jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
http://tinyurl.com/yad5wde9
11-year prison term for holding two in custody.
Téarma príosúin 11 bliain faoi bheirt a choinneáil i ngéibheann.
A 53-year-old man was sentenced to an eleven-year prison term for keeping a woman and her young daughter in bondage while he and two other men were abducted in Dublin six and a half years ago.
Gearradh téarma príosúin aon bhliain déag ar fhear 53 bliain daois faoi bhean agus a hiníon óg a choinneáil i ngéibheann fad is a bhí sé féin agus beirt fhear eile ag siortú a dtí i mBaile Átha Cliath sé bliana go leith ó shin.
At Dublin Circuit Criminal Court, Declan Murphy, of North Frederick Street in the city, was told that he was one of three people who broke into the house in Howth in December 2013 and tied up the woman and her eight-year-old daughter.
I gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath, dúradh go raibh Declan Murphy, as Sráid Fhreidric Thuaidh sa chathair, ar dhuine de thriúr a bhris isteach sa teach i mBinn Éadair i mí na Nollag 2013 agus a cheangail an bhean agus a hiníon ocht mbliana.
The group had been watching the house for a while before and broke into it after the woman's husband went out to work.
Bhí an bhuíon ag faire ar an teach ar feadh scaithimh roimhe sin agus bhris siad isteach ann tar éis dfhear céile na mná dul amach ag obair.
They tied up the woman and the girl in the bathroom of the house before they ransacked the place.
Cheangail siad an bhean agus an cailín i seomra folctha an tí sular ransaigh siad an áit.
They stole € 27,000 in cash, € 30,000 worth of the woman's jewelery and car.
Ghoid siad €27,000 in airgead tirim, luach €30,000 de sheodra agus gluaisteán na mná.
A month later, the Gardaí stopped a van they believed was involved in the criminal incident.
Mí ina dhiaidh sin, stop na Gardaí veain a chreid siad a bhí bainteach leis an eachtra choiriúil.
Following a forensic examination of a nook of a cigarette in the van, Declan Murphy's DNA was confirmed.
Tar éis scrúdú dlí- eolaíochta a dhéanamh ar nuta de thoitín a bhí sa veain, deimhníodh go raibh DNA Declan Murphy air.
The man who owned the van has since died but Gardaí believe he was also involved in the incident.
Tá an fear ar leis an veain básaithe ó shin ach creideann na Gardaí go raibh seisean páirteach san eachtra chomh maith.
It was said in court that the attack had hurt the people of the house and that the woman is now afraid to be alone in the house.
Dúradh sa chúirt gur ghoill an t-ionsaí go mór ar mhuintir an tí agus go bhfuil faitíos ar an mbean a bheith léi féin sa teach anois.