Sign up to save your podcasts
Or
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.
Leanann an t-uafás sa Phalaistín agus brú ar rialtais an domhain ag fás gach lá chun smachtbhannaí a chur ar Iosrael. Níl aon bhia ná cúnamh ag dul isteach go Gaza fós. Tá plean sos cogaidh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi bhreithniú faoi láthair, den chéad uair ón sos cogaidh ar theip air i mí an Mhárta. Ghlac Iosrael
leis an bplean agus tá freagra foirmiúil fós le teacht ó Hamas ach dúirt urlabhraí nach ngeallann an beart sos cogaidh buan ná go leor soláthar cúnaimh. Sa Ríocht Aontaithe scríobh 828 saineolaí dlí litir chuig an bPríomh-Aire Keir Starmer ag lua go bhfuil cinedhíothú ag tarlú agus ag cur brú ar an rialtas úsáid a
bhaint as gach acmhainn atá ar fáil chun stop a chur leis. In Éirinn, cáineadh an rialtas as an easpa gníomh dleathúil i gcoinne Iosrael. Chuaigh bean as Gaillimh, Sophie Ní Choimín ar stailc ocrais le brú a chur orthu an Bille Críoch Faoi
Fhorghabháil a hachtú. I rith na seachtaine fuarthas ceadú sa Dáil cosc a chur ar iompórtáil ón Iosrael, ach baineann sé seo le táirgí amháin agus níl seirbhisí san áireamh, cé gurb iadsan a dhéanann an chuid is mó d’iomportáil ó Iosrael go hÉirinn.
Tháinig rialú ón gCúirt um Thrádáil Idirnáisiúnta sna Stáit Aontaithe Dé Céadaoin, ina ndúradh go bhfuil an chuid is mó de na táillí atá an tUachtarán Trump ag achtú neamhdhleathach. Ghlac an Chúirt Achomhairc Fheidearálaigh le hiarracht ó riarachán Trump sos sealadach a chur ar an rialú seo, agus
leanfaidh siad ag bailiú cánach don am seo. Tá sos curtha ar roinnt dualgas an riaracháin agus idirbheartaíocht trádála ar siúl, agus beidh an chéad éisteacht eile ar siúl ar an 5ú Meitheamh. Ceaptar go rachfaidh an cás go dtí an Chúirt Uachtarach. Dúirt Peter Navarro, comhairleoir trádála Trump, “fiú má chaillfimid (sa chúirt), déanfaimid iad (na táillí) i slí éígin eile.”
Tá chuid den sráidbhaile Blatten san Eilvéis scriosta tar éis intitim oighearshrutha Dé Céadaoin. Bhi 300 duine ina gcónaí sa sráidbhaile agus tharla aslonnú ar an 19ú lá de mhí na Bealtaine, bunaithe ar rabhadh geolaí faoi chobhsaíocht an oighearshrutha. Tá duine amháin ar iarraidh agus tá an-chuid tithe scriosta. Tá tacaíocht ó rialtas na hEilvéise, ag cinntiú go mbeidh daoine in ann filleadh ar a mbaile, nó an ceantar ar
a laghad. Toradh athrú aeráide an tubaiste seo, agus teochtaí ag ardú tá na oighearshruthanna agus talamh síorshioctha sa cheantar ag leá. Dúradh sa tuarascáil is déanaí ar shláinte na oighearshruthanna san Eilvéis go mbeidh siad go léir imithe laistigh de chéad bliain, mura gcoimeádfar ardú teocht domhanda laistigh de 1.5 céim, sprioc atá caillte cheana féin, dar le saineolaithe.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
soláthar cúnaimh - provision of aid
stailc ocrais - hunger strike
ag bailiú cánach - collecting tax
idirbheartaíocht trádála - trade negotiation
intitim oighearshrutha - glacier collapse
talamh síorshioctha - permafrost
5
1919 ratings

207 Listeners
1,302 Listeners
52 Listeners
166 Listeners
139 Listeners
319 Listeners
1,759 Listeners
7 Listeners
82 Listeners
48 Listeners
11 Listeners
24 Listeners
24 Listeners
26 Listeners
4 Listeners