Nuacht Mhall

12 Márta 2022 (Tiobraid Árann)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.

Lean ionsaithe san Úcráin i rith na seachtaine agus fórsaí na Rúise ag bogadh níos cóngaraí do Chív, príomhchathair na tíre, gach lá. Tharla ionsaithe ar na cathracha Lutsk, Ivano-Frankivsk agus, den chéad uair ó thús an ionraidh, Dnipro. Tá cainteanna síochána ar siúl idir oifigigh Rúiseacha agus Úcránacha agus deir Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go bhfuil dul chun cinn dearfach ag tarlú ach níl aon torthaí cruinne ag teacht ó na cainteanna fós. D’fhógair Coimisiúin Dídeanaithe na Naísiún Aontaithe gur shroich méid na ndídeanaithe ón Úcráín 2.5 milliún maidin dé hAoine agus tá dhá milliún duine eile díláithrithe lastuigh den tír. Shroich Racheal Diyaolu, iníon léinn ó Cheatharlach, Éire slán sabháílte oíche Déardaoin tar éís éalú ón Úcráin. Bhí Rachael, atá naoi mbliana déag d’aois, ag staidéar leighis in ollscoil in Sumy, in oirthear na tíre. Bhí sí greamaithe ann ó tosaíodh na hionsaithe ag deireadh mhí Feabhra agus d’éalaigh sí le cabhair ó bheirt deonaithe a thaistil ón Albain chun cabhair a thabhairt do dhídeanithe. D’imigh sí ón gcathair dhá lá sular thosaigh buamáil ann.

Tar éis dhá bliain den phaindéim tá féilte ceoil ag teacht ar ais. Fógraíodh filleadh Electric Picnic, an fhéile cheoil is mó in Éirinn, ar an Déardaoín agus maidin Dé hAoine bhí na ticéid díolta amach lastuigh de leathuair. Beidh Dermot Kennedy, Tame Impala agus Arctic Monkeys ina bpríomh-mhír na féile agus beidh an fhéile ar siúl idir an dara agus an ceathrú lá de mhí Mheán Fomhair le 70,000 duine i láthair. Ag labhairt ar thábhacht na hócáíde, duirt stiúrthóir na féile Melvin Benn, “táimid ag maireachtáil i ndomhan corrach ach tá meabhrúchán de dhíth orainn go leanann an saol ar aghaidh - tá sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá ag streachailt ach tá ábhar seachráin de dhíth orainn, tá ár saol cultúrtha de dhíth orainn.”

Thángthas ar long bháite Ernest Shackleton i ngar d’Antairtice tar éis níos mó ná céad bliain ag bun na farraige. Cailleadh an long, ar a tugadh Endurance, i mí na Samhna 1915 le linn iarracht an chéad dul trasna mhór-roinn na hAntairtice. Theip ar iarrachtaí eile teacht ar an mbád briste mar thoradh ar an oighear a chlúdaíonn an Mhuir Wedell, áit ar thit an long faoin uisce ach bhí an misean Endurance22 in ann teacht uirthi an uair seo mar gheall ar theicneolaíocht a d’fhorbair an fhoireann. Deir stiúrthoir an mhisin go bhfuil an t-aimsiú ina long adhmaid bháite is fearr a chonaic sé riamh: “Tá sé seasta, slán agus i staid iontach caomhnaithe.”

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

cainteanna síochána - peace talks

díláithrithe - displaced

príomh-mhír na féile - festival headliner

domhan corrach - unsettled world

ábhar seachráin - distraction

long bháite - shipwreck

staid iontach caomhnaithe - a great state of preservation

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners