Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

By Conradh na Gaeilge i LondainEducationLanguage Learning
Download on the App Store

All Nuacht Mhall episodes

  • 3 Meán Fómhair 2022 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachta

    *

    Inniu an tríú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Féadtar comparáid a dhéanamh idir an monsún i mbliana agus monsún na bliana 2010, an ceann ba mharfaí i stáir na Pacastáine, inar maraíodh níos mó ná 2,000 duine. Maraíodh ar an chuid is lú 1,136 duine ó mhí an Mheithimh agus scriosadh bóithre, barra, bailte, agus droichid ar fud na tíre. Tuairimíonn oifigigh go raibh níos mó ná 33 mhílliún Pacastánach, nó duine amháin as seachtar, buailte ag na tuilte. D’iarr Antonio Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, ar an lucht domhanda teacht i gcuidiú ar an Phacastáin agus é tar éis tús a chur le hachainí.

    In Éirinn, tá imní ann nach bhféadfaidh teaghlaigh billí móra fuinnimh a sheachaint an geimhreadh seo, agus ní mór don Rialtas dul i ngleic leis, le tacaíochtaí airgeadais agus comhairle, dar le ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan. Dúirt Ryan go ndéanfar achan rud le clistí cumhachta a sheachaint, ach nach bhfuil aon chinnteacht ann nach dtarlóidh. D’fhógair an comhlacht fuinnimh PrepayPower go mbeadh ardú 19% ar bhillí leictreachais agus ardú 29% ar bhillí gáis, do chustaiméirí íoc-mar-a-úsáidtear. Le laethanta beaga anuas, d’fhógair SSE Airtricity ardú praghsanna deilbhithe suas le 39%, ceann de na mhéaduithe is mó le feicéail sa tír.

    Dé Máirt, chuaigh Mikhail Gorbachev ar shlí na fírinne, ag 91 bliain d’aois, “tar éis tinneas fada trom,” de réir oifigigh ospidéil i Moscó. D’éirigh le Gorbachev deireadh a chur leis an Chogadh Fuar gan doirteadh fola, cé gur theip air stop a chur le cliseadh an Aontais Shóivéadaigh. B’é Gorbachev an ceannaire Sóivéadach deireanach, a bhí i gcumhacht idir 1985  agus 1991 agus chuidigh sé le feabhas a chur ar an chaidreamh idir Stáit Aontaithe Mhéiriceá agus an tAontas Sóivéadach a bhí in adharca a chéile le daichead bliain. Chruthaigh sé bearta laghdaithe arm leis na Stáit Aontaithe agus comhpháirtíochtaí le cumhachtaí an Iarthair, chun an Cuirtín Iarainn lena raibh Eorpa scartha a oscailt, den chéad uair ó tharla an Dara Cogadh Domhanda, agus chuidigh sé le haontú na Gearmáine.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    barra - crops

    achainí - petition

    clistí cumhachta - power failures

    íoc-mar-a-úsáidtear - pay as you go

    doirteadh fola - bloodshed

    bearta laghdaithe arm - arms reduction policies

    7 min
  • 27 Lúnasa 2022 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Ceiliúradh Lá Náisiúnta na hÚcráine Dé Céadaoin, comóradh ar neamhspleáchas na tíre sin ón Aontas Sóivéadach sa bhliain 1991. Níor tharla imeacht mór ceiliúrtha san Úcráin féin, ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, ach rinneadh léirsithe agus agóidí in áiteanna eile ar fud an domhain, Baile Átha Cliath, Londain agus Nua Eabhrac san áireamh. Tháinig an comóradh sé mhí i ndiaidh d'Arm na Rúise ionradh a dhéanamh ar an tír, agus meastar go bhfuil an cogadh ina sháinn faoi láthair. Tá sciar mhaith de dheisceart agus oirthear na hÚcráine faoi smacht na Rúiseach ach níl ceachtar den dá rialtas sásta tabhairt faoi chainteanna síochána ag an phointe seo. I Riga na Laitvia Déardaoin leagadh oibilisc chuimhneacháin ó ré an Aontais Shóivéadaigh a tógadh in ómós don Arm Dearg sna hochtóidí.

    D'éirigh an Teachta Dála Robert Troy as a phost mar Aire Stáit le freagracht speisialta as Cur Chun Cinn na Tradála an tseachtain seo nuair a bhris an scéal sna meáin nár nocht sé sonraí a chuid réadmhaoine go léir i gClár Leasanna na gComhaltaí i gcomhréir le hoibleagáidí caighdeánacha atá ar Theachtaí Dála. Tá aon aonad déag ag Troy i mBaile Átha Cliath agus i lár na tíre. Tharla an chonspóid i gcomhthéacs géarchéime tithíochta in Éirinn, ina bhfuil formhór den phobal ag streachailt le cíos ard agus tithe nach bhfuiltear in achmainn a cheannach. Meastar gur tiarna talún é nó í duine as gach ceathrar atá sa Dáil.

    Fuair breathnóirí teilifíse na chéad bhlaiseadh den tsraith nua atá suite i ndomhan ficseanúil Westeros Dé Domhnaigh. Tháinig deireadh le Cluiche na Corónach, nó Games of Thrones as Béarla, a bhí ar cheann de na sraitheanna fantaisíochta ba rathúla riamh, in 2019, ach cáineadh séasúr deireanach an tseó go forleathan. Tá Teach an Dragain, nó House of the Dragon, ina réamhscéal ar an tsraith aitheanta, suite dhá chéad bliain roimh eachtraí Jon Snow agus Daenerys Targaryen. Tá réamhscéal fantaisíochta mór le rá eile le teacht an fómhar seo, agus sraith nua bunaithe ar fhicsean JRR Tolkien ar fáil ó thús mhí Mheán Fómhair. Beidh Fáinní na Cumhachta, nó The Rings of Power, suite na mílte bliain roimh eachtraí Tiarna na bhFáinní, The Lord of the Rings.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    an Aontas Sóivéadach - the Soviet Union

    sáinn - stalemate

    Cur Chun Cinn na Tradála - Trade Development

    Clár Leasanna na gComhaltaí - Members' Register of Interests

    réamhscéal - prequel

    eachtraí - adventures

    6 min
  • 20 Lúnasa 2022 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an fichiú lá de mhí Lunasa. Is mise Liam Ó Brádaigh.


    Táthar ag súil go mbaileoidh na sluaite ag Béal na Blá in Iarthar Chorcaí an deireadh seachtaine seo le haghaidh lá cuimhneacháin ag comóradh céad bliain ó bhásaigh an ceannaire míleata agus polaitiúil, Mícheál Ó Coileáin. Ba dhuine lárnach é Ó Coileáin i gCogadh na Saoirse in Éirinn a thug tacaíocht don Chonradh Angla-Éireannach. Mharaigh ionsaitheoir anaithnid é i luíochán i mBéal na Blá i rith an Chogaidh Chathartha. Beidh an Taoiseach, Mícheál Martin, agus an Tánaiste, Leo Varadkar, i láthair ag an searmanas, a chraolfar beo ar RTÉ Dé Domhnaigh.

    Briseadh an churiarracht náisiúnta don Éireannach is tapúla riamh sa rás céad méadar. Is é Israel Olatunde, fear as Dún Dealgan atá 20 bliain d’aois, an fear is sciopthaí in Éirinn tar éis 10.17 soicind a ghlacadh sa rás a rith sé ag Craobhchomórtas na hEorpa i München na Gearmáine Dé Céadaoin. Chríochnaigh Olatunde sa séú háit sa rás. Rinne Paul Hession, iar-shealbhóir na curiarrachta comhghairdeas le Olatunde, ag rá go bhfuil sé thar a bheith am a churiarracht féin a shárú. Agus níos déanaí, bhris reathaí eile, Rhasidat Adeleke, déagóir as Baile Átha Cliath, an churiarracht do rás ceithre chéad méadar na mban. 

    Shéan Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hIaráine go raibh baint ar bith acu leis an ionsaí a rinneadh ar an údar Salman Rushdie an tseachtain seo caite. Tuairiscítear go bhfuil Rushdie ina dhúiseacht agus in ann é féin a chur in iúl tar éis ionsaí le scian agus é i mbun caint a thabhairt i Nua Eabhrac. Tharla an t-ionsaí 33 bliain tar éis do Ayatollah Khomeini, ardcheannaire na hIaráine ag an am, fatwa nó ráiteas reiligiúnach a eisiúnt, ag iarraidh ar Mhoslamaigh Rushdie a mhárú mar gheall ar a úrscéal The Satanic Verses – leabhar a chreid Khomeini a bheith diamhaslach. Phléadáil Hadi Matar, an fear a gabhadh as an ionsaí, neamhchiontach in iarracht dúnmharaithe agus cúisimh ionsaithe dara céime Déardaoin.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ionsaitheoir anaithnid - unknown assailant

    luíochán - ambush

    curiarracht náisiúnta - national record

    reathaí - runner

    diamhaslach - blasphemous

    neamhchiontach - innocent


    5 min
  • 13 Lúnasa 2022 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Rinne an FBI creach ar theach Donald Trump in Palm Beach, Florida Dé Luain. Creidtear go raibh siad ag lorg doiciméid a bhaineann le hAirm Núicléacha. Níl sé soiléir ar tháinig siad ar na doiciméid i gceist. I ndiaidh na creiche dúirt Trump gur ‘weaponisation’ ar an gCóras Dlí Choiriúil a bhí ar siúl ag daoine atá ag iarraidh bac a chur air seasamh sa Toghchán Uachtaránachta arís in 2024. Mar fhreagairt ar an tuairim seo, agus ar an bhfrithfhreagairt ó thacadóirí Trump tá an Roinn Dlí agus Cirt sna Stáit Aontaithe ag iarraidh ar bhreitheamh an bárantas a bhaineann leis an gcreach a fhoilsiú don phobal.

    Fuair Olivia Newton-John bás ag aois 73 Dé Luain. Bhí cáil uirthi mar amhránaí agus mar aisteoir. Bhí rath uirthi mar amhránaí ceoil tuaithe, agus dhíol sí na milliúin ceirnín ar fud an domhain. Ach tá an cháil is mó aici as ról Sandy sa scannán Grease agus tháinig athrú mór ar a híomhá le linn an scannáin. D’fhoilsíodh na mílte póstálacha ómóis di ar na meáin chumarsáide óna lucht leanúna agus ó shaol an cheoil agus na scannánaíochta. Fuair Newton-John diagnóis ailse chíche in 1992 agus chaith sí na blianta ó shin mar thacadóir don taighde ailse agus bhunaigh sí an Olivia Newton-John Foundation a thiomsaigh na mílte punt don chúis.


    Rith reathaí Sasanach rímharatóin Robert Pope leithead Oileán na hÉireann i níos lú ná 24 uair. Thosaigh sé i gCathair na Gaillimhe ag an bPóirse Spáinneach agus chríochnaigh sé an cúrsa i mBaile Átha Cliath ag Droichead Samuel Beckett, fad 215 ciliméadar laistigh de 23 uair agus 39 nóiméad. Thosaigh Pope le pionta Guinness roimh an rith agus chríochnaigh sé é le ceann eile san ardchathair. Dúirt Pope, atá 44 bliana d’aois, go ndearna sé an cinneadh an rith a dhéanamh ‘on a whim’ agus ní raibh ach dhá mhí aige le traenáil a dhéanamh. D’úsáid sé an rith chun airgead a thiomsú don World Wildlife Foundation.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    creach - raid

    frithfhreagairt - backlash

    ceirnín - record

    aisle chíche - breast cancer

    reathaí rímharatóin - ultra-marathon runner

    leithead - breadth

    4 min
  • 6 Lúnasa 2022 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá de mhí Lúnasa. Is mise Sibéal Dempsey.

    Bhí bean chéile Uachtarán na hÉireann, Sabina Higgins, páirteach i gconspóid an tseachtain seo mar thoradh ar litir a scríobh sí chuig an Irish Times maidir lena thráchtaireacht ar an gcogadh san Úcráin. Sa litir, atá bainte de shuíomh idirlín an Árais anois, scríobh Sabina go raibh díomá uirthi nár spreag an nuachtán aon idirbheartaíocht ar son sos cogaidh a d’fhéadfadh teacht ar shocrú síochána. Dúirt an Taoiseach nár shíl sé go raibh sé seo ar neamhréir le seasamh an rialtais, a bhí i gcónaí den tuairim go raibh an t-ionradh mídhleathach agus mímhorálta. D’eisigh oifigigh an Uachtaráin ráiteas freisin ag rá gur cháin sé an t-ionradh arís agus arís eile. D’fháiltigh ambasadóir na Rúise in Éirinn, Yuriy Filatov, roimh thuairimí Sabina, ag rá go raibh moladh Mrs Higgins ar neamhréir le seasamh na Rúise.

    Tá an scannán Gaeilge, An Cailín Ciúin, roghnaithe mar iontráil Oscars na hÉireann don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr. Bunaithe ar an úrscéal ‘Foster’ le Claire Keegan, tá an scannán suite sna hochtóidí agus leanann sé cailín óg darb ainm Cáit a chuirtear chun fanacht lena gaolta ar feadh samhraidh faoin tuath in Éirinn. Ba é an scannán, a stiúraigh Colm Bairéad, an chéad scannán i nGaeilge a léiríodh ag an bhféile scannán i mBeirlín agus tá iliomad gradam buaite aige cheana féin, lena n-áirítear gradaim Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann. Rinneadh é mar chuid de scéim dar teideal Cine4, tionscnamh léiriúcháin agus forbartha a chuireann maoiniú ar fáil do phríomhscannáin a dhéantar i nGaeilge. Roghnófar cúig scannán idirnáisiúnta déag anois agus nochtfar an gearrliosta deiridh de chúig cinn roimh an searmanas i mí Eanáir.

    Deireadh seachtaine suntasach a bhí ann do spórt na mban. Bhí ceithre chéad nócha a haon míle duine as breis agus caoga tír ag féachaint ar chluiche ceannais Pheil na mBan Dé Domhnaigh idir an Mhí agus Ciarraí. Fanann an Mhí mar Sheaimpíní na mBan d’Éirinn le scór deiridh de thrí a deich in aghaidh seachtar do Chiarraí. I Sasana, rinne ‘the Lionesses’ ceiliúradh chomh maith agus iad ag buachan an choirn i gCraobhchomórtas na hEorpa 2022 den chéad uair i gcoinne na Gearmáine. Ba é seo an chéad bhua mór ag foireann Shasanach freisin ó bhuaigh na fir in 1966. Tá na himreoirí tar éis spreagadh a thabhairt d’iarrthóirí an Pháirtí Choimeádaigh ó shin a chinntiú gur féidir le “gach cailín óg” peil a imirt ar scoil.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    ar neamhréir le - inconsistent with

    idirbheartaíocht - negotiation

    príomhscannán - feature film

    iliomad - a great many

    scór deiridh - final score

    iarrthóirí - candidates

    6 min
  • 30 Iúil 2022 (Ard Mhacha)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríochadú lá de mhí Iuil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.


    Fuair iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Uladh David Trimble bás i ndiaidh tinneas gairid. Bhí sé 77 bliain d’aos. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air i dteannta John Hume, ceannaire an SDLP, in 1998 mar gheall ar an ról tábhachtach a bhí acu sa phróiseas síochána i dTuaisceart Éireann. Murach eisean agus an obair déanta aige ní bheadh Comhaontú Aoine an Chéasta ann agus síocháin ar an oileán seo. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh “ról lárnach” aige agus “sinn a sheoladh ar chosán na síochána agus an athmhuintearais”. Maireann bean chéile David Trimble agus a cheathrar clainne.

    Bhí an bua ag Ciarraí i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann i mbliana. Fuair siad an lámh in uachtar i gcoinne Gaillimhe sa chluiche ceannais Dé Domhnaigh. D’imir Gaillimh go maith sa chéad leath agus bhí cluiche iontach ag an tosaí Shane Walsh, a scóráil naoi gcúilín le linn an chluiche. Ghlac Ciarraí smacht ar an chluiche sa dara leath agus le hocht gcúilín san iomlán don Ríocht ag David Clifford, bhí siad ábalta an lá a thabhairt leo. An scór deiridh: Ciarraí 0-20, Gaillimh 0-16. Ar RTÉ, rinne an t-iar-imreoir Chiarraí Pat Spillane a sheal deireanach mar anailísí peile, agus é ag caint go mothúchánach faoina athair, a fuair bás go tobann in 1964 agus nach bhfaca rath a chuid mac agus garmhac i gCraobh na hÉireann. 

    Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil thart ar 70 cás den víreas bolgaí moncaí go dtí an pointe seo in Éirinn. Bhí an chead chás cinntithe den ghalar i gcontae Mhaigh Eo. Is víreas é a aithníodh den chéad uair i moncaí faoi chuing in 1958. Tá formhór de na cásanna deimhnithe sa phobal homoaighnéasach agus beidh vacsaín ar fáil don ghrúpa seo go luath. D'fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur "éigeandáil dhomhanda" í an ráig, atá ar siúl i níos mó ná 70 tír. Moltar do dhaoine fanacht ar shiúl ó dhaoine eile agus dul i dteagmháil le dochtúir má aimsíonn siad gríos ar an chraiceann.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    an Páirtí Aontachach Uladh - the Ulster Unionist Party

    cosán na síochána agus an athmuintearais - the path of peace and reconciliation

    anailísí peile - football pundit

    mothúchánach - emotional

    víreas bolgaí moncaí - monkeypox

    gríos - rash

    6 min
  • 23 Iúil 2022 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an tríú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Dé Domhnaigh, bhain Contae Luimnigh an tríú bua as a chéile i gclúiche iontach in aghaidh Chontae Chill Chainnigh.  Thug siad greadadh do Phort Láirge agus do Chorcaigh in 2020 agus 2021, agus i ndiaidh dhá uair a chaitheamh i mbun cluiche te i bPáirc an Chrócaigh, ar cheann de na laethantha is teo i mbliana, bronnadh Corn Mhic Cárthaigh ar an fhoireann tráthnóna Dé Domhnaigh. Cé nár ghéill na Cait, a fuair na trí phointe dheireanacha den chluiche, ní bhfuair siad an cúl a bhí de dhíth orthu. Cuireadh fáilte roimh an fhoireann oíche Dé Luain i bPáirc na nGael i gCathair Luimnigh. I ndiaidh dóibh an dá bua eile a bhaint amach le linn na paindéime, gan seans ceiliúradh ceart a dhéanamh orthu, bhí go leor le ceiliúradh ag an chontae! Tá Gaillimh agus Ciarraí ag imirt i gcluiche ceannais na peile an deireadh seachtaine seo.


    Cuireadh teorainneacha ar uisce i bhféidhm i níos mó na cuig chontae dhéag in Éirinn le linn na seachtaine, mar gheall ar an teas. Breacadh na teochtaí is airde i níos mó ná céad bliaini mBaile Átha Cliath agus i dTuaisceart Éireann i rith an lae. Bhain daoine thart fá Éirinn sult as an teas, agus na mílte daoine ar an trá gach lá an tseachtain seo ach eisíodh rabhadh buí ar fud na tíre agus tugadh le fios go raibh daoine leochaileacha i mbaol. Sa Bhreatain, druideadh scoileanna agus codanna den chorás iarnród, agus dódh ceantair cóngarach do Londain, chomh maith le ceantair mhóra sa Fhrainc, sa Phortaingéil agus sa Spáinn.

    Chaill Netflix níos mó ná milliún síntiúsóirí idir mí Aibreáin agus mí Iúil i mbliana. I ndiaidh treimhse fhada fáis mar an phríomhsheirbhís sruthaithe, tá Netflix in iomaíocht le comhlachtaí eile anois. D'athraigh Netflix nósanna teilfíse as éadan i ndiaidh bhunadh an chomhlachta in 2007, agus i rith na paindéime, mheall Netflix níos mó daoine arís le bheith ina síntiúsóirí. Ach anois, i ndiaidh praghasanna níos airde agus seirbhísí eile ag teacht chun cinn, tá Netflix ag streachailt. Dúirt an lucht féachana go bhfuil siad ag baint úsáid as níos mó ná seirbhís sruthaithe amháin na laethanta seo, agus go gcaithfidh Netflix ardchaighdéan de shraitheanna agus scannáin a chur amach ionas gur fiú é íoc as an tseirbhís gach mí.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    greadadh - thrashing

    Corn Mhic Cárthaigh - Liam McCarthy Cup

    teorainneacha - limits

    rabhadh buí - yellow warning

    síntiúsóirí - subscribers

    seirbhís sruthaithe - streaming service

    5 min
  • 16 Iúil 2022 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an séú lá déag de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    D’fhoilsigh NASA na chéad íomhanna ón spásteileascóp James Webb an tseachtain seo. Is é an teileascóp is láidre a bhí ann riamh, agus chosain sé 10 mbilliún dollar chun é a thógáil. De réir réalteolaithe, cuireann na híomhanna tús le ré nua spáseolaíochta. Bhí ríméad agus faoiseamh ar na heolaithe nuair a chonaic siad an méid mionsonra a bhí sna híomhanna. Dúirt an réaltfhisiceoir Dr Amber Straughn go bhfuil siad in ann struchtúir a fheiceáil anois nach bhfuil fiú ainmeacha orthu go fóill. Chomh maith leis sin, is féidir linn réaltraí a fheiceáil anois mar a bhí siad 13 bhilliún bliain ó shin, ag tús na cruinne.

    Tá staid éideandála i bhfeidhm i Srí Lanca agus theith an tUachtarán Gotabaya Rajapaksa go dtí na hOileáin Mhaldíve chun éalú ó lucht agóide sa tír. Thug léirsitheoirí ruathar faoi phálás an Uachtaráin i bpríomhchathair Shrí Lanca, Colombo. Bhí léirsithe ar siúl sa tír le cúpla mí mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíochta atá acu. De réir na léirsitheoirí, bhí Rajapaksa agus a theaghlach éillitheach agus forlámhach. Tá Príomh-Aire na tíre Ranil Wickremesinghe ina Uachtarán eatramhach ach tá na léirsitheoirí ag iarraidh ruaig a chur air freisin. Is tír dheighilte í Srí Lanca go hiondúil ach dúirt tráchtairí go bhfuil daoine ag teacht le chéile in aghaidh a naimhde coiteanna anois.

    Nocht Mo Farah i gclár faisnéise nua an tseachtain seo gur gáinneáladh é go dtí an Ríocht Aontaithe mar shearbhónta tí agus é naoi mbliana d’aois. Dúirt sé nach é Mo Farah a ainm ceart; i ndáiríre Hussein Abdi Kahin is ainm dó. Rugadh i gCríoch Shomáile é agus fuair a athair bás sa chogadh cathartha nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. Nuair a tháinig sé go dtí an Ríocht Aontaithe bhí sé ina chónaí le cúpla a chaith go dona leis ach tharrtháil a mhúinteoir corpoideachais é agus bronnadh saoránacht Briotanach air. Dúirt Rialtas na Breataine nach mbeidh aon phionós roimhe de bharr an eolais seo. Dúirt an lúthchleasaí go leanfaidh sé ar aghaidh faoin ainm Mo Farah anois.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    réaltfhisiceoir - astrophysicist

    réaltraí - galaxies

    léirsitheoirí - demonstrators

    eatramhach - interim

    gáinneáladh - trafficked

    saoránacht - citizenship

    5 min
  • 9 Iúil 2022 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá de mhí Iúil. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Bhí seachtain mhíshuaimhneach in Uimhir 10 Sráid Downing i Sasana, nuair a sheol níos mó ná 50 aire parlaiminte litreacha isteach ag rá go raibh siad ag éirí as a bpost. Thosaigh an tuile oíche Dé Máirt leis an Seansailéir Rishi Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid, tar éis leithscéal á ghabháil ag Boris Johnson faoi phost rialtais a thabhairt do Chris Pincher, fear ar cuireadh líomhaintí mí-iompair ghnéasaigh ina leith. Tráthnóna Déardaoin, d’fhógair Johnson go raibh sé le héirí as a bheith ina Phríomh-Aire leis na focail, “Is ait an mac an saol.” Tá sé ar intinn ag Johnson fanacht sa ról go dtí go roghnófar Príomh-Aire nua.

    De réir thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais, ba cheart go dtabharfaí treoirlínte reachtúla nua isteach i mbliana, chun an fhadhb títhíochta agus pleanála sa Ghaeltacht a réitiú. Tá 22 moladh sa tuarascáil, a dhéanfadh níos éasca do Ghaeilgeoirí tithe a cheannach nó a thógáil sna ceantair Ghaeltachta. Thabharfadh na moltaí tús áite do cainteoirí Gaeilge ar thithe sóisialta, tithe a dhíol do dhaoine ina bhfuil sé mar rún acu cur fúthu sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a labhairt achan lá, cuidiú a thabhairt do chainteoirí Gaeilge tithe a cheannach agus a thógáil le bearta speisialta inacmhainneachta, agus tuilleadh sa bhreis. B’é toradh na moltaí “oidhreacht chultúrtha ar leith agus inbhuanaitheacht na bpobal cuí a chosaint”, de réir an choiste. Tá an tuarascáil le cur os comhair Thithe an Oireachtais.

    Sa Phacastáin, tá meannán ann a bhfuil na cluasa is faide ar fud an domhain air, mar a chreideann a úinéir. Is as Karachi é an meannán Simba agus an síolraitheoir gabhar, Mohammad Hasan Narejo. Ba mhaith le Narejo curiarracht dhomhanda Guinness a fháil don mheannán agus é a chlárú mar “an gabhar is fearr ar domhan ariamh” (G.O.A.T.), cé nach bhfuil catagóir ann don ghabhar na gcluas fada go fóill. Don mheannán bocht, is guais tuisle iad na cluasa fada, agus bhí ar Narejo úim speisialta a chruthú dó. Tá Simba ina réalta ar na meáin soisialta agus na cluasa 54 orlaí aige, agus comórtais áilleachta buaite aige.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    líomhaintí mí-iompair ghnéasaigh - allegations of sexual misconduct

    inbhuanaitheacht - sustainability

    meannán - kid (goat)

    síolraitheoir gabhar - goat breeder

    guais - hazard

    úim - harness

    6 min
  • 2 Iúil 2022 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    I Stáit Aontaithe Mheiriceá, thug Cassidy Hutchinson, iar-sainchabhróir an riaracháin le Donald Trump, fianaise do choiste fiosrúcháin na n-imeachtaí ar an séú Eanair 2021. Tugann a fianaise léargas ar iompar agus meoin Trump sna laethanta thart ar an ionsaí ar an Capitol. Dúirt sí gur chaith Trump a phláta lón i gcoinne an fhalla agus é ar buile, nuair a dúirt an t-Ard-Aighne William Barr go poiblí nach raibh aon fhianaise de chalaois leathan sa toghchán a chaill sé; go raibh a fhios ag Trump go raibh cuid mhaith den slua a tháinig chuig a óráid ar an séú Eanair armtha nuair a dhírigh sé ar an Capitol iad; agus gur chuala sí Mark Meadows, Ceann Foirne an Tí Bháin, ag rá gur cheap Trump go raibh crochadh tuillte ag Mike Pence.

    Cothrom an lae seo céad bliain ó shin, bhí Cath Bhaile Átha Cliath ar siúl ag tús an Chogaidh Chathartha. Thosaigh an cath agus an cogadh nuair a thug airm an tSaorstáit faoi na Ceithre Cúirteanna, a bhí faoi fhorghabháil ag na poblachtánaithe frith-Chonartha. Cailleadh ochtó daoine sa chath, cúig shiabhialtach is tríocha ina measc. Scriosadh cuid mhór de Shráid Uí Chonaill, agus mhill an pléascadh is mó a thárla i mBaile Átha Cliath riamh na Ceithre Cúirteanna go hiomlán. Cailleadh go deo an stór doiciméad ríluachmhar tábhachtach do stair na hÉireann a bhí in Oifig na dTaifead Poiblí sa phléascadh.

    Tá an teileascóp James Webb ag oibriú anois, ag breathnú níos doimhne sa chosmas ná a d’fhéach an cine daonna riamh. Is iad príomh-aidhmeanna an teileascóip na chéad réaltaí a cruthaíodh i ndiaidh na hOllphléisce a fheiceáil, agus pláinéad i ngrianchóras eile ar a bhfuil atmaisféar oiriúnach don bheatha a aimsiú. Beidh na chéad íomhánna eolaíocha ón teileascóp le fáil i mí Iúil, agus tá réalteolaithe ar fud an domhain ar cipíní ag fanacht orthu.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    iar-sainchabhróir - ex-aide

    crochadh - hanging

    an Cogadh Cathartha - the Civil War

    poblachtánaithe frith-Chonartha - anti-Treaty republicans

    an Ollphléasc - the Big Bang

    grianchóras - solar system


    5 min