Nuacht Mhall

11 Nollaig 2021 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an chéad lá déag de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Tháinig Stoirm Barra i dtír in Éirinn an tseachtain seo, agus bhí rabhadh dearg ag Met Éireann i gCiarraí, i gCorcaigh, agus sa Chlár. Bhí rabhadh oráiste i gCúige Chonnacht, i gCúige Uladh, agus síos go Baile Átha Cliath fiú. Moltar do ndúntar scoileanna i gcás rabhabh oráiste no dearg. Bhí baol tuillte dona i mbaile Dhún na nGall, acht bhí an tseirbhís dóiteán in ann pumpáil chun an baile a chosaint. Bhi breis agus 13,000 teaghlach fágtha gan leictreachas ina dhiaidh, agus taifeadadh soinneán gaoithe de 159km/u ag teach solais Charraig Aonair, ar a dtugtar Fastnet sa Bhéarla.

Tá pleann B i gcoinne COVID curtha i bhfeidhm ag an rialtas i Sasana, le dualgas masc a chaitheamh i siopaí agus ar an gcóras iompair, agus comhairle chun oibriú ón mbaile más féidir ón Luan seo chugainn. Ag an am céanna tá scannal mór i Sráid Downing faoi chóisir Nollag a tharla in Uimhir 10 anuraidh, agus an chuma ar an scéal go bhfuil riail amháin don rialtas agus a gcairde, agus riail eile don phobal. D’éirigh Allegra Stratton, iar-shainchabhróir do Boris Johnson, as a post ag gol go brónach faoin méid a bhí le rá aicí ag déanamh grinn faoin gcóisir, a taifeadadh bliain ó shin i Sráid Downing agus a tugadh do na meáin Dé Máirt. Agus tá trioblóidí COVID ag príomhaire na Fionlainne chomh maith, mar d’imigh sí amach ag clubáil go dtí a ceathair a chlog ar maidin agus í ina dlúth-theagmhálaí.

Tá an teannas ag ardú idir an Rúis agus an Ucráin, agus go leor fórsaí de chuid na Rúise ag bailiú ag an teorainn. Tá an Chrimé ionghafa ag an Rúis ó bhí 2014 ann, agus tá eagla ann go bhfuil ionsaí eile ag teacht. Bhí cruinniú mullaigh Zoom idir Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise, agus Joe Biden, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, chun na cúinsí a phlé.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

rabhadh - warning

an tseirbhís dóiteán - the fire brigade

iar-shainchabhróir - ex-aide

dlúth-theagmhálaí - close contact

teannas - tension

ionghafa - annexed

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners