Nuacht Mhall

15 Eanáir 2022 (Luimneach)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Sibéal Dempsey.


Bhí bronnadh na gradaim, the Golden Globes, ar siúl in Los Angeles Dé Domhnaigh an naoú lá de mhí Eanáir. Bhuaigh ‘the Power of the Dog’ an scannán dráma is fearr, agus bhuaigh ‘Belfast’ ina bhfuil na haisteoirí Éireannacha Jamie Dornan agus Ciarán Hinds, an script scannáin is fearr. Aisteach go leor, bhí an ócáid ar siúl gan aon daoine cáiliúla nó baill den lucht féachana i láthair. Ina ionad sin, d’fhreastail roinnt daoine áirithe uirthi, agus fógraíodh na torthaí féin ar na meáin shóisialta. Bhí sé ar fad mar thoradh ar roinnt agallaimh le déanaí a léirigh easpa éagsúlachta sa bhallraíocht vótála agus a tharraing aird ar roinnt saincheisteanna eiticiúla eile. Tá ainmniúcháin Oscar le fógairt ar an ochtú lá de mhí Feabhra, agus an searmanas le bheith ar siúl mí ina dhiaidh sin.

D’fhaomh an Chomh-Aireacht bille nua Dé Céadaoin, ar a dtugtar an Bille um Shábháileacht Ar Líne agus um Rialáil na Meán. Cruthóidh an bille comhlacht nua chun seirbhísí sruthú craolta agus ar líne ar nós Netlix a rialáil, agus maoirseacht a dhéanamh go ginearálta ar shabháilteacht ar an idirlíon. Táthar ag súil go dtabharfaidh an rialtóir isteach roinnt cóid sábháilteachta ar líne a leagtar amach chun díriú ar infhaighteacht ábhar a bhaineann le coiriúlacht, cibearbhulaíocht agus feinmharú, mar shampla. Tiocfaidh ‘Coimisiún na Meán’ nua in ionad an rialtóra raidió agus teilifíse a bhí ann roimhe sin, ‘Údarás Craolacháin na hÉireann’, agus beidh cumhachtaí aige fíneálacha suas le fiche milliún euro nó deich faoin gcéad den ioncam a ghearradh ar chomhlachtaí nach gcomhlíonann na rialacha.

Tá an t-imreoir leadóige Novak Djokovic le bheith díbeartha ón Ástráil, tar éis dó teacht isteach sa tír le déanaí chun páirt a ghlacadh i gComórtas Oscailte na hAstráile. Chuaigh sé isteach gan vacsaíniú ar dtús ag maíomh go raibh tástáil dhearfach Covid aige le ceithre lá déag anuas. Níor aontaigh Fórsa Teorann na hÁstráile gur míniú cuí é seo agus choinnigh siad é, ach ansin scaoileadh saor é cúpla lá ina dhiaidh sin ar chúis nós imeachta. Ó shin i leith, tháinig dhá cheist eile chun cinn. Ar an gcéad dul síos, bunaithe ar a chuid postálacha ar na meáin shóisialta, gur thaistil Djokovic sna ceithre lá déag roimh dhul isteach san Astráil, in ainneoin a dhearbhaigh a mhalairt. Is é an dara ceann, ar admhaigh Djokovic dó, gur bhris sé a leithlis trí láithriú go poiblí ag ocáid ghrianghrafadóireachta sna laethanta tar éis a thástála dearfacha. Tá an tAire inimirce ag smaoineamh faoi láthair ar an imreoir a dhíbirt.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

easpa éagsúlachta - lack of diversity

saincheisteanna eiticiúla - ethical issues

seirbhísí sruthú craolta - broadcast streaming services

maoirseacht - supervision

Fórsa Teorann na hÁstráile - Australian Border Force

ocáid ghrianghrafadóireachta - photo op

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners