Nuacht Mhall

1 Eanáir 2022 (Tiobraid Árann)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu Lá Caille. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

Bhris nuacht de bhás an Ardeaspaig Desmond Tutu, gníomhaí frith-Apartheid, ar an 29ú lá de mhí na Nollag. Fuair sé bás ag aois nócha, tar éis beagnach fiche cúig bliain ag troid in éadan ailse phróstataigh. Oirníodh Tutu ag aois tríocha agus ceapadh ina Ardeaspag é i 1986. D’úsáid sé a phost chun tacú idirnáisiúnta a threisiú ar son na gluaiseachta Frith-Apartheid san Aifric Theas. Anuas air sin, thug sé tacaíocht do chúiseanna idirnáisiúnta amhail cearta LADT, an Phalaistín, athrú aeráide agus bás cuidithe. Tá meas ullmhór tuilte aige san Aifric Theas agus ar fud an domhain, ba bhuaiteoir de Dhuais Nobel na Síochána é, agus tháinig na mílte ómós lena bhás. Leanfaidh seachtain dobhróin san Aifric Theas.


Fuarthas Ghislaine Maxwell ciontach de gháinneáil ar cháilíní óga ar son Jeffrey Epstein. Tháinig an fíorasc ciontachta tar éis cúig lá de bhreithniúchán ag coiste dháréag agus triail a mhair mí ar fad i Nua-Eabhrac. Fuarthas Maxwell ciontach de chúig chúiseamh as sé cinn, tar éis fianaise a chloisteáíl sa chúirt ó cheathrar ban a rinne cur síos ar drochíde ghnéis ó Epstein idir 1994 agus 2004. Níl dáta socraithe maidir lena pionós ach b'fhéidir go caithfidh sí a saol sa phriosún. Tá muintir agus foireann dlí Maxwell ag obair ar achomharc cheana féin.

Deir taighdeoirí go raibh seachtó a ceathair saighdiúirí Protastúnacha a throid sa Chéad Cogadh Domhanda ina nGaeilgeoirí. Is an grúpa Turas, a dhéanann an Gaeilge a chur chun cinn sa phobal Protastúnach i mBéal Feirste, a rinne an taighde. Ba as Oirthear Bhéal Feirste an chuid ba mhó de na Gaeilgeoirí Protastúnacha seo agus bhí ceangail acu leis an dílseachas. Deir ceannaire an stáidéir Carmel Duggan go gcuireann na torthaí dúshlán faoi aireachtáil an cheantair agus an mheoin a bhí ag daoine faoin Ghaeilge ag an am agus gur tháinig athrú mór ar na meoin sin sna blianta ó shin i leith. Rinneadh an taighde trí crostagairt a dhéanamh idir na daonáirimh 1901 agus 1911, agus taifead míleatach de shaighdiúirí ó Bhéal Feirste.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Lá Caille - New Year's Day

ailse phróstataigh - prostate cancer

bás cuidithe - assisted death

gáinneáil - trafficking

fíorasc - verdict

dílseachas - loyalism

crostagairt - cross-reference

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners