Nuacht Mhall

16 Iúil 2022 (An Clár)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an séú lá déag de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

D’fhoilsigh NASA na chéad íomhanna ón spásteileascóp James Webb an tseachtain seo. Is é an teileascóp is láidre a bhí ann riamh, agus chosain sé 10 mbilliún dollar chun é a thógáil. De réir réalteolaithe, cuireann na híomhanna tús le ré nua spáseolaíochta. Bhí ríméad agus faoiseamh ar na heolaithe nuair a chonaic siad an méid mionsonra a bhí sna híomhanna. Dúirt an réaltfhisiceoir Dr Amber Straughn go bhfuil siad in ann struchtúir a fheiceáil anois nach bhfuil fiú ainmeacha orthu go fóill. Chomh maith leis sin, is féidir linn réaltraí a fheiceáil anois mar a bhí siad 13 bhilliún bliain ó shin, ag tús na cruinne.

Tá staid éideandála i bhfeidhm i Srí Lanca agus theith an tUachtarán Gotabaya Rajapaksa go dtí na hOileáin Mhaldíve chun éalú ó lucht agóide sa tír. Thug léirsitheoirí ruathar faoi phálás an Uachtaráin i bpríomhchathair Shrí Lanca, Colombo. Bhí léirsithe ar siúl sa tír le cúpla mí mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíochta atá acu. De réir na léirsitheoirí, bhí Rajapaksa agus a theaghlach éillitheach agus forlámhach. Tá Príomh-Aire na tíre Ranil Wickremesinghe ina Uachtarán eatramhach ach tá na léirsitheoirí ag iarraidh ruaig a chur air freisin. Is tír dheighilte í Srí Lanca go hiondúil ach dúirt tráchtairí go bhfuil daoine ag teacht le chéile in aghaidh a naimhde coiteanna anois.

Nocht Mo Farah i gclár faisnéise nua an tseachtain seo gur gáinneáladh é go dtí an Ríocht Aontaithe mar shearbhónta tí agus é naoi mbliana d’aois. Dúirt sé nach é Mo Farah a ainm ceart; i ndáiríre Hussein Abdi Kahin is ainm dó. Rugadh i gCríoch Shomáile é agus fuair a athair bás sa chogadh cathartha nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. Nuair a tháinig sé go dtí an Ríocht Aontaithe bhí sé ina chónaí le cúpla a chaith go dona leis ach tharrtháil a mhúinteoir corpoideachais é agus bronnadh saoránacht Briotanach air. Dúirt Rialtas na Breataine nach mbeidh aon phionós roimhe de bharr an eolais seo. Dúirt an lúthchleasaí go leanfaidh sé ar aghaidh faoin ainm Mo Farah anois.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

réaltfhisiceoir - astrophysicist

réaltraí - galaxies

léirsitheoirí - demonstrators

eatramhach - interim

gáinneáladh - trafficked

saoránacht - citizenship

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners