Nuacht Mhall

3 Bealtaine 2025 (Baile Átha Cliath)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. 

Sa Spáinn, leantar le himscrúduithe ar cad ba chúis le gearradh cumhachta tubaisteach an tseachtain seo, ceann de na bristeacha leictreachais is mó san Eoraip riamh. De réir anailísithe, thit an mhinicíocht ar eangach leictreachais na Spáinne go tobann, rud a chuir tús le múchadh go leor stáisiún cumhachta. Tá sé ráite ag Príomh-aire na Spáinne, Pedro Sánchez, go bhfuil an rialtas ag fiosrú gach cúis fhéideartha. Mar sin féin, tá polaiteoirí an fhreasúra ag cur an mhilleáin ar spleáchas na Spáinne ar fhuinneamh in-athnuaite. Fágadh thart ar 55 milliún duine sa Spáinn, sa Phortaingéil agus in áiteanna eile i ndeisceart na Fraince gan leictreachas Dé Luain. I measc na ngnéithe den saol ar cuireadh isteach orthu bhí comharthaí soghluaiste, soilse tráchta agus baincéireacht dhigiteach.

Tá an grúpa rapcheoil ó Bhéal Feirste Kneecap á fhiosrú ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Ríocht Aontaithe tar éis físeáin a tháinig chun cinn ina dtaispeántar an banna, de réir líomhaintí, ag iarraidh básanna Feisirí de chuid an Pháirtí Choimeádaigh agus ag béicíl "Up Hamas, up Hezbollah". D’eisigh Kneecap ráiteas ag rá nach nglacann siad leis an bhforéigean agus nach dtacaíonn siad le Hamas ná Hezbollah, ach gur cuireadh feachtas smearaidh orthu mar gheall ar a dtacaíocht leanúnach don Phalaistín agus ar a gcáineadh ar Iosrael. Tá litir oscailte sínithe ag na scórtha de cheoltóirí as Éirinn agus an Ríocht Aontaithe araon ag tacú leis an triúr agus ag rá go raibh “iarracht shoiléir, chomhbheartaithe idir lámha chun cinsireacht a dhéanamh ar an mbanna agus ar deireadh thiar iad a chur ó ardán”.

Sna Toghcháin do Theach na dTeachtaí i gCeanada tá téarma eile i gcumhacht faighte ag an bPáirtí Liobrálach. Tá na Liobrálaithe i gcumhacht ó bhí 2015 ann ach seo é an chéad bhua ag an bpáirtí faoin bPríomh-Aire Mark Carney. Oíche Dé Luain labhair Mark Carney faoi theannas leanúnach taidhleoireachta agus eacnamaíoch le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a n-uachtarán, ag rá, “Tá an tUachtarán Trump ag iarraidh sinn a bhriseadh ionas go mbeimid i seilbh Mheiriceá. Ní dhéanfaidh sé sin - ní tharlóidh sé sin choíche.”

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

gearradh cumhachta - power cut

fuinneamh in-athnuaite - renewable energy

póilíní frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism police

feachtas smearaidh - smear campaign

a chur ó ardán - to deplatform

seilbh - possession

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,326 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

148 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

20 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

136 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

82 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

33 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

14 Listeners