jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/y54srjj2
Empty Lichen.
Crotal Folamh.
There was a time when Fianna Fáil was thought to work.
Bhí tráth ann nuair a cheaptaí go raibh feidhm le Fianna Fáil.
Not too long ago.
Níl rófhada ó shin ann.
They were thought to belong to the common people, to some soft idea of republicanism that had an extended relationship with a united Ireland.
Cheaptaí gur bhain siad leis na gnáthdhaoine, cheaptaí gur bhain siad le tuairim bhog éigin den phoblachtánachas a raibh gaol sínte aici le hÉirinn aontaithe.
They were thought to be related to something.
Cheaptaí gur bhain siad le rud éigin.
They were thought to be related to something.
Cheaptaí gur bhain siad le rud éigin.
They were thought to be related to something.
Cheaptaí gur bhain siad le rud éigin.
Oh, my apologies, I didn’t know I already said they were related to something.
Och, mo leithscéal, ní raibh a fhios agam go ndúirt mé cheana gur bhain siad le rud éigin.
I am, however, going to find out what exactly, or crookedly, or intermittently, or loosely, is what they are standing for now.
Tá ag dul díom, áfach, a fhionnadh cad é go díreach, nó go cam, nó go hidir-eatarthu, nó go scaoilte féin cad é an rud sin a bhfuil siad ag seasamh ar a shon anois.
The party is asked that question and you get a blush that would put a gray paper on your house, and go further and ask the high council and you might as well research in the Vatican blackhouses below.
Fiafraítear an cheist sin den pháirtí agus gheobhaidh tú bladar a chuirfeadh páipéar liath ar do theach, agus gabhtar níos faide agus fiafraí den ard-chomhairle agus bheadh chomh maith dhuit bheith ag taighde in ndúchartlanna na Vatacáine thíos.
When asked about the unveiling of the display in Knock in August 1879 why Fianna Fáil, the children were speechless.
Nuair a cuireadh ceist ar an taispeánadh a nochtadh i gCnoc Mhuire Lúnasa 1879 cad chuige Fianna Fáil, bhíothas balbh os comhair na leanaí.
The presence of children, and everyone else, the wise old man and the young, is still dumb, not to mention the voters who have spoken out on their behalf around old-fashionedness or unspoken loyalty associated with a vague vision that had a tear of sorts to An independent Ireland or a somewhat uncompromising stance that did not exactly match the layout of those blue shirts.
Táthar balbh fós i láthair leanaí, agus gach duine eile, an seanduine críonna is an t-óg, gan trácht ar na vótóirí a chaitheadh guth ar a son timpeall ar sheanaigne nó dílseachta neamhráite a bhain le fís dhoiléir a raibh cuimilt de shaghas aici le hÉirinn neamhspleách nó le seasamh ábhairín neamhghéilliúil nárbh ionann é go baileach le leagan amach na léinte gorma úd.
In short: Fianna Fáil once stood up for something.
D’fhocail ghearra: sheasaíodh Fianna Fáil ar son rud éigin tráth.
Once upon a time.
Tráth dá raibh.
It is not a bad idea for a political party to stand up for something.
Ní drochsmaoineamh é do pháirtí polaitiúil seasamh ar son rud éigin.
Or anything.
Nó rud ar bith.
Or a little at all.
Nó rud beag in aon chor.
A tiny thing itself, a little bit of a tiny bit.
Rud beag bídeach féin, ruidín beagaín bídín bitín bídeach.
We have a motto that is not a measure, but Fianna Fáil once had a virtue, that is, a long time ago, that they stood for the daily worker, let alone they did not exploit socialist language.
Tá’s againn nach ionann mana agus beart, ach bhí de bhua ag Fianna Fáil trath, is é sin fadó fadó, gur sheas siad don oibrí laethúil, fág nach mbaineadh siad earraíocht as friotal sóisialach.
Instead, the Labor Party stood up for the middle class from which they ...