Nuacht Mhall

22 Eanáir 2022 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Tharla sochraid Ashling Murphy sa Tulach Mhór in Uíbh Fhailí Dé Máirt. Dúnmharaíodh í in ionsaí gránna i lár an lae, nuair a raibh sí amuigh ag rith in aice na canála. Bhí sí fiche trí bliain d’aois. Tháinig ná sluaite amach ina cuimhne, i ndlúthpháirtíoch lena muintir, agus i gcoinne foiréigean ar an mná, ar fud na hÉireann agus trasna an domhain. Tá fear gafa ag na gardaí ar chúiseamh dúnmharaithe.

Bhí brúchtadh pléascach ag an mbolcán muirí Hunga-Tonga Hunga-Ha’apai, seasca cúig ciliméadar ó thuaidh ó Tongatapu, an t-oileán is mó in Tonga. Ghin an brúchtadh tsunami a d’imigh ar fud an Aigéin Chiúin, agus a mharaigh ar a laghad triúr in Tonga; tonn turrainge san atmaisféar a d’imigh timpeall an domhain faoi dhó; agus scamall mór deannaigh agus deataigh, agus na céadta splanc thintrí gach nóiméad taobh istigh ann, agus a d’imigh suas go dtí an strataisféar. Scrios an brúchtadh an cábla cumarsáide le Tonga, agus tar éis an tsunami tá na hoileáin uilig faoi bhrat luatha. Tá an príomh-rúidbhealach glanta agus an t-aerfort ar oscailt arís, acht tá díospóireacht ar siúl in Tonga idir cabhair a ligean isteach, agus COVID a choiméad amuigh.

Bhí bua mór ag foireann peile na nOileán Comóra i gcoinne Gána i gCraobh Náisiúin na hAfraice an tseachtain seo. Le foireann óna diaspora, tá siad ag glacadh páirt sna cluichí ceannais den chéad uair, agus, ina gcluiche deireanach sa ghrúpa, fós lena gcéad chúl nó pointe á lorg acu. Fuair siad trí chúl sa chluiche, in aghaidh a dó ag Gána, an buaiteoir le cúig nóiméad fágtha. Agus tar éis torthaí i ngrúpaí eile, tá áit bainte amach ag Oileáin Chomora sa chéad bhabhta eile. Les Ceolacanthes an leasainm atá orthu, mar gheall ar na seanéisc shuimiúla atá ina gcónaí amuigh ó na hoileáin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

sochraid - funeral

ar chúiseamh dúnmharaithe - on a charge of murder

brúchtadh pléascach - explosive eruption

tonn turrainge - shock wave

splanc thintrí - flash of lightning

faoi brat luatha - under a layer of ash

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners