. Beidh comhdháil speisialta ag an gCumann Camógaíochta ar an dara lá is fiche den mhí seo, chun riail na scórtaí éigeantacha a phlé.

    Bhuaigh Zhao Xintong craobh an domhain sa snúcar in Amharclann an Bhreogáin in Sheffield Dé Luain, an chéad bhuaiteoir ón tSín riamh. Bhuaigh sé ocht bhfráma dhéag in aghaidh a dó dhéag i gcoinne Mark Williams, iarchuradh ón mBreatain Bheag, sa chluiche ceannais; agus bhuaigh sé ar Ronnie O’Sullivan, duine de na himreoirí snúcair is fearr riamh, le seisiún le spáráil sa chluiche leathcheannais. Dar le máthair Zhao, toisc nach raibh sé ró-ard nuair a raibh sé ina ghasúr, bhí nós aige cleachtadh ag caitheamh scataí rollála, mar gheall ar na horlaí breise a thug siad dó.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ceartas sóisialta - social justice

    imlitir - circular (letter)

    scórtaí - skorts

    Amharclann an Bhreogáin - the Crucible Theatre

    iarchuradh - former champion

    scataí rollála - roller skates

    7 min
  • 3 Bealtaine 2025 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. 

    Sa Spáinn, leantar le himscrúduithe ar cad ba chúis le gearradh cumhachta tubaisteach an tseachtain seo, ceann de na bristeacha leictreachais is mó san Eoraip riamh. De réir anailísithe, thit an mhinicíocht ar eangach leictreachais na Spáinne go tobann, rud a chuir tús le múchadh go leor stáisiún cumhachta. Tá sé ráite ag Príomh-aire na Spáinne, Pedro Sánchez, go bhfuil an rialtas ag fiosrú gach cúis fhéideartha. Mar sin féin, tá polaiteoirí an fhreasúra ag cur an mhilleáin ar spleáchas na Spáinne ar fhuinneamh in-athnuaite. Fágadh thart ar 55 milliún duine sa Spáinn, sa Phortaingéil agus in áiteanna eile i ndeisceart na Fraince gan leictreachas Dé Luain. I measc na ngnéithe den saol ar cuireadh isteach orthu bhí comharthaí soghluaiste, soilse tráchta agus baincéireacht dhigiteach.

    Tá an grúpa rapcheoil ó Bhéal Feirste Kneecap á fhiosrú ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Ríocht Aontaithe tar éis físeáin a tháinig chun cinn ina dtaispeántar an banna, de réir líomhaintí, ag iarraidh básanna Feisirí de chuid an Pháirtí Choimeádaigh agus ag béicíl "Up Hamas, up Hezbollah". D’eisigh Kneecap ráiteas ag rá nach nglacann siad leis an bhforéigean agus nach dtacaíonn siad le Hamas ná Hezbollah, ach gur cuireadh feachtas smearaidh orthu mar gheall ar a dtacaíocht leanúnach don Phalaistín agus ar a gcáineadh ar Iosrael. Tá litir oscailte sínithe ag na scórtha de cheoltóirí as Éirinn agus an Ríocht Aontaithe araon ag tacú leis an triúr agus ag rá go raibh “iarracht shoiléir, chomhbheartaithe idir lámha chun cinsireacht a dhéanamh ar an mbanna agus ar deireadh thiar iad a chur ó ardán”.

    Sna Toghcháin do Theach na dTeachtaí i gCeanada tá téarma eile i gcumhacht faighte ag an bPáirtí Liobrálach. Tá na Liobrálaithe i gcumhacht ó bhí 2015 ann ach seo é an chéad bhua ag an bpáirtí faoin bPríomh-Aire Mark Carney. Oíche Dé Luain labhair Mark Carney faoi theannas leanúnach taidhleoireachta agus eacnamaíoch le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a n-uachtarán, ag rá, “Tá an tUachtarán Trump ag iarraidh sinn a bhriseadh ionas go mbeimid i seilbh Mheiriceá. Ní dhéanfaidh sé sin - ní tharlóidh sé sin choíche.”

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    gearradh cumhachta - power cut

    fuinneamh in-athnuaite - renewable energy

    póilíní frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism police

    feachtas smearaidh - smear campaign

    a chur ó ardán - to deplatform

    seilbh - possession

    5 min
  • 26 Aibreán 2025 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá fiche de mhí Aibreán. Is mise Sibéal Dempsey.

    Fuair an Pápa Proinsias bás Dé Luain de bharr stróc agus cliseadh croí, tar éis dó a bheith thíos le tinneas riospráide den chuid is mó den bhliain seo. Glacadh isteach san ospidéal é
    den chéad uair ar an gceathrú lá déag de mhí Feabhra mar gheall ar thinneas a d’fhorbair ina niúmóine dúbailte sa deireadh. Bhí an Pápa, a bhí ochtó a hocht mbliana d’aois, ar an gcéad phontaif as Meiriceá Laidineach agus bhí cáil air, i measc rudaí eile, as dúshlán a thabhairt do ghníomhaíochtaí polaiteoirí agus iad ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim aeráide agus as a bheith ina ghuth do na boicht. Bhí a láithreas poiblí deireanach ar an Domhnach nuair a thug sé beannacht na Cásca i gcearnóg Naomh Peadar. Tá Kevin Farrell, a rugadh i mBaile Átha Cliath, chun an Vatacáin a stiúradh go dtí go
    dtoghfar pápa nua, rud a bhfuiltear ag súil leis sna seachtainí beaga amach romhainn.

    Tá tuairiscí ar an dara seomra comhrá Signal a úsáideadh chun oibríochtaí míleata na Stát Aontaithe a phlé ag cur brú ar rúnaí cosanta na Stát Aontaithe, Pete Hegseth, éirí as. I measc an chomhrá bhí Hegseth, a bhean chéile, a dheartháir agus timpeall dosaen duine eile. Sa chomhrá, tá sé i gceist gur roinn Hegseth sonraí faoi ionsaí na Stát Aontaithe ar reibiliúnaigh Yemeni Houthi an mhí seo caite lena n-áirítear sceidil eitilte, cosúil leis an méid a roinneadh sa chéad chomhrá Signal go poiblí an mhí seo caite. Chosain Trump Hegseth ag
    ócáid chaitheamh Uibheacha na Cásca sa Teach Bán ag rá go raibh jab iontach á dhéanamh aige.É sin ráite, deir saineolaithe slándála gur féidir go mbeidh spiairí idirnáisiúnta ag díriú ar Hegseth anois.

    Fógraíodh rialacha nua maidir le roghnú na mbuaiteoirí Oscar an tseachtain seo. Chuir ceann amháin díobh sin, go gcaithfidh an painéal moltóirí féachaint ar na scannáin ábhartha ar fad, fearg ar dhaoine nach raibh sé seo ina riachtanas cheana féin. Mar thoradh ar riail nua eile, go bhféadfaí scannáin atá ag brath ar Intleacht Shaorga a roghnú mar bhuaiteoirí, tá díospóireacht theasaí ar siúl, cé go bhfuil sé ráite ag an Acadamh freisin go measfadh sé rannpháirtíocht an duine sa phróiseas roghnúcháin. Tháinig fadhb chun cinn maidir le húsáid intleacht shaorga i scannáin bhuaiteacha tar éis é a úsáid chun an scannán The Brutalist a fhorbairt, go háirithe chun blas an phríomh-aisteora a fheabhsú nuair a labhair sé san Ungáiris. Tá béim curtha ag roinnt aisteoirí agus scríbhneoirí scáileáin ar an mbaol go gcaillfí saothar le intleacht shaorga agus go n-úsáidfí é chun mí-úsáid a bhaint as a n-íomhá féin.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cliseadh croí - heart failure

    tinneas riospráide - respiratory illness

    sceidil eitilte - flight schedules

    spiairí idirnáisiúnta - international spies

    díospóireacht theasaí - heated debate

    intleacht shaorga - artificial intelligence

    7 min
  • 19 Aibreán 2025 (Tír Eoghain)

    Inniu an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go mbeidh sos cogaidh ann go dtí deireadh Dhomhnach na Cásca, agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfaidh an Úcráin an rud céanna. Bhí muintir na hÚcráine amhrasach faoin fhógairt, áfach, ós rud é go bhfuil a lán sos cogaidh briste ag na Rúisigh ó bhí 2014 ann. Tá an scéal amuigh go bhfuil na Stáit Aontaithe sásta leithinis na Crimé a ligean don Rúis chun socrú síochána a bhaint amach, rud a sháródh Cairt na Náisiún Aontaithe, agus dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump "go mbogfadh na Stáit Aontaithe ar aghaidh" mura dtiocfaí ar shocrú síochána gan mhoill. Níl An Úcráin toilteanach na críocha atá gafa ag an Rúis a thabhairt suas.

    Sa Ríocht Aontaithe, tá an Chúirt Uachtarach i ndiaidh rialú a fhógairt ina ndeirtear go mbaineann na téarmaí 'bean' agus 'gnéas' le bean bhitheolaíoch agus gnéas bitheolaíoch amháin, rud a fhágann mná trasinscneacha taobh amuigh den sainmhíniú. Chuir feachtasóirí inscne-chriticiúla fáilte roimh an rialú, ach ar an taobh eile tá imní ann nach dtabharfar cosaint cheart don phobal trascinscneach amach anseo. Tagann an fhógairt seo go gairid i ndiaidh céimeanna eile ar gcúl maidir le cearta daoine trasinscneacha sna Stáit Aontaithe agus san Ungáir.

    Bhain an galfaire Rory McIlroy sprioc mór amach Dé Domhnaigh nuair a bhain sé Comórtas na Máistrí in Augusta, Georgia, sna Stáit Aontaithe. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an Chaithréim Mhór bainte amach aige anois: Comórtas na Máistrí, Comórtas Oscailte na Stát Aontaithe, Comórtas Oscailte na Breataine agus Comórtas PGS na Stát Aontaithe. Níor éirigh ach le cúigear eile an éacht seo a dhéanamh roimhe seo, agus ba é Tiger Woods an duine deireanach chun an Chaithréim Mhór a chur i gcrích cúig bliana is fiche ó shin. Chomh maith leis an onóir sin, bhain McIlroy seaicéad glas na Máistrí den chéad uair agus níos mó ná ceithre mhilliún dollar. is as Ard Mhic Neasa i gContae an Dúin é McIlroy, atá ag imirt gailf ó bhí sé ina pháiste óg.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    sos cogaidh - truce

    socrú síochána - peace settlement

    bitheolaíoch - biological

    sainmhíniú - definition

    an Chaithréim Mhór - the Grand Slam

    éacht - feat

    5 min
  • 12 Aibreán 2025 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    Bhí an stocmhargadh ina chíor thuathail an tseachtain seo tar éis fhógra Donald Trump go mbeadh taraifí á ngearradh ag na Stáit Aontaithe ar earraí ó thíortha ar fud na cruinne. Bhí eagla ag infheisteoirí go gcuirfeadh na taraifí tús le cogadh trádála agus, dá bharr san, le cúlú eacnamaíochta chomh maith. Bhí an chuma orthu go raibh an ceart acu Dé Céadaoin nuair a chuir Trump taraifí móra ar an tSín agus ansan nuair a d’fhreagraíodar le taraif bhreise de 84%. Bhí imní ann go leanfadh an cion sa chion so ar aghaidh ar feadh tamall eile ach ansan d’athraigh Trump a mheon agus chuir sé briseadh 90 lá ar na taraifí ar bheagnach gach tír seachas an tSín. Tháinig borradh faoi na stocmhargaí an lá dár gcionn mar gheall ar an athrú intinne so. Le linn an ruaille buaille go léir, chuaigh an Tánaiste Simon Harris go Washington Dé Céadaoin chun cruinniú a fháil le hoifigigh ó Rialtas na Stát Aontaithe. Is léir go bhfuil Rialtas na hÉireann buartha faoi luaineacht Trump agus go háirithe a gheallúint go gcuirfeadh sé taraifí ar tháirgí cógaisíochta chun comhlachtaí a mhealladh thar n-ais go Meiriceá. Dá bhfágfadh na comhlachtaí san an tír, chaillfeadh Éire sciar maith dá cuid cáin chorparáide, chomh maith leis na mílte post.

    Cé go raibh aimsir bhreá thirim in Éirinn an tseachtain seo, bhí fadhbanna le tinte portaigh i gcúpla ceantar chomh maith. Bhí scrios déanta ar an gCnoc Colbha agus ar an mBearnas Mór i nDún na nGall nuair a thosnaigh loscadh tráthnóna Dé Domhnaigh. Sheol Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall cúig aonad dóiteáin agus héileacaptar amach chun dul i ngleic leis an loscadh. Bhí loscadh sléibhe sna Beanna Boirche i gContae an Dúin an tseachtain seo chomh maith agus bhí níos mó ná 75 coimhraiceoir dóiteáin ag tabhairt faoi na tinte. Meastar gur coirloscadh atá i gceist. Tá amhras ann gur coirloscadh is cúis leis an ndamáiste a bhí déanta ar an gcosán siúlóide sa pháirc náisiúnta i Maigh Eo freisin. Cuireadh drochbhail ar an siúlbhealach le linn na hoíche ag an deireadh seachtaine agus dúirt an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go bhfuil siad croíbhriste mar gheall air. Tá fiosrú ar bun anois chun fáil amach conas – nó cé – a thosnaigh an loscadh.

    Chuaigh buíon mac léinn ó Ollscoil na Banríona i mBéal Féirste i mbun agóide an tseachtain seo mar gheall ar an easpa comharthaí dátheangacha ar an gcampas. D’eagraigh an Cumann Gaelach an agóid agus fuaireadar breis is 1,000 síniú ó mhic léinn ag tacú leis an bhfeachtas, ‘éacht a léiríonn an tacaíocht agus an tsuim atá ag pobal na hollscoile sa Ghaeilge’, de réir Uachtarán an Chumann Ghaelaigh Anna Nic Gafraidh. Bhíodh comharthaí dátheangacha san fhoirgneamh aontas mac léinn ach baineadh anuas iad in 1997. Tá an grúpa “Aontachtaithe Óga” i gcoinne na gcomharthaí dátheangacha agus iad ag maíomh go gcosnóidís an iomarca agus go gcruthóidís atmaisféar doicheallach. Ach dúirt Eoghan Ó Conghaile ón gCumann Gaelach go léiríonn an stair go bhfuil an Ghaeilge do chách; mar shampla, ba Phrotastúnach, William Mac Arthur, a bhunaigh an Cumann Gaelach san ollscoil níos mó ná céad bliain ó shin. Dúirt urlabhraí ón ollscoil go rabhadar sásta an cheist seo a phlé leis an gCumann agus go bhfuil dul chun cinn déanta cheana féin i leith na Gaeilge san ollscoil. Mar shampla, tá scéim chónaithe Gaeilge do mhic léinn anois agus Oifigeach Tacaíochta Gaeilge freisin.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cion sa chion - tit-for-tat

    borradh - boom, growth

    coirloscadh - arson

    coimhraiceoir dóiteáin - firefighter

    comharthaí dátheangacha - bilingual signs

    doicheallach - unwelcoming

    8 min
  • 5 Aibreán 2025 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. 

    De réir fianaise nua a tháinig chun solais le linn na seachtaine, is dócha gur mharaigh fórsaí Iosraelacha 15 oibrí leighis agus oibrí daonnúil le piléair a bhí scaoilte i neasraon, seachas ó raon fada. Chuaigh na hoibrithe cabhracha ar iarraidh ar 23 Márta agus iad i mbun misean tarrthála i gceantar Tal as-Sultan in Rafah, nuair a rinne na fórsaí Iosraelacha ionsaí orthu. Déardaoin, thángthas ar corpáin na n-oibrithe, seachas duine amháin atá fós ar iarraidh, seachtain i ndiaidh an ionsaithe, in olluaigh sa ghaineamh, dar le hOifig na Náisiún Aontaithe. Dúirt urlabhraí milítea Iosraelach gur “thosaigh na fórsaí ag scaoileadh ar sceimhlitheoirí a bhí ag gluaiseacht chun tosaigh in otharcairr” agus go raibh fiosrúchán faoin eachtra idir lámha.  Is minic a bhíonn ionsaithe dírithe ar oibríthe daonnúla sa chogadh in Gaza, agus maraíodh 408 díobh go dtí seo. 

    In Hertfordshire sa Bhreatain, gabhadh seabhac Harris, a bhí ag déanamh ionsaí ar mhuintir an tsráidbhaile arís agus arís eile. Tá an t-ainm céanna ag an fhear áitiúil a ghabh an seabhac: dúirt Steve Harris gur éirigh leis an seabhac a ghabhal go daonnachtúil ina ghairdín féin in Flamstead, Hertfordshire. Creidtear gur éalaigh an seabhac ón ghéibheann agus, le roinnt seachtainí, thug an seabhac sitheadh anuas ar thart fá 50 duine, agus d’éirigh leis fuil a tharraingt ó roinnt daoine. Tugadh Jim Hewitt go dtí an t-ospidéal agus é ag cur fola i ndiaidh dó buille a mhothú ar chúl a chinn ar a bhealach go dtí an siopa. Dúirt an fear, atá cúig bliana is seachtó d'aois, go raibh "ríméad" air gur gabhadh an seabhac, agus gheall sé: "Ní bhfaighidh éan mallaithe an ceann is fearr ormsa." Dúirt Steve Harris gur faoiseamh a bhí ann go raibh an seabhac gafa faoi dheireadh. Anois, tá an t-éan faoi chúram seabhcóra, a dúirt go raibh an chuma ar an seabhac gur tógadh i ngéibheann é ach is dócha go raibh sé scaoilte le bliain anuas.

    Déardaoin, fógraíodh go raibh iarbhainisteoir fhoireann peile Chiarraí Mick O'Dwyer i ndiaidh bháis agus é ocht mbliana is ceithre scór d’aois. Bhuaigh sé ceithre Chraobh na hÉireann idir 1959 agus 1970 mar imreoir agus ansin ocht gcinn mar bhainisteoir ceannródaíoch i rith na seachtóidí agus na n-ochtóidí. Foireann den scoth a bhí i bhfoireann Chiarraí, a bhí i ndianiomaíocht le Baile Átha Cliath sa tréimhse sin. Bhuaigh Micko, mar a thugtar air, Craobh na Mumhan 23 uair agus an tSraith Náisúnta aon uair déag mar imreoir agus mar bhainisteoir fosta. Thacaigh sé le foirne i gCill Dara, Laois, Cill Mhantáin agus sa Chlár, agus é ina bhainisteoir leo. Cé go raibh slíte beatha éagsúla aige amuigh ón pháirc imeartha, is as an pheil Ghaelach a mbeidh clú air go deo, mar dhuine de na daoine is fearr sa chluiche riamh. Mar a dúirt an fear é féin, “Níl tada eile le déanamh agam. Tá achan rud déanta agam. Agus bhain mé an-taitneamh as agus ní athróinn ar ór ná airgead é.”

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    i neasraon - at close range

    olluaigh - mass grave

    seabhac - hawk

    sitheadh - swoop

    ceannródaíoch - trailblazing

    dianiomaíocht - intense rivalry


    7 min
  • 29 Márta 2025 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Tá staid éígeandála i bhfeidhm i Maenmar tar éís crith talún a tharla Dé hAoine. Ceaptar go bhfuil na céadta daoine básaithe ach níl uimhir chruinn ar fáíl is a leanann oibríocht tarrtháile. Tharla dhá chrith tar éis a chéile agus tá eagla ar dhaoine go mbeadh iarchreathanna le teacht. Bhí eipealár an chreatha talún i ngar do na cathracha Sagaing agus Mandalay, braitheadh na creathanna ar fud na tíre agus chomh fada leis an tSín agus an Téalainn. Thit foirgneamh neamh-críochnaithe in Bangkok agus tá 81 oibrí ar iarraidh ann. Tá teannas polaitiúil i Maenmar ó tharla coup in 2021, tá smacht ag an rialtas ar na meáin agus an idirlíon sa tír agus tá sé deacair eolas a fháil mar thoradh air sin.
    Tá focal Gaeilge agus roinnt focail ó Béarla na hÉireann i measc na bhfocal nua in uasdátú an fhoclóra cháiliúil an Oxford English Dictionary i mbliana. Tá an focal “ludraman” - litriú Béarla den fhocal liúdramán, le fáil san uasdátú, an míniú atá tugtha air ná “a lazy, unproductive, or stupid person (esp. a man)". Tá samplaí úsáide den fhocal luaite ón úrscéal Ulysses agus roinnt sean-nuachtáin. Tá an focal ar fáil i bhfoclóir Gaeilge le fada anois ach i bhfoclóir agus úsáid nua-aimseartha tá an míniú "amadán" i bhfad níos coitianta ná "leisceoir". I measc na bhfocal a n-airítear ó Béarla na hÉireann tá “blaa”, “class”, “debs”, “mineral”, “morto”, “spice bag” agus “acting the maggot”.
    Tá imní ar an Rialtas agus eacnamaithe Éireannacha faoi tháillí atá fógartha ag Donald Trump ar tháirgí cogaisíochta, agus an tionchar a mbeadh acu ar thionscal agus ar gheilleagar na hÉireann. Ní bheidh sonraí cinnte ar fáil go dtí an 2ú Aibreán ach dúirt Trump cheana go mbeidh táillí de 25% ar dhrugaí ag teacht isteach i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Déanann Éire easportú de luach 72 billiún Euro go Meiriceá agus baineann táirgí cogaisíochta le 58 billiún Euro den mhéid sin. Tá cáin chorparáide an-íseal in Éirinn, ag 15%, a mhealann comhlachtaí domhanda móra isteach. Is pointe conspóide é an Cháin Chorporáide íseal ach deir an ESRI go bhfuil ról tábhachtach ag an ioncam ón gcáin sin san Airgeadas Poiblí agus go mbeidh torthaí dona ann má chailltear é.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    staid éigeandála - state of emergency

    oibríocht tarrtháile - rescue operation

    iarchreathanna - aftershocks

    leisceoir - lazy person

    táirgí cogaisíochta - pharmaceutical products

    cáin chorparáide - corporation tax

    7 min
  • 22 Márta 2025 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Ainmníodh an Fhionlainn mar an tír is sona ar domhan den ochtú bliain as a chéile sa Tuarascáil Dhomhanda ar Shonas, agus thug muintir na háite agus saineolaithe creidiúint dá lochanna móra agus dá córas leasa shóisialaigh láidir mar chúiseanna leis an dea-ghiúmar. Ainmníodh Éire sa 15ú háit, ag bogadh suas ón 17ú háit in 2023. Tá an Afganastáin, atá buailte ag tubaiste dhaonnúil ó tháinig an Talaban ar ais i gcumhacht in 2020, ina tír is míshona ar domhan arís eile. D'fhan na tíortha Nordacha go léir i measc na ndeich dtír is sona, leis an Danmhairg, an Íoslainn agus an tSualainn ag teacht i ndiaidh na Fionlainne, a mhéadaigh beagán ar a buntáiste ar an Danmhairg sa dara háit. Chuaigh Cósta Ríce agus Meicsiceo isteach sa deich dtír is fearr den chéad uair, ag teacht sa séú háit agus sa deichiú háit. Idir an dá linn, thit na Stáit Aontaithe go dtí an 24ú háit, áit amháin taobh thiar den Riocht Aontaithe. Is é seo an scór is ísle a fuair na Stáit Aontaithe ó foilsíodh an tuarascáil den chéad uair in 2012, nuair a bhí siad san 11ú háit, an seasamh ab airde riamh dóibh. "Tá méadú 53% tagtha ar an líon daoine atá ag ithe béilí ina n-aonar sna Stáit Aontaithe le fiche bliain anuas," a dúirt údair na tuarascála, ag tabhairt le fios go bhfuil béilí a roinnt le daoine eile "nasctha go láidir le folláine".

    Tá an chéad taispeántas riamh sa Ghaeilge a reáchtáladh in Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI) oscailte. Insíonn an taispeántas Mná na hAthbheochana scéal na mban a chuir athbheochan ar úsáid na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Bhí ról lárnach acu i mbunú na chéad Ghaeltachta uirbí agus na chéad scoile lán-Ghaeilge sna 1960idí déanacha agus sna 1970idí luatha. Bhí mná óga ó Choláiste Feirste i mBéal Feirste thiar i measc na ndaoine a chuir an taispeántas le chéile. Dúirt Aoibhín McConnell, scoláire seacht mbliana déag d’aois ó Choláiste Feirste, go raibh sé “spreagúil” foghlaim faoi na mná a thug athbheochan ar an Ghaeilge."Tá labhairt na Gaeilge thar a bheith tábhachtach domsa agus do mo phobal," a dúirt sí. "Bhí mo mhamó ar dhuine de na daoine a bhunaigh an dara scoil lán-Ghaeilge agus an chéad cheann neamhdhominiceanach. "Is séadchomhartha iontach é dár n-oidhreacht agus don ról a imrímid laistigh de Bhéal Feirste mar phobal roinnte sa lá atá inniu ann." Dúirt sí go raibh sé tábhachtach ról na mban i stair na Gaeilge a cheiliúradh. "Tá cónaí orainn i sochaí atá go fóill an-phatrarcach, ach sílim go mbíonn ról na mban á mheas faoina luach go minic," a dúirt sí. "Bhí an ról is riachtanaí agus is tábhachtaí ag na mná in athbheochan na Gaeilge. Leanann siad orthu do mo spreagadh gach uile lá i ngach gníomh a dhéanaim féin mar Ghael óg."

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain

    *

    GLUAIS

    sonas - happiness

    tubaiste dhaonnúil - humanitarian disaster

    athbheochan - revival

    neamhdhominiceanach - non-dominican



    7 min
  • 15 Márta 2025 (Gaillimh)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.

    Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ag a chruinniú leis an Taoiseach, Micheál Martin, sa Teach Bán tráthnóna Dé Máirt go bhfuil “grá mór” ag muintir na hÉireann dó. Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil “ár gcomhlachtaí pharma ag Éirinn”. Ba mhaith leis an Uachtarán iad a thabhairt ar ais chuig na Stáit Aontaithe, cé gur mhol sé na hÉireannaigh as ucht na comhlachtaí sin a mhealladh. Ní raibh aon cheilt ag an Trumpach ach an oiread ar a naimhdeas leis an Aontas Eorpach, agus mar sin de ba bheag an t-iontas gurbh iad na taraifí an téama ba lárnaí ag an bpreasócáid san Oifig Ubhchruthach. Nuair a fuair an Taoiseach deis cainte, luaigh sé an caidreamh stairiúil idir an dá thír, agus dúirt sé gurb í an fhadhb is mó a bhí le réiteach in Éirinn ná an ghéarchéim tithíochta. Maidir leis na cogaí in Gaza agus san Úcráin, thug sé freagraí taidhleoireachta gan cur isteach ar an Uachtarán ná ar an Leas-Uachtarán, J.D. Vance, a rinne argóint phoiblí le déanaí le hUachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy.

    Bhí an Ghaeilge á labhairt den chéad uair riamh le linn Cheisteanna an Phríomh-Aire in Westminster an tseachtain seo. Luaigh ceannaire an SDLP, Claire Hanna, go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl anois, agus go bhfuil ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig ar na bacáin freisin. An méid sin ráite, lean sí uirthi ansin i mBéarla, agus mhol sí an Príomh-Aire, Keir Starmer, as caidreamh “cairdiúil agus dlúth” a chothú idir Éire agus an Bhreatain. Thug sí cuireadh dó freisin teacht go Béal Feirste an bhliain seo chugainn chun freastal ar Fhleadh Cheoil na hÉireann. Ghabh an Príomh-Aire buíochas léi agus ghuigh sé Lá Fhéile Pádraig sona dóibh siúd a bheadh ag ceiliúradh na féile. Dúirt an SDLP gur gníomh “siombalach” don Ghaeilge é ráiteas a gceannaire.

    Tá póilíní na Gearmáine sa tóir ar changarú a bhí caillte de réir dealraimh tar éis do thiománaí a chur in iúl go raibh sé ag léimneach síos an bóthar in aice le baile Sebnitz gar don teorainn leis an tSeicia. Tar éis an radharc neamhghnách a fheiceáil, ghlaoigh an tiománaí ar na póilíní agus chuir sé grianghraf chucu mar fhianaise. Ach faoin am a tháinig siad ar an láthair, bhí an cangarú imithe glan. Is beag eolas atá ar fáil faoin ainmhí, a dúirt na póilíní, ach an lá dár gcionn thuairiscigh bean go raibh cangarú áirithe ar iarraidh. In 2023, tharla oibríocht ollmhór póilíneachta i mBeirlín nuair a tuairiscíodh go raibh leon scaoilte ar shráideanna na cathrach. Chuir siad deireadh leis an gcuardach, áfach, tar éis dóibh anailís a dhéanamh ar an bhfíseán agus a thuiscint nach leon a bhí ann, ach torc.





    taraifí - tariffs

    freagraí taidhleoireachta - diplomatic answers

    ar na bacáin - coming soon, in the pipeline

    cuireadh - invitation



    5 min
  • 8 Márta 2025 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Tá sé ráite ag na húdaráis in Sante Fe, New Mexico, go bhfuair an t-aisteoir mór le rá Gene Hackman agus a bhean chéile Betsy Arakawa bás nádúrtha an mhí seo caite. Thángthas ar an bheirt agus iad marbh ina dteach ag deireadh mhí Feabhra, agus i ndiaidh fiosrúcháin is léir go bhfuair Arakawa bás mar gheall ar shiondróm scamhógach hantaivíris, galar neamhchoitianta a scaipeann creimirí, agus gur mhair Hackman beagnach seachtain eile ina diaidh. Bhí Hackman an-tinn le tamall, agus bhí galar croí, galar Alzheimer agus galar duáin air.  BhainHackman clú agus cáil amach sna 1970idí i scannáin ar nós The French Connection agus The Poseidon Adventure. Bhain sé gradam Oscar as a ról in The French Connection agus as ról tacaíochta in Unforgiven in 1992. Suaimhneas síoraí orthu beirt.

    Thug rí Nigéarach samplaí uisce leis chuig réamhthriail i Londain an tseachtain seo. Bhí an Rí Godwin Bebe Okpabi ag labhairt thar ceann a phobail i nDeilt Abhainn na Nígire maidir le truailliú a rinne an comhlacht ola Shell sa cheantar. Bhí an réamhthriail ar siúl chun scóip na gceisteanna dlíthiúla a shocrú roimh an phríomhthriail, a tharlóidh an bhliain seo chugainn. Dar le Okpabi, tá Shell i ndiaidh na milliúin dollar a chaitheamh ar na dlíodóirí is fearr, in áit an t-airgead sin a chaitheamh ar ghlanadh uiscí agus talamh a phobail. Tá an modh maireachtálatraidisiúnta sa cheantar scriosta, dar leis, agus ta2 leibhéal an-ard ailse sa réigiún, fiú i measc daoine óga.

    Fógraíodh Dé Céadaoin go gceapfar Coimisinéir Gaeilge agus Coimisinéir Ultaise i dTuaisceart Éireann i mí na Bealtaine. Gealladh na hoifigí nua seo cúig bliana ó shin sa mhargadh New Deal, New Approach, ach níor ceapadh coimisinéir ar bith nuair a tharraing an Páirtí Aontachtach Daonlathach, an DUP, amach as na hinstitiúidí ó thuaidh. Chuir an Chéad-Aire, MichelleO’Neill, agus an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, fáilte roimh an fhógra, agus dúirt Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gurb é ceapadh an Choimisinéara Gaeilge an “fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge nua”. Is é an ról an bheidh ag an Choimisinéir Teanga ná na caighdeáin teanga a leagan amach do chomhlachtaí poiblí agus iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin sa chás go ndéanfadh na comhlachtaí poiblí faillí ina ndualgais teanga.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    siondróm scamhógach hantaivíris - hantavirus pulmonary syndrome

    creimirí - rodents

    réamhthriail - preliminary trial

    truailliú - pollution

    foráil - clause (legal)

    faillí - neglect



    5 min