Nuacht Mhall

8 Eanáir 2022 (An Dún)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtó lá de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Ar Lá na Bliana Úire, i ndiaidh feachtas fada, tugadh lánstádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Ba mheán oíche ar an 31ú Nollaig an uair a chríochnaigh maolú a bhí ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Cuireann an t-athrú seo an teanga ar comhchéim le teangacha bhunaitheoirí an Aontais, agus ghlac Gaeilgeoirí na hÉireann an t-éacht seo mar éacht suntasach. Síltear go mbeadh méadú 70% ar an mhéid reachtaíochta a aistreofar go Gaeilge sa Choimisiún ó seo amach. Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, gurb í an bhliain seo 2022 an bhliain le hiarracht mhór a dhéanamh ar son na teanga.

Tá reacht úr curtha i bhfeidhm i bPoblacht na hÉireann a chuireann íosteorainn ar an phraghas ar a ndíoltar alcól. Ní cheadaítear buidéal caighdeánach fíona a dhíol ar phraghas níos ísle ná €7.40, nó canna beorach níos lú ná €1.70. Dúirt An tAire Sláinte, Stephen Donnelly, gur cruthaíodh an reacht chun tinneas agus básanna bainte le handúil san alcól a isliú. Moladh do pholaiteoirí Stormont dlí comhchosúil a chur i bhfeidhm sa tuaisceart, ach tá meon an phobail scoilte, agus daoine ag rá nach gcuideoidh an dlí úr seo leis an fhadhb atá againn leis an alcól, muna bhfuil tacaíocht cheart agus seirbhísí eile ar fáil fá choinne daoine a bhfuil andúil san alcól acu.

Chuir Carrie Lam, ceannaire Hong Cong, cosc ar eitiltí ag teacht isteach sa tír ó ocht dtír an tseachtain seo. Mairfidh an cosc coicís. Ní bheidh cead teacht isteach ag eitilití ó na Stáit Aontaithe, ó Cheanada, ón Astráil, ón Phacastáin, ó na hOileáin Fhilipíneacha, ón Fhrainc, agus ón India. Tá beartas “nialas-Covid” ag Hong Kong, agus tá an cosc seo ar cheann de na srianta nua atá curtha i bhfeidhm ag an tír beagnach dhá bhliain i ndiaidh thús na pandéime. Tá na srianta nua seo sa tír ar na cinn is déine ar domhan faoi láthair.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

lánstádas oifigiúil - full official status

éacht - achievement

íosteorainn - lower limit

andúil - addiction

cosc - ban

nialas - zero

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners