Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

By Conradh na Gaeilge i LondainEducationLanguage Learning
Download on the App Store

All Nuacht Mhall episodes

  • 12 Márta 2022 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.

    Lean ionsaithe san Úcráin i rith na seachtaine agus fórsaí na Rúise ag bogadh níos cóngaraí do Chív, príomhchathair na tíre, gach lá. Tharla ionsaithe ar na cathracha Lutsk, Ivano-Frankivsk agus, den chéad uair ó thús an ionraidh, Dnipro. Tá cainteanna síochána ar siúl idir oifigigh Rúiseacha agus Úcránacha agus deir Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go bhfuil dul chun cinn dearfach ag tarlú ach níl aon torthaí cruinne ag teacht ó na cainteanna fós. D’fhógair Coimisiúin Dídeanaithe na Naísiún Aontaithe gur shroich méid na ndídeanaithe ón Úcráín 2.5 milliún maidin dé hAoine agus tá dhá milliún duine eile díláithrithe lastuigh den tír. Shroich Racheal Diyaolu, iníon léinn ó Cheatharlach, Éire slán sabháílte oíche Déardaoin tar éís éalú ón Úcráin. Bhí Rachael, atá naoi mbliana déag d’aois, ag staidéar leighis in ollscoil in Sumy, in oirthear na tíre. Bhí sí greamaithe ann ó tosaíodh na hionsaithe ag deireadh mhí Feabhra agus d’éalaigh sí le cabhair ó bheirt deonaithe a thaistil ón Albain chun cabhair a thabhairt do dhídeanithe. D’imigh sí ón gcathair dhá lá sular thosaigh buamáil ann.

    Tar éis dhá bliain den phaindéim tá féilte ceoil ag teacht ar ais. Fógraíodh filleadh Electric Picnic, an fhéile cheoil is mó in Éirinn, ar an Déardaoín agus maidin Dé hAoine bhí na ticéid díolta amach lastuigh de leathuair. Beidh Dermot Kennedy, Tame Impala agus Arctic Monkeys ina bpríomh-mhír na féile agus beidh an fhéile ar siúl idir an dara agus an ceathrú lá de mhí Mheán Fomhair le 70,000 duine i láthair. Ag labhairt ar thábhacht na hócáíde, duirt stiúrthóir na féile Melvin Benn, “táimid ag maireachtáil i ndomhan corrach ach tá meabhrúchán de dhíth orainn go leanann an saol ar aghaidh - tá sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá ag streachailt ach tá ábhar seachráin de dhíth orainn, tá ár saol cultúrtha de dhíth orainn.”

    Thángthas ar long bháite Ernest Shackleton i ngar d’Antairtice tar éis níos mó ná céad bliain ag bun na farraige. Cailleadh an long, ar a tugadh Endurance, i mí na Samhna 1915 le linn iarracht an chéad dul trasna mhór-roinn na hAntairtice. Theip ar iarrachtaí eile teacht ar an mbád briste mar thoradh ar an oighear a chlúdaíonn an Mhuir Wedell, áit ar thit an long faoin uisce ach bhí an misean Endurance22 in ann teacht uirthi an uair seo mar gheall ar theicneolaíocht a d’fhorbair an fhoireann. Deir stiúrthoir an mhisin go bhfuil an t-aimsiú ina long adhmaid bháite is fearr a chonaic sé riamh: “Tá sé seasta, slán agus i staid iontach caomhnaithe.”

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cainteanna síochána - peace talks

    díláithrithe - displaced

    príomh-mhír na féile - festival headliner

    domhan corrach - unsettled world

    ábhar seachráin - distraction

    long bháite - shipwreck

    staid iontach caomhnaithe - a great state of preservation

    5 min
  • Cothrom an Lae - 12 Márta (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. 

    Cothrom an lae seo sa bhliain 1689, tháinig James Stuart i dtír in Éirinn i gCionn tSáile. Ag an am bhí sé ina iar-rí ar Alban, ar Shasana agus ar Éirinn, agus dár leis, ar an bhFrainc chomh maith. Bhí sé ag iarraidh an choróin a bhaint ar ais ó William Oráiste, le taca mhuintir Chaitliceach na hÉireann. Gheall sé saoirse reiligiúin dóibh, agus aisíoc talún a gabhadh i réimeas Chromail. Bhí claontacht air i gcoinne Protastúnach, agus thug sé gach post sinsearach ina rialtas nó ina airm do Chaitlicigh, agus sula i bhfad bhí cogadh cathartha a bhain le reiligiún, talamh agus eitneacht spreagtha aige in Éirinn. Ní raibh aon airgead aige, agus mar sin rinne sé mona práinneach, an ‘mona gunnaí’, as gach saghas de dramh-mhiotal práis nó copair a bhí le fáil, mar shean-chloig, gunnaí móra agus a leithéid, le gealltanas go bhfuasclódh sé in óir agus in airgid é nuair a bhfaigheadh sé an choróin ar ais, rud nár tharla. Tháinig na mílte saighdiúir Francach leis, ar an lá seo agus níos déanaí. Acht tar éis bhriseadh Chath na Bóinne air chaill sé a dhóchas agus sciob sé ar ais go dtí an Fhrainc chomh tapaidh agus ab fhéidir leis, agus a airm ag troid fós ar a shon in Éirinn gan pháigh. Lean na Seacaibítigh ar aghaidh go deireadh an dara Léigear Luimnigh i mí Dheireadh Fómhair 1691, nuair a ghéill siad faoi théarmaí Chonradh Luimnigh. Ní raibh aon mhaitheas sa gconradh sin mar sáraíodh a airteagail shibhialta leis na Péindlíthe díreach ina dhiaidh; agus deirtear go ndúirt Pádraig Sáirséal “change but kings with us, and we will fight it over again with you” agus é ag idirbheartú an chonartha leis na hUilliamaítigh. Mar gheall ar an dochar a rinne sé agus a chuid meatacht phearsanta, is minic a thugtar “Séamas a’ Chaca’ ar an rí Stuart deireanach in Éirinn.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    réimeas – reign

    mona práinneach – emergency money

    dramh-mhiotal – refuse metal

    na Péindlíthe – the Penal Laws

    meatacht – cowardice

    5 min
  • Cothrom an Lae - 11 Márta (Luimneach)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. 

    Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag ocht déag, foilsíodh an leabhar Frankenstein. Is úrscéal gotach agus ficsean eolaíochta é Frankenstein. Ba í an t-údar Mary Shelley, iníon an fheiminigh Mary Wollstonecraft a scríobh é, nuair nach raibh sí ach naoi mbliana déag d'aois. Insíonn sé scéal eolaí a chruthaíonn créatúr mothaitheach i dturgnamh eolaíochta. Nuair a dhiúltaíonn an t-eolaí an créatúr, téann sé ag fánaíocht, ag lorg agus gan teacht ar chompánaigh dó féin. Ó shin, rinneadh scannáin, cláir theilifíse agus drámaí den scéal, agus an leagan is luaithe in naoi déag tríocha a haon.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    gotach - gothic

    turgnamh eolaíochta – scientific experiment

    2 min
  • Cothrom an Lae - 10 Márta (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. 

    Cothrom an lae seo sa bhliain 1876, rinne Alexander Graham Bell an chéad scairt teileafóin ar domhan, nuair a d’éirigh leis ceangal intuigthe a bhunú lena chúntóir a bhí i seomra teorantach. Ghair sé ar a chúntóir saotharlainne, Thomas Watson, leis na focail, “A Watson–tar anseo–ba mhaith liom tú a fheiceáil,” de réir nótaí saotharlainne a scríobh Bell. Mac d’eolaí agus de phianódóir ab ea Bell: bhí a mháthair bodhar agus mhúin a athair daoine bodhra, rud a rinne Bell é féin agus é i Meiriceá. Nuair a bronnadh duais air ó rialtas na Fraince ar son gaisce in eolaíocht leictreach in 1880, d’úsáid sé an t-airgead duaise le Saotharlann Volta a bhunú, institiúid a bhí tiomanta do staidéar ar an bhodhaire agus d'fheabhsú shaol na ndaoine bodhra.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    pianódóir – pianist

    bodhaire - deafness

    3 min
  • Cothrom an Lae - 9 Márta (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an naoú lá de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh.


    Cothrom an lae seo sa bhliain 1959, tharraing seoladh an chéad bhábóg Barbie go leor poiblíochta ag Aonach Bréagán Idirnáisiúnta Mheiriceá Thuaidh i Nua Eabhrach. Chruthaigh an bhean ghnó, Ruth Handler, an bhábóg íocónach don chomhlacht bréagán, Mattel, agus margaíodh Barbie do chailíní óga mar mhainicín faisin sna déaga. De réir an lucht cáinte, cuireann dearadh na bábóige corpíomhá neamhréadúil chun cinn do pháistí. In ainneoin na gcáintí seo, is iad Barbie agus a buachaill, Ken, dhá cheann de na bréagáin is mó tóir orthu ar domhan. Meastar go bhfuil breis agus billion bábóg Barbie díolta go dtí seo ar fud an domhain.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    mainicín faisin - fashion model

    corpíomhá neamhréadúil - unrealistic body image

    3 min
  • Cothrom an Lae - 8 Márta (Ciarraí)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. 

    Cothrom an lae seo sa bhliain 1910, ba í Raymonde de Laroche an chéad bhean a fuair ceadúnas píolóta. Rugadh i bPáras na Fraince í sa bhliain 1882. Bean spórtúil ab ea í agus thaithin gluaisrothair agus cartacha go mór lei. Bhí cáil uirthi leis mar aisteoir roimhe. Spreagadh í san eitlíocht nuair a chur sí aithne ar eitleoirí eile. Chuaigh turas na ndeartháireacha Wright sa bhliain 1908 i gcion go mór uirthi freisin. Thosnaigh sí ag foghlaim conas eitilt sa bhliain 1909 sa bhaile Chalons, 140 ciliméadar taobh amuigh de Pháras. Chabhraigh an píolóta Charles Voisin léi taithí a fháil ar conas eitleán a láimhseáil. De réir a chéile d’éirigh léi eitleán a phíolótú go neamhspleách. Sa bhliain 1910, fuair sí roinnt cuirí go dtí taispeántais eitleáin timpeall an domhain. Bhí gradaim ann don té a bhainfeadh amach an luas, airde agus fad ab fhearr. Chuaigh sí ar turas go dtí Caireo san Éigipt, Cathair Pheadair sa Rúis agus Búdaipeist na hUngáire. Bhí roinnt timpistí aici ach lean sí ar aghaidh i gcónaí. Sa bhliain 1913, bhuaigh sí an gradam Coupe Femina, duais do phíolótaí baineanna as gnóthú thar na bearta a bhaint amach le heitilt 323 ciliméadar. Tháinig deireadh lena cuid aistear nuair a thosnaigh an Chéad Chogadh Domhanda. Thóg sí post mar thiománaí ag iompar saighdiúirí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, thosnaigh sí ag eitilt arís. Sa bhliain 1919 chuaigh sí thar na bearta ní b'fhaide arís ar airde 4800 méadar. Ní amháin go raibh sí ag eitilt, bhí cáil uirthi mar innealtóir éirimiúil ag tástáil eitleán mar theastaigh uaithi caighdeán ní b'fhearr a bheith ar an margadh. I mí Iúil 1919 bhí sí amuigh ag tástáil, agus thuairteáil an t-eitleán agus bhuail sé an talamh. Fuair sí bás agus í 36 bliain d’aois. Deintear comóradh ar Raymonde de Laroche ag Seachtain Dhomhanda Mhná na hEitlíochta i mí an Mhárta agus tá dealbh di le feiceáil san aerfort Le Bourget i bPáras.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ceadúnas píolóta - pilot's licence

    eitlíocht - aviation

    cuirí - invitations


    5 min
  • Cothrom an Lae - 7 Márta (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Cothrom an lae seo sa bhliain 1917, eisíodh an chéad cheirnín ar a tugadh “snagcheol”, nó “jazz” sa Bhéarla. Ba é an Dixieland Original Jass Band a chum agus a sheinn “Dixieland Jass Band One-Step”. Ceaptar gur in New Orleans a cruthaíodh an seánra ceoil seo, nuair a bhíodh Afra-Mheiriceánaigh ag ceol agus ag damhsa i gCearnóg an Chongó sa chathair. Cuireadh gnéithe de chultúr na hAfraice, go háirithe an rithim, le chéile le ceol Cairibeach agus ceol Eorpach chun snagcheol a chruthú. Mar sin, deirtear gurb é an snagcheol an t-aon fhoirm ealaíne a cruthaíodh sna Stáit Aontaithe, agus ba mhór an tionchar a bhí ag an cheol seo, in éineacht le ceol gaspal agus na gormacha, ar phopcheol i rith an 20ú céad agus fós inniu. Go deas!

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ceirnín – record

    snagcheol - jazz

    seánra - genre

    3 min
  • Cothrom an Lae - 6 Márta (Gaillimh)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an séú lá de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett. 

    Cothrom an lae seo sa bhliain 1972, rugadh Shaquille Rashaun O'Neal, nó 'Shaq', iar-imreoir cispheile Meiriceánach gairmiúil agus duine de na himreoirí cispheile is fearr agus is cáiliúla ar domhain. Chaith sé naoi mbliana déag ag imirt cispheile sna Stáit Aontaithe, ar fhoirne ar nós na Los Angeles Lakers, agus bhuaigh sé Ceannchluiche an Chumainn Náisiúnta Cispheile ceithre uaire i rith a ghairme. Tá sé 7 dtroithe 1 orlach ar airde. Chomh maith leis an spórt, rinne Shaq ceirníní rapcheoil agus rinne sé aisteoireacht i roinnt scannán agus clár teilifíse i gcaitheamh na mblianta. Faoi láthair, tá sé ag obair mar anailísí spóirt ar an teilifís agus mar óstach podchraolta freisin.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    cispheil - basketball

    troigh - foot

    orlach - inch

    anailísí - analyst

    óstach - host

    3 min
  • 5 Márta 2022 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin ar siúl, go mall agus go tubaisteach, in aghaidh frithbheartaíocht dhian mhuintir na hÚcráine. Thosaigh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin an t-ionradh orthu chun, mar a dúirt sé, dínaitsíú a dhéanamh ar an Úcráin, cé nach bhfuair páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis acht 1.6% den vóta i dtoghchán na huachtaránachta. Tá comparáid déanta ag tráchtairí eile idir Putin féin agus Hitler, agus cogadh talún tosaithe aige san Eoraip. Ní féidir an focal ‘ionradh’ a chur ar an cogadh taobh istigh den Rúis ar mbaol géibhinn, agus dúnadh stáisiúin raidió agus teilifíse shaora dheireanacha na Rúise an tseachtain seo as sin a dhéanamh. Tá an-mheas buaite ag muintir na hÚcráine ar fud an domhan as a seasamh láidir i gcoinne an ionraidh, faoi cheannasaíocht chróga a n-Uachtarán Volodymyr Zelenskyy, agus seans go bhfuil an cogadh straitéiseach caillte ag an Rúis cheana. Tá iarratas ballraíochta ar an Aontas Eorpach déanta ag an Úcráin agus an tSeoirse; agus mar gheall ar an t-uafás roimh an ionradh ar fud an domhain, tá na smachtbhannaí eacnamaíochta, cultúrtha agus spóirt is láidire riamh curtha ar an Rúis, agus a mbainc caite amach as an gcóras idirnáisiúnta, an banc ceannais ina measc, rud nach bhfacthas roimhe seo. Tá seans go bhfágfaidh na smachtbhannaí geilleagar na Rúise in anchaoi; acht faoi láthair tá daoine ag básadh agus cathracha á scriosadh san Úcráin.

    I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá an coiste comhdháile atá ag déanamh fiosrúchán ar an ionsaí ar an Capitol tar éis an toghcháin anuraidh i ndiaidh cúiseamh comhcheilge coiriúla a chur ar Donald Trump. Rinne Trump achomharc agus is cosúil go gcuirfear moill ar an bpróiseas anois agus nach mbeidh air teistíocht a dhéanamh go luath. Do mhol Trump Vladimir Putin faoi thrí le gairid, mar fhear an-cliste, ag tús an ionraidh ar an Úcráin, acht ansin cháin sé an marú atá ar siúl, gan ainm Putin a lua. 

    Agus in Éirinn, tharla Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite i nGaillimh, an chéad cheann san fhíorshaol ó tháinig COVID ar an domhan. Toghadh Paula Melvin mar Uachtarán an Chonartha, an tríú bean riamh. Seoladh Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil san ionad siopadóireachta An Fhaiche Mhór; agus bronnadh duais ar Uachtarán na hÉireann ag dinnéar speisialta Dé Sathairn. I mBaile Átha Cliath oíche Déardaoin, tharla an chéad PopUp Gaeltacht ó thús na paindéime, agus an teach tábhairne plódaithe leis na céadta Gaeilgeoirí.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ionradh - invasion

    dínaitsíú - denazification 

    ball géibhinn - danger of imprisonment

    cúiseamh comhcheilge coiriúla - criminal conspiracy charge

    teistíocht - deposition, testimony

    6 min
  • Cothrom an Lae - 5 Márta (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. 

    Cothrom an lae seo sa bhliain 1960 tógadh ‘an griangraf is cáiliúla ar domhan’. Thóg Alberto Korda an grianghraf Guerillero Heroico, portráid de réabhlóidí Marxach Che Guevara in Havana, Cúba, ag cuimhneachán ar son íospartaigh phléasc La Coubre. Bhí Che Guevara tríocha a haon bliain d’aois nuair a tógadh an grianghraf agus cuireadh é chun bás seacht mbliana ina dhiaidh, in 1967. Deir an iarsmalann Victoria and Albert go n-athchruthaítear an t-íomhá níos minice ná aon íomhá eile i stair na grianghrafadóireachta, agus leaganacha déanta i bpéint, i bprionta, go digiteach, ar éadaí, tatúnna agus beagnach gach meán eile atá ar fáil. Rinne ealaíontóir Éireannach darbh ainm Jim FitzPatrick an chéad dearadh den phóstaer stílithe cáiliúil den íomhá i ndubh agus dearg. Tá aitheantas ag an íomhá ar fud an domhain, i ngach teanga agus deir saineolaí nach bhfuil siombail ar bith cosúil leis sa stair. Tá leabhair agus cláir faisnéise bunaithe ar an íomhá chomh maith.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    réabhlóidí - revolutionary

    cuimhneachán - commemoration

    aitheantas - recognition

    3 min