Nuacht Mhall

5 Márta 2022 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin ar siúl, go mall agus go tubaisteach, in aghaidh frithbheartaíocht dhian mhuintir na hÚcráine. Thosaigh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin an t-ionradh orthu chun, mar a dúirt sé, dínaitsíú a dhéanamh ar an Úcráin, cé nach bhfuair páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis acht 1.6% den vóta i dtoghchán na huachtaránachta. Tá comparáid déanta ag tráchtairí eile idir Putin féin agus Hitler, agus cogadh talún tosaithe aige san Eoraip. Ní féidir an focal ‘ionradh’ a chur ar an cogadh taobh istigh den Rúis ar mbaol géibhinn, agus dúnadh stáisiúin raidió agus teilifíse shaora dheireanacha na Rúise an tseachtain seo as sin a dhéanamh. Tá an-mheas buaite ag muintir na hÚcráine ar fud an domhan as a seasamh láidir i gcoinne an ionraidh, faoi cheannasaíocht chróga a n-Uachtarán Volodymyr Zelenskyy, agus seans go bhfuil an cogadh straitéiseach caillte ag an Rúis cheana. Tá iarratas ballraíochta ar an Aontas Eorpach déanta ag an Úcráin agus an tSeoirse; agus mar gheall ar an t-uafás roimh an ionradh ar fud an domhain, tá na smachtbhannaí eacnamaíochta, cultúrtha agus spóirt is láidire riamh curtha ar an Rúis, agus a mbainc caite amach as an gcóras idirnáisiúnta, an banc ceannais ina measc, rud nach bhfacthas roimhe seo. Tá seans go bhfágfaidh na smachtbhannaí geilleagar na Rúise in anchaoi; acht faoi láthair tá daoine ag básadh agus cathracha á scriosadh san Úcráin.

I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá an coiste comhdháile atá ag déanamh fiosrúchán ar an ionsaí ar an Capitol tar éis an toghcháin anuraidh i ndiaidh cúiseamh comhcheilge coiriúla a chur ar Donald Trump. Rinne Trump achomharc agus is cosúil go gcuirfear moill ar an bpróiseas anois agus nach mbeidh air teistíocht a dhéanamh go luath. Do mhol Trump Vladimir Putin faoi thrí le gairid, mar fhear an-cliste, ag tús an ionraidh ar an Úcráin, acht ansin cháin sé an marú atá ar siúl, gan ainm Putin a lua. 

Agus in Éirinn, tharla Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite i nGaillimh, an chéad cheann san fhíorshaol ó tháinig COVID ar an domhan. Toghadh Paula Melvin mar Uachtarán an Chonartha, an tríú bean riamh. Seoladh Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil san ionad siopadóireachta An Fhaiche Mhór; agus bronnadh duais ar Uachtarán na hÉireann ag dinnéar speisialta Dé Sathairn. I mBaile Átha Cliath oíche Déardaoin, tharla an chéad PopUp Gaeltacht ó thús na paindéime, agus an teach tábhairne plódaithe leis na céadta Gaeilgeoirí.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ionradh - invasion

dínaitsíú - denazification 

ball géibhinn - danger of imprisonment

cúiseamh comhcheilge coiriúla - criminal conspiracy charge

teistíocht - deposition, testimony

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners