
Sign up to save your podcasts
Or


Tá foirgneamh iomlán úr ag Gaelscoil Lorgan i mBaile na Lorgan, Contae Mhuineacháin agus na daltaí agus foireann na scoile ag bogadh isteach an tseachtain seo agus tús a chur leis an scoilbhliain úr. Cuireann Michelle agus Breandán síos ar an scoil úr agus ar na sceitimíní a bhí ar na páistí agus iad ag freastal ar an scoil úr don chéad uair ar maidin inniu.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ag caint ar na deacrachtaí atá acu sa scoil mar gheall ar easpa áiseanna agus easpa spáis agus an droch bhail atá ar fhoirgnimh na scoile. Tá Gaelscoil Chnoc na Ré ag fanacht le scoil úr le scór go léith bliain.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Mairéad ag caint ar an aithne a bhí aici ar Dolly Parton a fuair bás inné agus an tionchar a bhí aici ar shaol an cheoil agus an obair charthanachta a rinne sí agus Patrick faoi chomh tógtha agus a bhí sé lena cuid ceoil agus an dóigh a chur sé suim ina cuid ceoil an chéad lá riamh agus na mothúcháin a bhí aige inné nuair a chuala sé faoina bás.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá imní ar fheirmeoirí na contae seo mar go bhfuil sé beartaithe ag Coimisiún na hEorpa ciorraithe móra a chur i bhfeidhm ar an bhuiséad a chuireann siad ar fáil do scéimeanna feirme faoin Chomhbheartas Talmhaíochta nó CAP.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá tionchar na mbrící lochtacha ar thithe agus orthu siúd atá ag iarraidh a bheith beo i dtithe atá ag titim óna chéile ag dul in olcas agus tá imní mhór léirithe ag an Chomhairleoir Contae Denis Mac Aoidh faoin mhéid seo go háirithe i gceantar bardas na nGleanntach.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí muid ag leanstan scéal Dhaithí Mhic Gabhainn as Béal Feirste anseo ar Bharrscéalta le cúpla bliain anuas agus ar ndóigh d’éirigh le Daithí aistriú croí a fháil ansin i mí Iúil i Sasana agus bhí air tréimhse a chaitheamh san otharlann ina dhiaidh. Ach tá deascéala againn ar maidin agus tá Daithí sa bhaile agus linn ar maidin beo ó na Beanna Boirche bhí athair Dhaithí, Máirtín Mac Gabhann.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
De réir figiúirí atá foilsithe ag Daft.ie tá dhá oiread cíosa le híoc ag daoine sa chontae seo anois i gcomparáid le 2020 agus labhair an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh linn ar maidin faoin scéal seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá crannchur mór ar siúl ag CLG Dhún na nGall le cúpla mí anuas le hairgead a bhailiú d’fhorbairtí atá beartaithe acu ag Ionad CLG Dhún na nGall i gConmhaigh. Déanfar an tarraingt ar an Domhnach seo ag teacht agus beidh duine amháin €250,000 níos saibhre.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Labhair beirt bhan chliste linn ar maidin - Éabha Nic Fhionnghaile agus Aisling Nic Pháidín agus iad ar bharr na gaoithe ó bhí Dé hAoine is a chuaigh thart nuair a fuair siad torthaí na hArdteiste. D’éirigh le hAisling 625 pointe a fháil agus d’éirigh le hÉabha 613 pointe a fháil.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tháinig an drochscéala chugainn Dé Sathairn faoi bhás an cheoltóra, Eithne Vallely as Leifear ó dhúchas i dtimpiste bóthair in Ard Mhacha. Bhí aithne leitheadach ar Eithne mar gheall ar a cuid ceoil agus bhunaigh sí féin agus a fear céile, Brian, Club Píobaireachta Ard Mhacha sa bhliain 1966.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
From the publisher's feed

19 Listeners

183 Listeners

72 Listeners

53 Listeners

178 Listeners

32 Listeners

251 Listeners

99 Listeners

40 Listeners

13 Listeners

141 Listeners

8 Listeners

2 Listeners

91 Listeners

121 Listeners

91 Listeners

0 Listeners

386 Listeners

696 Listeners

67 Listeners

41 Listeners

16 Listeners

4 Listeners

51 Listeners