Nuacht Mhall

4 Nollaig 2021 (Luimneach)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá de mhí na Nollag. Is mise Sibéal Dempsey.

An tseachtain seo, ag meán oíche ar an tríochadú lá de mhí na Samhna, fógraíodh Barbadós ina poblacht. Bhí Barbadós faoi ghéillsine ag Coróin na Breataine le beagnach ceithre chéad bliain, cé gur bhain sí neamhspleáchas amach caoga cúig bliain ó shin. Rinneadh Uachtarán na tíre den Bhantiarna Sandra Mason Dé Luain, a bhí ina hardghobharnóir roimhe seo. Mar sin, ghlac sí áit na Banríona mar cheann stáit. Dúirt an Bhanríon go mbraitheann sí “brón” faoin scaradh. Thug an Prionsa Charles cuairt ar an oileán ina háit agus thug sé faoi deara uafás na sclábhaíochta san am atá caite.

D’aimsigh eolaithe sa tSile dhá pholl dhubha ollmhóra an tseachtain seo. Ag a sé chéad solasbhliain déag óna chéile, is iad na cinn is gaire a aimsíodh fós. Is iadsan an péire is gaire don Domhan freisin agus iad lonnaithe i réaltbhuíon an Uisceadóra. Cruthaítear poill dhubha nuair a chliseann réaltaí an-mhór ag deireadh a saoil, agus fásann poill dhubha ollmhóra trí ábhar agus radaíocht a ionsú. Ríomhann taighdeoirí gur dócha go mbuailfidh na poill dhubha seo in aghaidh a chéile agus go gcumascfaidh said le chéile i bpoll dubh amháin i gceann timpeall dhá chéad caoga milliún bliain. Tugann na torthaí le tuiscint freisin go bhféadfadh go mbeadh go leor eile le fáil fós, b’fhéidir suas le tríocha faoin gcéad níos mó de réir duine de na réalteolaithe, an Dochtúir Vogel.

Fuair Mary Maher, an t-iriseoir, ceardchumannaí agus gníomhaí feimineach bás níos luaithe an tseachtain seo ag aois ochtó a haon. Rugadh i mBostún í do theaghlach Éireannach-Mheiriceánach agus bhog sí go hÉirinn i lár na naoi déag seascaidí, áit ina rinneadh eagarthóir ar an Irish Times di, agus bhain sí cáil amach as ceisteanna sóisialta amhail pá comhionann agus dáil tithíochta a chlúdach. Bhí sí ina feachtasóir glórach ar son cearta na mban agus tá cáil uirthi freisin as Gluaiseacht Saoirse na mBan in Éirinn a bhunú, grúpa a d'iarr, i measc nithe eile, pá comhionann agus cearta comhionanna sna seachtóidí.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

faoi ghéillsine ag Coróin na Breataine - subject to the British Crown

uafás na sclábhaíochta - the horror of slavery

poll dubh - black hole

réaltbhuíon an Uiscedóra - the constellation of Aquarius

ceardchumannaí - trade unionist

gníomhaí feimineach - feminist activist

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners