Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

By Conradh na Gaeilge i LondainEducationLanguage Learning
Download on the App Store

All Nuacht Mhall episodes

  • 16 Aibreán 2022 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniú an 16ú de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh.


    Tá tairisicint déanta ag an bhfiontraí agus billiúnaí, Elon Musk, an suíomh meáin shóisialta Twitter a cheannach ar shuim os cionn daichead a trí billiún dollar. Is é Musk an scairshealbhóir is mó ar Twitter cheana féin tar éis dó sciar naoi faoin gcéad a cheannach sa chuideachta níos luaithe an tseachtain seo. Dúirt an príomhoifigeach feidhmiúcháin conspóideach ar Tesla agus Spacex go ndíghlasfadh sé acmhainneacht na cuideachta dá mbeadh sé ina úinéir agus go gcuirfeadh sé béim ar shaoirse cainte a chur chun cinn ar an suíomh.

    Beidh bigilí cuimhneacháin ar siúl ar fud na hÉireann an deireadh seachtaine seo tar éis dúnmharú foréigneach beirt fhear, Aidan Moffitt (42) agus Michael Snee (59), i gContae Shligigh. Deirtear go raibh cúis homafóbach leis na maruithe agus gur bhuail an bheirt íospartach lena ndúnmharfóir ar líne. Tá eagraíochtaí Leispiach, Aerach, Déghnéasach, Trasinscneach ag iarraidh dlúthpháirtíochta ón bpobal agus go gcuirtear reachtaíocht i bhfeidhm chun déileáil le fuathchoireacht. Cúisíodh fear tráthnóna Déardaoin i ndúnmharú an bheirt fhear.

    Tá feighlithe don Bhlascaod Mór don bhliain 2022 roghnaithe anois tar éis próiseas fada iomaíoch. Fuarthas breis agus céad míle iarratas don phost, a bhaineann le haire a thabhairt don oileán, do na tithe cónaithe atá suite ann, agus do chuairteoirí an tsamhraidh. I ndeireadh na dála, roghnaíodh Brock Montgomery (iar-imreoir haca oighir) agus a pháirtí, Claire de Haas, lanúin Cheanadach-Ollannach, don ról. Dúirt de Haas gur deis ar leith atá sa phost le foghlaim faoi chultúr agus timpeallacht nua. Tá an Blascaod Mór suite amach ó chósta Chorca Dhuibhne. Is suíomh suntasach cultúrtha, stairiúil agus liteartha é. Scríobh leithéidí Thomáis Uí Chriomhthain agus Peig Sayers faoi ghnáthshaol an oileáin.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    scairshealbhóir - shareholder

    acmhainneacht na cuideachta - the potential of the company

    bigilí cuimhneacháin - memorial vigils

    fuathchoireacht - hate crime

    feighlithe - caretakers

    haca oighir - ice hockey

    5 min
  • 9 Aibreán 2022 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Déardaoin, ceapadh an chéad bhean dhubh ina breitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Is é an chéad uair nach mbeidh fir gheala ina dtromlach sa Chúirt le 233 bliain anuas. Chaith an Bhreitheamh Jackson, atá 51 bliain d'aois, níos mó ná 20 uair ag freagairt fiosrúchán ó Sheanadóirí, dírithe ar a taifead pianbhreithe, a seanráitis, agus a dearcthaí polaitiúla. Amhail an triúr breithiúna a rinne Donald Trump le linn a thréimhse mar uachtarán, is téarma saoil atá i gceist agus féadfaidh an Bhreitheamh Jackson a bheith ina breitheamh sa Chúirt Uachtarach ar feadh blianta fada mar gheall ar cé chomh óg is atá sí.

    Foilsíodh litir phoiblí atá sínithe ag breis agus 1000 duine, ag éileamh cearta teanga i dTuaisceart Éireann tar éis moill eile ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta trí Pharlaimint Westminster, mar a gealladh i mí an Mheithimh 2021. Foilsíodh an litir go hoifigiúil san Irish News Dé Máirt. Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, urlabhraí leis An Dream Dearg:  "Anois ní mór do Rialtas na Breataine beart a dhéanamh de réir briathair. Is comhshínitheoirí iad ar na comhaontuithe uilig go dáta, agus i gcomhar le Rialtas na hÉireann, is iad a scríobh an reachtaíocht don Ghaeilge a foilsíodh sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua. Aithnítear an reachtaíocht sin mar bhunchloch lárnach de chuid an chomhaontaithe sin. Seasann an cheist seo mar scrúdú litmis práinneach do Rialtas na Breataine agus dár gcuid institiúidí polaitiúla agus muid ag tarraingt ar thoghchán Tionóil an mhí seo chugainn. Tá sé thar am reachtaíocht don Ghaeilge a chur i bhfeidhm láithreach gan a thuilleadh moille,” a dúirt sé.

    I mbliana, tá an Ghaeltacht ag teacht go Londain! Ón 29 Aibreán go dtí an 1 Bealtaine, beidh an Ghaeltacht Chois Tamaise (nó ‘Gaeltacht by the Banks of the Thames’) ar siúl in Camden, deireadh seachtaine tumthach de mheascán imeachtaí, ranganna, PopUp Gaeltacht, agus siúlóid Ghaelach san áireamh. Beidh trí léibhéal de ranganna ar fáil agus tá ticéid le ceannach anois ar EventBrite. Tráthnóna Dé Sathairn an deireadh seachtaine sin, beidh Comhdháil na Breataine ar siúl chomh maith, imeacht hibride a chuireann fáilte roimh dhaoine ar líne agus san fhíorshaol. Is é an dara Comhdháil na Breataine. Is éard atá san imeacht seo ná cruinniú le Gaeil timpeall na Breataine, chun eolas agus léargas a fháil ar conas is féidir an Ghaeilge a chur chun cinn ar oileán na Breataine Móire. Tá níos mó eolais le feiceáil ar an leathanach Facebook, @cnag.ldn.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Cúirt Uachtarach - Supreme Court

    dearcthaí polaitiúla - political views

    comhshínitheoirí - co-signatories

    scrúdú litmis - litmus test

    deireadh seachtaine tumthach - immersive weekend

    imeacht hibride - hybrid event

    7 min
  • 2 Aibreán 2022 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    Thosaigh cainteanna síochána idir an Rúis agus an Úcráin in Iostanbúl an tseachtain seo. Gheall na Rúisigh go maolódh fórsaí Rúiseacha a ngníomhartha míleata timpeall na príomhchathrach Cív agus in áiteanna eile i dtuaisceart na tíre fad is atá na cainteanna ar siúl. Tuigeann anailísithe áirithe go bhfuil na Rúisigh ag maolú a ngníomhartha míleata i gceantair nach bhfuil smacht acu a thuilleadh. Tá ionadaithe na dtíortha ag plé neodracht na hÚcráine agus an stádas a bheidh ag réigiún an Donbass. In Éirinn, d’fhógair an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil ceathrar oifigeach in Ambasáid na Rúise le díbirt as Éirinn mar gheall ar chomhairle slándála a fuair sé.

    D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley plean nua don Ardteistiméireacht Dé Máirt. De réir na leasuithe seo, ní bheidh i scrúduithe scríofa ach 60% den mharc iomlán agus beidh ar na múinteoirí scoile measúnuithe a dhéanamh ar dhaltaí chomh maith. Beidh dhá ábhar nua le tairiscint freisin: ‘Stáidéar Dráma, Scannán agus Amharclainne’ agus ‘Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe’. Dúirt Norma Foley go mbeidh daltaí ullmhaithe do dhúshláin an tsaoil san aonú haois is fiche de bharr na n-athruithe seo agus nach mbeidh an strus céanna orthu. Mar sin féin, seans nach mbeidh múinteoirí sásta leis na leasuithe. Rinne siad measúnuithe ar dhaltaí i rith na paindéime ach bhí sé tugtha le fios dóibh nach mbeadh sé riachtanach fós tar éis na géarchéime.

    Bhí oíche lán de chonspóid ag na Gradaim Oscar Dé Domhnaigh seo caite. Nuair a bhí an fear grinn Chris Rock ag bronnadh gradam don scannán faisnéise is fearr, rinne sé magadh ar Jada Pinkett-Smith, bean chéile Will Smith. Rinne Rock comparáid idir Jada agus an carachtar maol sa scannán G.I. Jane, mar tá alóipéice uirthi. Chuaigh Will Smith i dtreo an ardáin agus thug sé buille boise san aghaidh dó. Tar éis sin, bhuaigh Smith an gradam don aisteoir fireann is fearr. An lá ina dhiaidh sin, ghabh Smith a léithscéal le Rock, agus dúirt an tAcadamh Oscar go mbeadh fiosrúchán ar an eachtra. D’fhág an eachtra an ócáid faoi smál, ócáid ina bhuaigh Coda an gradam don scannán is fearr. Chomh maith leis sin, bhuaigh Kenneth Branagh an duais don script is fearr dá scannán Belfast.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    gníomhartha míleata - military activities

    comhairle slándála - security advice

    leasuithe - reforms

    Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe - Climate Action and Sustainable Development

    fear grinn - comedian

    bull boise - slap

    6 min
  • 26 Márta 2022 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey.

    Thuairteáil eitleán a bhí ag iompar céad tríocha a dó duine i ndeisceart na Síne Dé Luain. Ní bhfuarthas aon mharthanóirí go dtí seo, de réir údaráis na Síne. Ar an gCéadaoin fuair siad an bosca dubh, is féidir é a úsáid chun tuiscint a fháil ar chúis na timpiste. Boeing 737 ab ea an t-eitleán agus bhí sé á chur ar fáil ag an aerlíne China Eastern Airlines ag an am. Tharraing an timpiste aird freisin tar éis do dhá cheann de mhúnla 737 eile Boeing, an 737 Max, tuairteáil sa bhliain fiche a hocht déag is fiche a naoi déag. Múnla difriúil é an t-éitleán seo, ceann de na heitleáin phaisinéirí is coitianta ar domhan.

    Bhí rásaí Cheltenham ar siúl an tseachtain seo caite, agus ba í an jacaí Rachael Blackmore an chéad bhean a bhuaigh an Corn Óir. Ba í Rachel an chéad bhean freisin a bhuaigh an Champion Hurdle agus an Grand National an séasúr seo caite. Bhí sí ag marcaíocht ar chapall darbh ainm A Plus Tard, an capall céanna ar a raibh sí le linn an rása anuraidh, cé gur bhuail Jack Kennedy í sa deireadh san iomaíocht don chéad áit. An deireadh seachtaine seo caite freisin cuireadh deireadh le comórtas na Sé Náisiún, chaill Éire i gcoinne na Fraince in ainneoin líon is mó na n-úd a bhí acu riamh, fiche ceathair.

    D’fhoilsigh lucht acadúil ó Pheiriú agus ó Chicago páipéar an tseachtain seo ina n-áitítear go bhfuil mí-ainm tugtha ar Machu Picchu, ceann de na suíomhanna seandálaíochta is cáiliúla ar domhan. Bunaithe ar a n-athbhreithniú ar léarscáileanna iomadúla, doiciméid ón seachtú haois déag agus nótaí allamuigh ón taiscéalaí Hiram Bingham, éilíonn siad nach bhfuil an t-ainm Macchu Picchu le feiceáil in aon ábhair ábhartha. Ina ionad sin thug na háitritheoirí Inca Huayna Picchu ar an suíomh, is é sin an t-ainm atá ar an sliabh os cionn an tsuímh.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    múnla - make, model

    marcaíocht - riding

    úd - try (rugby)

    mí-ainm - wrong name

    suíomhanna seandálaíochta - archaeological sites

    taiscéalaí - explorer

    5 min
  • 19 Márta 2022 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Shroich an líon dídeanaithe atá ag teitheadh as an Úcráin ó thús an chogaidh leis an Rúis 3 mhilliún an tseachtain seo, de réir fícirí ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce. Dúirt UNICEF gur páistí iad leath acu. Ghlac Rialtas na hÉireann 6,600 isteach sa tír, agus chuir 20,000 daoine Éireannacha fáilte roimh dhaoine atá ag teitheadh ón chogadh isteach ina dtithe. I measc daoine eile atá ag teacht isteach sa tír tá daoine atá ag teitheadh as tíortha eile atá i mbun cogaidh, amhail An tSiria, An Nigéir, An tSomáil, agus An Phacastáin.

    Bronnadh seacht ngradam IFTA ar an fhadscannán Gaeilge "An Cailín Ciúin" i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Tá gradam IFTA, nó "Gradam Scannáin agus Teilifíse na hÉireann", ar cheann de na duaiseanna is tabhachtaí ó thaobh scannáin Éireannacha de. I measc na ngradam a bhuaigh "An Cailín Ciúin" bhí gradam don scannán is fearr, bua a raibh an scannán "Belfast" ar an ghearrliosta dó fosta. Dúirt Cleona Ní Chrualaoí, láithreoir An Cailín Ciúin, go raibh sí iontach brodúil as an fhoireann a d'oibrigh ar an scannán léi, agus go léiríonn sé nuair a dhéantear infheistíocht i scannán gur féidir leis a bheith rathúil.

    I ndiaidh beagnach dhá bhliain de shrianta Covid, éireoidh an Ríocht Aontaithe ar fad as na srianta dlí deireaneacha atá fágtha roimh dheireadh na míosa. In Albain, cuirfeadh deireadh leis na srianta ar chomhlachtaí ar an 21 Márta, agus druidfear suíomhanna tástálacha, agus sa Bhreatain Beag, déanfar an rud céanna seachtain ina dhiaidh. Ní bheidh ar dhaoine fanacht abhaile go dleathach agus an víreas acu, ach moltar do dhaoine fanacht sa bhaile go dtí go bhfuil siad ag mothú níos fearr.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ag teitheadh - fleeing

    i mbun cogaidh - at war

    infheistíocht - investment

    rathúil - successful

    srianta dlí - legal restrictions

    suíomhanna tástálacha - testing centres


    4 min
  • Cothrom an Lae - 17 Márta (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an 17ú lá de mhí an Mhárta – Lá Fhéile Pádraig. Is mise Liam Ó Brádaigh.

    Cothrom an lae seo sa bhliain 1601, tharla an chéad pharáid a bhfuil tuairisc againn uirthi in onóir na Féile Pádraig  san áit ar a dtugtar “Naomh Agaistín” anois in Florida. Léirítear sna tuarascálacha gur shocraigh biocáire Éireannach, Ricardo Artur, an mórshiúl san iarchoilíneacht de chuid na Spáinne. Breis agus céad bliain ina dhiaidh sin, d’eagraigh saighdiúirí Éireannacha in Arm na Breataine máirseáil i mBostún sa bhliain 1737. Sa naoú haois déag tháinig méadú mór ar an líon inimirceach Éireannach sna Stáit Aontaithe agus leis sin d’éirigh na paráidí ní b'fhorleithne. Inniu, déantar Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh i níos mó tíortha ná aon fhéile náisiúnta eile.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    biocáire - vicar

    iarchoilíneacht - ex-colony

    3 min
  • Cothrom an Lae - 16 Márta (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Cothrom an lae seo sa bhliain 1872, imríodh an chéad chluiche ceannais sa Chorn FA i Sasana. Bunaíodh an FA féin siar in 1863 ach cuireadh tús leis an chéad Chorn FA i mí na Samhna 1871 agus tharla an cluiche ceannais ar 16 Márta 1872. Ba iad Wanderers FC ó Leytonstone in oirthear Londan a fuair an ceann is fearr ar a n-iomaitheoirí na Royal Engineers. Scóráil Morton Betts an cúl amháin sa chluiche. Bhuaigh Wanderers an Corn cúpla uair eile sa ré sin ach tháinig deireadh leis an chlub sna 1880idí. Ó shin i leith tá an Corn FA ar cheann de na chomórtais pheile is cáiliúla ar domhan. Bhuaigh Leicester City an Corn den chéad uair anuraidh, agus is iad Arsenal a bhfuil an líon is mó Corn FA buaite acu, le ceithre Chorn déag.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    corn – cup, competition

    iomaitheoirí – rivals

    3 min
  • Cothrom an Lae - 15 Márta (Gaillimh)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett. 

    Cothrom an lae seo sa bhliain 1852, rugadh Lady Augusta Gregory i gCreig an Róistigh, Co. na Gaillimhe, duine cáiliúil le linn Athbheochan Liteartha na hÉireann. Bhí sí ina scríbhneoir, drámadóir, aistritheoir agus béaloideasaí agus cé go raibh sí mar chuid den uasaicme Angla-Éireannach, d'aithin sí tábhacht na teanga agus an chultúir agus sa deireadh, thug sí tacaíocht don chúis náisiúnach i gcoinne chreidimh a haicme. Chaith sí a lán ama ina teach cónaithe I bPáirc na Cúile, Co. na Gaillimhe, agus ba thearmann do scríbhneoirí é - chaith William Butler Yeats gach samhradh ann ar feadh fiche bliain. In éineacht le Yeats agus Edward Martyn, bhunaigh Lady Gregory Amharclann Liteartha na hÉireann agus Amharclann na Mainistreach, an amharclann náisiúnta atá fós gníomhach i mBaile Átha Cliath. Fuair Lady Gregory bás i 1932.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Athbheochan Liteartha na hÉireann - Irish Literary Revival

    béaloideasaí - folklorist

    uasaicme - upper class

    tearmann - haven, refuge

    3 min
  • Cothrom an Lae - 14 Márta (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.

    Cothrom an lae seo sa bhliain 1879 rugadh an fisiceoir Albert Einstein. Tá cáil ar Einstein as forbairt a dhéanamh ar Theoiric na Coibhneasachta. Chomh maith leis sin rinne sé obair thábhachtach ar theoiric na meicnice candamaí. Le chéile tá an dá réimse sin ina ndá philéar den fhisic nua-aimseartha. Tugtar ‘an cothromóid is cáiliúla ar domhan’ ar fhoirmle Einstein E = mc 2, a bhaineann le Teoiric na Coibhneasachta. Bhuaigh Einstein an Duais Nobel na Fisice i 1921 'as a chuid seirbhisí ar son na fisiceteoiriciúla agus go háirithe as fionnachtain dhlí na hiarmharta fótaileictrí’. Mar thoradh ar a chuid gaiscí agus nuálaíochta, tá an t-ainm Einstein comhchiallach le hardéirim agus ceiliúrtar Einstein fós mar cheann de na heolaithe ab fhearr sa stair. Chaith Einstein deireadh a ghairme ag obair ar dhá thurgnamh neamh-rathúla, ceann acu in aghaidh teoiric an chandaim, in ainneoin na hoibre tábhachtaí a rinne sé ar an topaic cheana. Mar thoradh air seo chríochnaigh Einstein a ghairm ar leithlis ón bhfisic nua-aimseartha, an réimse a chabhraigh sé lena bhunú.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    fisiceoir - physicist

    candam - quantum

    Teoiric na Coibhneasachta – Theory of Relativity

    cothromóid – equation

    fionnachtain - discovery

    3 min
  • Cothrom an Lae - 13 Márta (An Dún)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an tríú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. 

    Cothrom an lae seo sa bhliain 1781, thángthas ar an phláinéad Úránas, an chéad phláinéad a thángthas air ón chianaois. Agus é ag tabhairt faoi shuirbhéireacht ar na réaltaí, thug an réalteolaí Sasanach, William Herschel, faoi deara go raibh rud ag bogadh os comhair na réaltaí. Ar dtús, shíl sé gur cóiméad a bhí ann. Ach níos moille, agus níos mó staidéir déanta air, tuigeadh gur pláinéad a bhí ann, agus tugadh an t-ainm Úránas air, in ómós do cheann de sheandéithe na Gréige. I miotaseolaíocht na tíre sin, dia na spéire ab ea Úránas, a bhí pósta le Gáia, bandia an talaimh, agus ba iad na Tíotáin an chlann a bhí acu.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    réalteolaí - astronomer

    cóiméad - comet

    seandéithe na Gréige - ancient Greek gods

    2 min