Nuacht Mhall

29 Márta 2025 (Tiobraid Árann)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

Tá staid éígeandála i bhfeidhm i Maenmar tar éís crith talún a tharla Dé hAoine. Ceaptar go bhfuil na céadta daoine básaithe ach níl uimhir chruinn ar fáíl is a leanann oibríocht tarrtháile. Tharla dhá chrith tar éis a chéile agus tá eagla ar dhaoine go mbeadh iarchreathanna le teacht. Bhí eipealár an chreatha talún i ngar do na cathracha Sagaing agus Mandalay, braitheadh na creathanna ar fud na tíre agus chomh fada leis an tSín agus an Téalainn. Thit foirgneamh neamh-críochnaithe in Bangkok agus tá 81 oibrí ar iarraidh ann. Tá teannas polaitiúil i Maenmar ó tharla coup in 2021, tá smacht ag an rialtas ar na meáin agus an idirlíon sa tír agus tá sé deacair eolas a fháil mar thoradh air sin.
Tá focal Gaeilge agus roinnt focail ó Béarla na hÉireann i measc na bhfocal nua in uasdátú an fhoclóra cháiliúil an Oxford English Dictionary i mbliana. Tá an focal “ludraman” - litriú Béarla den fhocal liúdramán, le fáil san uasdátú, an míniú atá tugtha air ná “a lazy, unproductive, or stupid person (esp. a man)". Tá samplaí úsáide den fhocal luaite ón úrscéal Ulysses agus roinnt sean-nuachtáin. Tá an focal ar fáil i bhfoclóir Gaeilge le fada anois ach i bhfoclóir agus úsáid nua-aimseartha tá an míniú "amadán" i bhfad níos coitianta ná "leisceoir". I measc na bhfocal a n-airítear ó Béarla na hÉireann tá “blaa”, “class”, “debs”, “mineral”, “morto”, “spice bag” agus “acting the maggot”.
Tá imní ar an Rialtas agus eacnamaithe Éireannacha faoi tháillí atá fógartha ag Donald Trump ar tháirgí cogaisíochta, agus an tionchar a mbeadh acu ar thionscal agus ar gheilleagar na hÉireann. Ní bheidh sonraí cinnte ar fáil go dtí an 2ú Aibreán ach dúirt Trump cheana go mbeidh táillí de 25% ar dhrugaí ag teacht isteach i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Déanann Éire easportú de luach 72 billiún Euro go Meiriceá agus baineann táirgí cogaisíochta le 58 billiún Euro den mhéid sin. Tá cáin chorparáide an-íseal in Éirinn, ag 15%, a mhealann comhlachtaí domhanda móra isteach. Is pointe conspóide é an Cháin Chorporáide íseal ach deir an ESRI go bhfuil ról tábhachtach ag an ioncam ón gcáin sin san Airgeadas Poiblí agus go mbeidh torthaí dona ann má chailltear é.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

staid éigeandála - state of emergency

oibríocht tarrtháile - rescue operation

iarchreathanna - aftershocks

leisceoir - lazy person

táirgí cogaisíochta - pharmaceutical products

cáin chorparáide - corporation tax

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
From Our Own Correspondent by BBC Radio 4

From Our Own Correspondent

369 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,334 Listeners

Documentary on One Podcast by RTÉ

Documentary on One Podcast

197 Listeners

Great Lives by BBC Radio 4

Great Lives

518 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

66 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

152 Listeners

The Irish Passport by The Irish Passport

The Irish Passport

332 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,801 Listeners

Off Menu with Ed Gamble and James Acaster by Plosive

Off Menu with Ed Gamble and James Acaster

2,771 Listeners

Shite Talk: An Irish History Podcast by HeadStuff Podcasts

Shite Talk: An Irish History Podcast

170 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

131 Listeners

heretics. by Andrew Gold

heretics.

612 Listeners

The Rest Is Entertainment by Goalhanger

The Rest Is Entertainment

937 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

16 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

5 Listeners