Nuacht Mhall

20 Samhain 2021 (Dún na nGall)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an fichiú lá de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

D’fhógair ceannaire Bhiúró Cibearchoireachta an Gharda Síochána go bhfuil roinnt oibríochtaí beartaithe acu sna míonna amach romhainn, atá ceangailte leis an fhiosrúchán maidir leis an ionsaí bogearraí éirice in aghaidh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i mbliana. Bailíodh fianaise ó naoi ndlínse timpeall an domhain, agus gardaí agus a gcomhpháirtithe ag déanamh ionsaithe mhóra chun chur isteach ar na haiceálaithe. Tugadh tuairisc gur cuireadh stop le 753 íospartach úra ag an drong ar fud an domhain, ó tosaíodh an fiosrúchán, a leanann go fóill.

Cuireadh stop le triail in aghaidh níos mó ná 29 oibrí cabhrach a chuidigh le dídeanaithe an Ghréig a bhaint amach idir 2016 agus 2018, tamall gairid i ndiaidh a hoscailte. Is as Éirinn é duine de na hoibrithe, Seán Binder, a labhair faoina fhrustrachas leis an chinneadh agus an mhoill sa bhreis. De réir an bhreithimh, ní raibh an chúirt inniúil éisteacht leis an chás. Dúirt grúpaí cearta daonna gurb triail áiféiseach ar chúiseanna polaitiúla í.

D’oscail féile 2021 den Irish Film Festival London le léiriú den scannán Gaelach Arracht, mar chuid dá athéisiúint ó dhruid na pictiúrlanna in 2020. Bhí na ticéid uilig díolta amach don imeacht, a bhí ina cheiliúradh oscailte, i gcomhpháirtíocht le Conradh na Gaeilge i Londain. Bhí agallamh leis an stiúrthóir, Tom Sullivan, i ndiaidh an imeachta. Fuair an scannán, atá lonnaithe i gConamara go gairid roimh an Ghorta Mhór, roinnt ainmniúchán IFT agus b’é rogha na hÉireann don Best International Feature Film ag an 93ú Féile le haghaidh Dhuaiseanna an Acadaimh.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Biúró Cibearchoireachta - Cybercrime Bureau

fianaise - evidence

dlínse - jurisdiction

íospartach - victim

oibrí cabhrach - aid worker

dídeanaithe - refugees


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners