
Sign up to save your podcasts
Or


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an dara lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Tharla sochraid Ashling Murphy sa Tulach Mhór in Uíbh Fhailí Dé Máirt. Dúnmharaíodh í in ionsaí gránna i lár an lae, nuair a raibh sí amuigh ag rith in aice na canála. Bhí sí fiche trí bliain d’aois. Tháinig ná sluaite amach ina cuimhne, i ndlúthpháirtíoch lena muintir, agus i gcoinne foiréigean ar an mná, ar fud na hÉireann agus trasna an domhain. Tá fear gafa ag na gardaí ar chúiseamh dúnmharaithe.
Bhí brúchtadh pléascach ag an mbolcán muirí Hunga-Tonga Hunga-Ha’apai, seasca cúig ciliméadar ó thuaidh ó Tongatapu, an t-oileán is mó in Tonga. Ghin an brúchtadh tsunami a d’imigh ar fud an Aigéin Chiúin, agus a mharaigh ar a laghad triúr in Tonga; tonn turrainge san atmaisféar a d’imigh timpeall an domhain faoi dhó; agus scamall mór deannaigh agus deataigh, agus na céadta splanc thintrí gach nóiméad taobh istigh ann, agus a d’imigh suas go dtí an strataisféar. Scrios an brúchtadh an cábla cumarsáide le Tonga, agus tar éis an tsunami tá na hoileáin uilig faoi bhrat luatha. Tá an príomh-rúidbhealach glanta agus an t-aerfort ar oscailt arís, acht tá díospóireacht ar siúl in Tonga idir cabhair a ligean isteach, agus COVID a choiméad amuigh.
Bhí bua mór ag foireann peile na nOileán Comóra i gcoinne Gána i gCraobh Náisiúin na hAfraice an tseachtain seo. Le foireann óna diaspora, tá siad ag glacadh páirt sna cluichí ceannais den chéad uair, agus, ina gcluiche deireanach sa ghrúpa, fós lena gcéad chúl nó pointe á lorg acu. Fuair siad trí chúl sa chluiche, in aghaidh a dó ag Gána, an buaiteoir le cúig nóiméad fágtha. Agus tar éis torthaí i ngrúpaí eile, tá áit bainte amach ag Oileáin Chomora sa chéad bhabhta eile. Les Ceolacanthes an leasainm atá orthu, mar gheall ar na seanéisc shuimiúla atá ina gcónaí amuigh ó na hoileáin.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
sochraid - funeral
ar chúiseamh dúnmharaithe - on a charge of murder
brúchtadh pléascach - explosive eruption
tonn turrainge - shock wave
splanc thintrí - flash of lightning
faoi brat luatha - under a layer of ash
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an cúigiú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Sibéal Dempsey.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
easpa éagsúlachta - lack of diversity
saincheisteanna eiticiúla - ethical issues
seirbhísí sruthú craolta - broadcast streaming services
maoirseacht - supervision
Fórsa Teorann na hÁstráile - Australian Border Force
ocáid ghrianghrafadóireachta - photo op
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-ochtó lá de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Ar Lá na Bliana Úire, i ndiaidh feachtas fada, tugadh lánstádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Ba mheán oíche ar an 31ú Nollaig an uair a chríochnaigh maolú a bhí ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Cuireann an t-athrú seo an teanga ar comhchéim le teangacha bhunaitheoirí an Aontais, agus ghlac Gaeilgeoirí na hÉireann an t-éacht seo mar éacht suntasach. Síltear go mbeadh méadú 70% ar an mhéid reachtaíochta a aistreofar go Gaeilge sa Choimisiún ó seo amach. Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, gurb í an bhliain seo 2022 an bhliain le hiarracht mhór a dhéanamh ar son na teanga.
Tá reacht úr curtha i bhfeidhm i bPoblacht na hÉireann a chuireann íosteorainn ar an phraghas ar a ndíoltar alcól. Ní cheadaítear buidéal caighdeánach fíona a dhíol ar phraghas níos ísle ná €7.40, nó canna beorach níos lú ná €1.70. Dúirt An tAire Sláinte, Stephen Donnelly, gur cruthaíodh an reacht chun tinneas agus básanna bainte le handúil san alcól a isliú. Moladh do pholaiteoirí Stormont dlí comhchosúil a chur i bhfeidhm sa tuaisceart, ach tá meon an phobail scoilte, agus daoine ag rá nach gcuideoidh an dlí úr seo leis an fhadhb atá againn leis an alcól, muna bhfuil tacaíocht cheart agus seirbhísí eile ar fáil fá choinne daoine a bhfuil andúil san alcól acu.
Chuir Carrie Lam, ceannaire Hong Cong, cosc ar eitiltí ag teacht isteach sa tír ó ocht dtír an tseachtain seo. Mairfidh an cosc coicís. Ní bheidh cead teacht isteach ag eitilití ó na Stáit Aontaithe, ó Cheanada, ón Astráil, ón Phacastáin, ó na hOileáin Fhilipíneacha, ón Fhrainc, agus ón India. Tá beartas “nialas-Covid” ag Hong Kong, agus tá an cosc seo ar cheann de na srianta nua atá curtha i bhfeidhm ag an tír beagnach dhá bhliain i ndiaidh thús na pandéime. Tá na srianta nua seo sa tír ar na cinn is déine ar domhan faoi láthair.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
lánstádas oifigiúil - full official status
éacht - achievement
íosteorainn - lower limit
andúil - addiction
cosc - ban
nialas - zero
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu Lá Caille. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.
Bhris nuacht de bhás an Ardeaspaig Desmond Tutu, gníomhaí frith-Apartheid, ar an 29ú lá de mhí na Nollag. Fuair sé bás ag aois nócha, tar éis beagnach fiche cúig bliain ag troid in éadan ailse phróstataigh. Oirníodh Tutu ag aois tríocha agus ceapadh ina Ardeaspag é i 1986. D’úsáid sé a phost chun tacú idirnáisiúnta a threisiú ar son na gluaiseachta Frith-Apartheid san Aifric Theas. Anuas air sin, thug sé tacaíocht do chúiseanna idirnáisiúnta amhail cearta LADT, an Phalaistín, athrú aeráide agus bás cuidithe. Tá meas ullmhór tuilte aige san Aifric Theas agus ar fud an domhain, ba bhuaiteoir de Dhuais Nobel na Síochána é, agus tháinig na mílte ómós lena bhás. Leanfaidh seachtain dobhróin san Aifric Theas.
Deir taighdeoirí go raibh seachtó a ceathair saighdiúirí Protastúnacha a throid sa Chéad Cogadh Domhanda ina nGaeilgeoirí. Is an grúpa Turas, a dhéanann an Gaeilge a chur chun cinn sa phobal Protastúnach i mBéal Feirste, a rinne an taighde. Ba as Oirthear Bhéal Feirste an chuid ba mhó de na Gaeilgeoirí Protastúnacha seo agus bhí ceangail acu leis an dílseachas. Deir ceannaire an stáidéir Carmel Duggan go gcuireann na torthaí dúshlán faoi aireachtáil an cheantair agus an mheoin a bhí ag daoine faoin Ghaeilge ag an am agus gur tháinig athrú mór ar na meoin sin sna blianta ó shin i leith. Rinneadh an taighde trí crostagairt a dhéanamh idir na daonáirimh 1901 agus 1911, agus taifead míleatach de shaighdiúirí ó Bhéal Feirste.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
Lá Caille - New Year's Day
ailse phróstataigh - prostate cancer
bás cuidithe - assisted death
gáinneáil - trafficking
fíorasc - verdict
dílseachas - loyalism
crostagairt - cross-reference
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu Lá Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail.
Cuireadh ceal ar níos mó ná dhá mhíle eitilt ar fud an domhain Oíche Nollag mar gheall ar ghanntanas foirne i ndiaidh ardú tobann i líon casanna Omicron. D'éirigh leis na mílte Éireannach dul abhaile ón Bhreatain agus ón Mhór-roinn ach tá an-chuid eile sáinnithe ar leithlis i ndiaidh dóibh toradh dearfach a fháil i dtástáil Covid-19. Tá eolaithe dóchasach go bhfuil an t-athraitheach seo den víreas níos éadroime ná na cinn roimhe seo ach moltar fós vacsaín a fháil chun sábháilteacht an phobail a chosaint.
Tá an file iomráiteach Thomas Kinsella tar éis bás a fháil ag 93 bliain d'aois. Rugadh Kinsella in Inse Chór i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 agus foilsíodh a chéad dánta in iris de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sna caogaidí. Rinne sé aistriúchán nua ar an eipic ársa Táin Bó Cúailgne, in éineacht leis an ealaíontóir Louis Le Broquy, agus scríobh sé Butcher's Dozen i ndiaidh Dhomhnach na Fola in 1972. Bhí Kinsella ar dhuine de na heagarthóirí ar mhórchnuasach filíochta na hÉireann, Duanaire: Poems of the Dispossessed, agus bhí clú ar a dhán Mirror in February i measc dhaltaí na hArdteistiméireachta. Fuair sé Saoirse Chathair Bhaile Átha Cliath in 2007.
Tá Gabriel Boric, polaiteoir óg de chuid na heite clé, tar éis an bua a fháil i dtoghchán uachtaránachta na Sile. Sa toghchán réitigh, fuair sé an ceann is fearr ar José Antonio Kast, fear a raibh a athair ina Naitsí sa Ghearmáin sna daichidí agus a bhfuil naisc láidre aige le daoine atá i bhfad amach ar an eite dheis sa tSile sa lá atá inniu ann. Gheall Boric go n-aontódh sé an tSile, go rachadh sé i ngleic le bochtanas agus go gcuirfeadh sé deireadh leis an nualiobrálachas sa tír.
*
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil lenár n-éisteoirí uilig i mbliana. Go raibh maith agaibh as na teachtaireachtaí áille i rith na bliana agus tá súil againn go mbeidh Nollaig shona agus Athbhliain faoi mhaise agaibh go léir.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ganntanas foirne - staff shortage
sáinnithe ar leithlis - stuck in isolation
eipic ársa - ancient epic
cnuasach - collection
toghchán réitigh - run-off election
Naitsí - Nazi
Nuacht Mhall. Príomhscéalta naseachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.
Ritheadh an Bille Teanga i dTithe an Oireachtais Dé Céadaoin. Mar gheall ar an mBille, beidh ar 20 faoin gcéad d'earcaigh nua sa Státseirbhís a bheith ábalta an Ghaeilge a labhairt faoin mbliain 2030. Beidh ar an Stát ainmeacha Gaeilge a chlarú agus a litriú i gceart leis an síneadh fada agus caithfidh an Státseirbhís seirbhisí i nGaeilge a chur ar fáil do Mhuintir na Gaeilge. Dúirt Árd-Runaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn: ‘Is an lá é seo do chearta teanga, tá an poitéinseal anois ag an mbille seo an-difir a déanamh. An rud atá ag teastáil anois ná cinntiú go mbeidh na hacmhainní curtha ar fáil’. Cuirfear an bille faoi bhráid Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, chun siniú isteach sa reachtaíocht.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
earcaigh - recruits
reachtaíocht - legislation
meascra - medley
curiarracht - record (sport)
loirg - prints
gainní - scales
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an chéad lá déag de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Tháinig Stoirm Barra i dtír in Éirinn an tseachtain seo, agus bhí rabhadh dearg ag Met Éireann i gCiarraí, i gCorcaigh, agus sa Chlár. Bhí rabhadh oráiste i gCúige Chonnacht, i gCúige Uladh, agus síos go Baile Átha Cliath fiú. Moltar do ndúntar scoileanna i gcás rabhabh oráiste no dearg. Bhí baol tuillte dona i mbaile Dhún na nGall, acht bhí an tseirbhís dóiteán in ann pumpáil chun an baile a chosaint. Bhi breis agus 13,000 teaghlach fágtha gan leictreachas ina dhiaidh, agus taifeadadh soinneán gaoithe de 159km/u ag teach solais Charraig Aonair, ar a dtugtar Fastnet sa Bhéarla.
Tá pleann B i gcoinne COVID curtha i bhfeidhm ag an rialtas i Sasana, le dualgas masc a chaitheamh i siopaí agus ar an gcóras iompair, agus comhairle chun oibriú ón mbaile más féidir ón Luan seo chugainn. Ag an am céanna tá scannal mór i Sráid Downing faoi chóisir Nollag a tharla in Uimhir 10 anuraidh, agus an chuma ar an scéal go bhfuil riail amháin don rialtas agus a gcairde, agus riail eile don phobal. D’éirigh Allegra Stratton, iar-shainchabhróir do Boris Johnson, as a post ag gol go brónach faoin méid a bhí le rá aicí ag déanamh grinn faoin gcóisir, a taifeadadh bliain ó shin i Sráid Downing agus a tugadh do na meáin Dé Máirt. Agus tá trioblóidí COVID ag príomhaire na Fionlainne chomh maith, mar d’imigh sí amach ag clubáil go dtí a ceathair a chlog ar maidin agus í ina dlúth-theagmhálaí.
Tá an teannas ag ardú idir an Rúis agus an Ucráin, agus go leor fórsaí de chuid na Rúise ag bailiú ag an teorainn. Tá an Chrimé ionghafa ag an Rúis ó bhí 2014 ann, agus tá eagla ann go bhfuil ionsaí eile ag teacht. Bhí cruinniú mullaigh Zoom idir Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, agus Joe Biden, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, chun na cúinsí a phlé.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
rabhadh - warning
an tseirbhís dóiteán - the fire brigade
iar-shainchabhróir - ex-aide
dlúth-theagmhálaí - close contact
teannas - tension
ionghafa - annexed
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an ceathrú lá de mhí na Nollag. Is mise Sibéal Dempsey.
An tseachtain seo, ag meán oíche ar an tríochadú lá de mhí na Samhna, fógraíodh Barbadós ina poblacht. Bhí Barbadós faoi ghéillsine ag Coróin na Breataine le beagnach ceithre chéad bliain, cé gur bhain sí neamhspleáchas amach caoga cúig bliain ó shin. Rinneadh Uachtarán na tíre den Bhantiarna Sandra Mason Dé Luain, a bhí ina hardghobharnóir roimhe seo. Mar sin, ghlac sí áit na Banríona mar cheann stáit. Dúirt an Bhanríon go mbraitheann sí “brón” faoin scaradh. Thug an Prionsa Charles cuairt ar an oileán ina háit agus thug sé faoi deara uafás na sclábhaíochta san am atá caite.
D’aimsigh eolaithe sa tSile dhá pholl dhubha ollmhóra an tseachtain seo. Ag a sé chéad solasbhliain déag óna chéile, is iad na cinn is gaire a aimsíodh fós. Is iadsan an péire is gaire don Domhan freisin agus iad lonnaithe i réaltbhuíon an Uisceadóra. Cruthaítear poill dhubha nuair a chliseann réaltaí an-mhór ag deireadh a saoil, agus fásann poill dhubha ollmhóra trí ábhar agus radaíocht a ionsú. Ríomhann taighdeoirí gur dócha go mbuailfidh na poill dhubha seo in aghaidh a chéile agus go gcumascfaidh said le chéile i bpoll dubh amháin i gceann timpeall dhá chéad caoga milliún bliain. Tugann na torthaí le tuiscint freisin go bhféadfadh go mbeadh go leor eile le fáil fós, b’fhéidir suas le tríocha faoin gcéad níos mó de réir duine de na réalteolaithe, an Dochtúir Vogel.
Fuair Mary Maher, an t-iriseoir, ceardchumannaí agus gníomhaí feimineach bás níos luaithe an tseachtain seo ag aois ochtó a haon. Rugadh i mBostún í do theaghlach Éireannach-Mheiriceánach agus bhog sí go hÉirinn i lár na naoi déag seascaidí, áit ina rinneadh eagarthóir ar an Irish Times di, agus bhain sí cáil amach as ceisteanna sóisialta amhail pá comhionann agus dáil tithíochta a chlúdach. Bhí sí ina feachtasóir glórach ar son cearta na mban agus tá cáil uirthi freisin as Gluaiseacht Saoirse na mBan in Éirinn a bhunú, grúpa a d'iarr, i measc nithe eile, pá comhionann agus cearta comhionanna sna seachtóidí.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
faoi ghéillsine ag Coróin na Breataine - subject to the British Crown
uafás na sclábhaíochta - the horror of slavery
poll dubh - black hole
réaltbhuíon an Uiscedóra - the constellation of Aquarius
ceardchumannaí - trade unionist
gníomhaí feimineach - feminist activist
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniú an 27ú de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh.
Bhuaigh Tadhg Mac Dhonnagáin, scríbhneoir as Maigh Eo atá ina chónaí ar an Spidéal, an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na ‘An Post Irish Book Awards’ ar son a leabhair, Madame Lazare. Roghnaíodh leabhar Mhic Dhonnagáin don ghradam as gearrliosta de chúig theideal. Baineann plota an úrscéil le bean óg a dhéanann iarracht tuiscint a fháil ar rúndiamhair shaol a seanmháthar, a theith ón Eastóin sna 1930idí chun géarleanúint na Naitsithe ar Ghiúdaigh a éalú. Dúirt Breandán Ó hEaghra as ‘Love Leabhar Gaeilge’ gur éacht iontach é don scríbhneoir agus don fhoilsitheoir an gradam a bhuachan don chéad úrscéal agus gur dea-thuar é an bua do thodhchaí fhoilsitheoireacht na Gaeilge.
Sa tSibéir, tá ceithre dhuine dhéag ar a laghad tar éis bás a fháil agus na scórtha eile fós ar iarraidh i mianach guail Rúiseach. Ar an Déardaoin, lasadh smúdar guail i seafta aerála, rud a líon an mianach le deatach de réir na Seirbhísí Éigeandála. Mar gheall ar na leibhéil chontúirteacha meatáin sa mhianach, ba ghá an oibríocht tarrthála a chur ar fionraí ar eagla go dtarlódh pléascadh. Sin a dúirt gobharnóir an réigiúin, Sergei Tsivilev. Osclaíodh cás coiriúl chun faillí sa mhianach a imscrúdú.
Tá an chéad Phríomh Aire baineann sa tSualainn, Magdalena Anderssen, tar éis éirí as a post seacht n-uair an chloig tar éis dian ról a ghlacadh. Thit rialtas Anderssen as a chéile nuair a d’fhág a comhpháirtithe sa chomhrialtas ón gComhaontas Glas mar agóid i gcoinne dhiúltú na Parlaiminte tacaíocht a thabhairt do bhuiséad an rialtais. Agus í ag éirí as, dúirt Anderssen go raibh sí corraithe cailíní a spreagadh ar fud na Sualainne lena ceannaireacht ach nár íomhá mhaith í seo de pholaitíocht na Sualainne.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
rúndiamhair - mystery
géarleanúint - persecution
smúdar guail - coal dust
meatán - methane
oibríocht tarrthála - rescue mission
comhrialtas - coalition
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an fichiú lá de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
D’fhógair ceannaire Bhiúró Cibearchoireachta an Gharda Síochána go bhfuil roinnt oibríochtaí beartaithe acu sna míonna amach romhainn, atá ceangailte leis an fhiosrúchán maidir leis an ionsaí bogearraí éirice in aghaidh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i mbliana. Bailíodh fianaise ó naoi ndlínse timpeall an domhain, agus gardaí agus a gcomhpháirtithe ag déanamh ionsaithe mhóra chun chur isteach ar na haiceálaithe. Tugadh tuairisc gur cuireadh stop le 753 íospartach úra ag an drong ar fud an domhain, ó tosaíodh an fiosrúchán, a leanann go fóill.
Cuireadh stop le triail in aghaidh níos mó ná 29 oibrí cabhrach a chuidigh le dídeanaithe an Ghréig a bhaint amach idir 2016 agus 2018, tamall gairid i ndiaidh a hoscailte. Is as Éirinn é duine de na hoibrithe, Seán Binder, a labhair faoina fhrustrachas leis an chinneadh agus an mhoill sa bhreis. De réir an bhreithimh, ní raibh an chúirt inniúil éisteacht leis an chás. Dúirt grúpaí cearta daonna gurb triail áiféiseach ar chúiseanna polaitiúla í.
D’oscail féile 2021 den Irish Film Festival London le léiriú den scannán Gaelach Arracht, mar chuid dá athéisiúint ó dhruid na pictiúrlanna in 2020. Bhí na ticéid uilig díolta amach don imeacht, a bhí ina cheiliúradh oscailte, i gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge i Londain. Bhí agallamh leis an stiúrthóir, Tom Sullivan, i ndiaidh an imeachta. Fuair an scannán, atá lonnaithe i gConamara go gairid roimh an Ghorta Mhór, roinnt ainmniúchán IFT agus b’é rogha na hÉireann don Best International Feature Film ag an 93ú Féile le haghaidh Dhuaiseanna an Acadaimh.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
Biúró Cibearchoireachta - Cybercrime Bureau
fianaise - evidence
dlínse - jurisdiction
íospartach - victim
oibrí cabhrach - aid worker
dídeanaithe - refugees