Nuacht Mhall

17 Bealtaine 2025 (Dún na nGall)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. 

Cuireadh breith ar neamhní tar éis fianaise nua ADN a léiriú, agus 38 bliain caite ag fear i ngéibheann i gcás dúnmharaithe mná. Fuarthas Peter Sullivan ciontach sa bhliain 1986  maidir le dúnmharú Diane Sindall, bean óg a ndearnadh tromionsaí gnéasach uirthi agus í ag siúl abhaile tar éis seal ag obair i mbeár. Dé réir ráiteas a léigh a dhlíodóir, dúirt an tUasal Ó Sullivan “níl fearg orm, nílim searbh”. Agus í ag labhairt i ndiaidh na héisteachta, dúirt deirfiúr Sullivan, Kim Smith, “nach raibh an bua ag éinne” agus chuir sí comhbhá in iúl do mhuintir Iníon Uí Sindall. 

Rinne Médecins San Frontières cáineadh ar Iosrael maidir le “tubaiste dhaonnúil d’aon ghnó” a chruthú agus chuir an carthanas iomardú ar Iosrael faoi chuidiú coinníollach ar easáitiú éigeantach na bPalaistíneach a chothú. “Tá muid inár bhfinnéithe, lom láithreach, ag cruthaíocht coinníollacha le deireadh a chur le saol na bPalaistíneach in Gaza,” a dhearbhaigh an charthúnacht leighis MSF. “Tá ifreann ar talamh cruthaithe in Gaza do na Palaistínigh.” Chuir Iosrael imshuí i bhfeidhm ar Gaza ar an 2 Márta nuair a theip ar chainteanna a bhí dírithe ar fad a chur le sos cogaidh agus Iosrael tar éis tús a chur le hionsaithe ar Gaza arís.  

Mac léinn as Baile Átha Cliath a bhí i gceannas ar fhoireann ó Ollscoil Cambridge a fuair an bua i gceann de na comórtais is measúla agus ina bhfuil an iomaíocht is géire ar an teilifís. B’é Oscar Despard a bhí ina chaptaen ar fhoireann Choláiste Chríost in Cambridge, nuair a thug siad an lá leo i gcluiche ceannais University Challenge oíche Dé Luain seo a chuaigh thart. Dálta ilchumasach a bhí ann, de réir a iarphríomhoide, Edith Byrne, agus bhí sé go mór mór gnóthach i ndíospóireachtaí trí Ghaeilge, trí Bhéarla, agus trí Fhraincis, agus é ar meánscoil. Ba mhian a chroí é páirt a ghlacadh sa tráth na gceist cáiliúil, ar a mbíodh sé ag amharc lena mháthair le linn a óige.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

breith - verdict

tromionsaí gnéasach - serious sexual assault

iomardú - reprimand

easáitiú éigeantach - obligatory displacement

finnéithe - witnesses

ilchumasach - multitalented

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

19 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,326 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

148 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

20 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,807 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

136 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

82 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

48 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

15 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

33 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

14 Listeners