Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

By Conradh na Gaeilge i LondainEducationLanguage Learning
Download on the App Store

All Nuacht Mhall episodes

  • 12 Samhain 2022 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá déag de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

    Tá Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le hAthrú Aeráide, nó COP27, ar siúl in Sharm El Sheikh san Éigipt. Tá níos mó ná nócha ceann stáit agus ionadaithe ó beagnach dhá chéad tír i láthair. Tá an Chomhdháil ag tarlú agus níos mó fianaise ná riamh tagtha chun solais go bhfuil an pláinéad i staid éigeandála agus go bhfuil géarghá le héirí as úsáid breoslaí iontaise chomh luath agus is féidir. Deirtear go raibh an teocht is airde riamh againn le hocht mbliana anuas. Ag an am céanna, cáineadh an Chomhdháil mar go bhfuil an comhlacht Coca-Cola ina urraitheoir uirthi.

    Tharla toghcháin lár téarma Dé Máirt i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhíothas ag súil le "tonn dhearg" agus suíocháin bhreise sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe don Pháirtí Poblachtánach, ach d'éirigh leis an Daonlathach John Fetterman in Pennsylvania agus theip ar roinnt iarrthóirí a thacaíonn leis an iarUachtarán, Donald Trump. Táthar ag súil go bhfógróidh Trump go mbeidh sé ag seasamh sa toghchán uachtaránachta arís i gceann dhá bhliain ach beidh iomaíocht aige ina pháirtí féin mar ba mhaith le Ron DeSantis ó Florida seasamh in 2024 freisin.

    Bhí bua mór ag foireann rugbaí na hÉireann an tseachtain seo caite nuair a bhuail siad ar sheaimpíní an domhain, an Afraic Theas, le trí phointe, sa Staid Aviva i mBaile Átha Cliath. Tá Éire sa chéad áit i rangú an domhain faoi láthair agus táthar ag súil go n-éireoidh go maith leis an bhfoireann i gCorn an Domhain sa Rugbaí sa Fhrainc an bhliain seo chugainn. Níl taifead maith ag Éirinn sa chomórtas sin, áfach, ach tá an fhoireann tar éis an bua a fháil ar fhoirne mór le rá amhail an Afraic Theas agus an Nua-Shéalainn le déanaí. Tá foireann na hÉireann ag imirt in aghaidh Fidsí inniu.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    breoslaí iontaise - fossil fuels

    urraitheoir - sponsor

    tonn dhearg - red wave

    Teach na nIonadaithe - the House of Representatives

    rangú an domhain - world ranking

    foirne mór le rá - big teams

    4 min
  • 5 Samhain 2022 (Ard Mhacha)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.


    Bhí an bua ag Lula da Silva sa toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl. Ag an deireadh ní raibh mórán idir Lula, atá ar an eite chlé, agus an duine sa phost faoi láthair, Bolsanaro. Fuair Lula nach mór 51%, agus 49% ag Bolsonaro. Tá imní ar an saol mhór nach mbeidh Bolsanaro sásta glacadh leis an toradh seo agus go ndéanfaidh sé iarracht an post mar uachtarán a choinneáil. D’iarr Lula ar mhuintir na Brasaíle teacht le chéile go síochánta i bhfianaise thoradh an toghcháin. Is beag foréigean le feiceail go fóill ach tá teannas ag méadú in áiteanna sa tír. Chuir Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn teachtaireacht chomhghairdis chuig Lula ar son mhuintir na tíre.

    Leanann fadbhanna polaitiúla an Tuiscirt ar aghaidh leis an Tionól dunta agus na hairí as a bpost. Bhí go dtí meán oíche Déardaoin seo caite ag na páirtithe polaitíochta ó thuaidh réiteach a aimsiú agus Stormont a bhunú arís. De réir an dlí tá sé de dhualgas ar an Státrúnaí toghchán a eagrú agus vótáil a rith taobh istigh de thrí mhí. Theip ar an Státrúnaí dáta an toghcháin a fhógairt agus buailfidh sé leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney níos deireanaí sa tseachtain.

    Tá milliún pas Éireannach eisithe go dtí seo i mbliana. Ní dhearnadh ach 634,000 pas anuraidh san iomlán, líon réasúnta íseal i gcomórtas le 935,000 pas in 2019 roimh an phaindéim. I ndiaidh deireadh le srianta Covid bhí méadú suntasach ar an líon daoine ag lorg pas nua, de réir na Ranna Gnóthaí Eachtracha. Tá sé tugtha le fios ag Oifig na bPasanna go bhfuil nios mo foirne tugtha isteach chun freastal ar an éileamh seo.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    an eite chlé - the left wing

    teannas - tension

    Státrúnaí - Secretary of State

    Aire Gnóthaí Eachtracha - Foreign Affairs Minister

    méadú suntasach - significant increase

    éileamh - demand

    6 min
  • 29 Deireadh Fómhair 2022 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an naoú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Is é Rishi Sunak an chéad Phríomh-Aire eile sa Bhreatain. Bhuaigh Sunak rás ceannaireachta na dTóraithe nuair a d'éirigh Boris Johnson agus Penny Mordaunt as an rith. Bhí orthu níos mó ná céad vóta a fháil ó Fheisirí Westminster chun dul ar aghaidh chuig toghchán acht ba é Sunak an t-aon duine a bhain an líon sin vótaí amach agus de réir sin tá sé ina Phríomh-Aire go huathoibríoch. Chaill Sunak an rás ceannaireachta deireanach in aghaidh Liz Truss i mí Mheán Fómhair, nuair a bhí baill an Pháirtí Choimeádaigh ar fud na Breataine ag vótáil. Tá ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre agus an Pháirtí Dhaonlathaigh Liobrálaigh ag lorg olltoghcháin go luath, ach ní chaithfidh na Tóraithe olltoghchán a fhógairt go ceann dhá bhliain eile. 

    Bhuaidh Éire cluiche ‘stairiúil’ in aghaidh Sasana sa chruicéad ag an gCorn Domhanda T20 in Melbourne. D’imir siad tríd an mbáisteach chun bua cúig rith a bhaint amach. Bhuaigh foireann na hÉireann in aghaidh na nIndiacha Thiar an tseachtain seo caite chun áit a fháil sa dara babhta den Chorn Domhanda T20 den chéad uair ó bhí 2009 ann. Beidh an fhoireann Éireannach ag imirt in aghaidh na hAfganastáine ina gcéad chluiche eile, agus iad ag iarraidh áit a fháil sa bhabhta leathcheannais.

    D’aontaigh comh-aireacht Rialtas na hÉireann reachtaíocht imlíneach a cheadóidh uaireanta oscailte níos faide do thithe tabhairne agus do chlubanna oíche. Faoin reachtaíocht nua beidh cead ag tithe tabhairne a bheith ar oscailt idir leathuair tar éis a deich ar maidin agus leathuair tar éís meán óiche, seacht lá sa tseachtain. Beidh clubanna in ann fanacht ar oscailt go dtí a sé a chlog ar maidin. Dúirt an tAire Turasóireachta Catherine Martin go gcruthóidh an rogha geilleagar na hóiche níos fearr. Ceaptar go mbeidh na hathruithe curtha in áit an bhliain seo chugainn má cheadaítear an reachtaíocht san Oireachtas.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    Feisirí Westminster - Westminster MPs

    rás ceannaireachta - leadership race

    cúig rith - five runs

    in aghaidh na nIndiacha Thiar - against the West Indies

    reachtaíocht imlíneach - outline legislation

    geilleagar na hóiche - night-time economy

    5 min
  • 22 Deireadh Fómhair 2022 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an dara lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh

    Ta aird idirnáisiúnta tarraingthe ag scannal caimiléireachta i saol an Rince Éireannaigh. Is é an Coimisiún le Rincí Gaelacha an eagraíocht rince Ghaelaigh is sine agus is mó le rá, ach d’éirigh beirt bhall sinsearach den Choimisiún as an eagraíocht ar an Déardaoin tar éis cruinniú a bheith ar siúl chun líomhaintí faoi chealgaireacht ag comórtais a phlé. Tháinig roinnt múinteoirí ar aghaidh le rá go raibh rún oscailte ann maidir le rigeáil na dtorthaí sna feiseanna. Dúirt urlabhraí ó Chumann Múinteoirí Mheiriceá Thuaidh gur bhain an chonspóid an bonn de mhuinín sa Rince Gaelach.

    Tá aoir osnádúrtha faoin mbeatha tar éis an bháis tar éis an Duais Booker 2022 a bhuachan. Insíonn ‘The Seven Moons of Maali Almeida’ le Shehan Karunatilaka, scéal grianghrafadóra a dhúisíonn marbh lá amháin agus a dhéanann iarracht cumarsáid a dhéanamh ón taobh eile den uaigh faoi Chogadh Cathartha Shrí Lanca. Mhol an Príomhbhreitheamh, Neil MacGregor, scóip agus scála an úrscéil, agus é ag rá go raibh an cinneadh d’aon toil. Bhí an scríbhneoir Éireannach, Clare Keegan, ar an ngearrliosta don duais dá húrscéal ‘Small Things Like These’.

    Seachtain dhrámatúil eile a bhí ann i saol pholaitíocht na Breataine. Tráthnóna Déardaoin, d’fhógair Liz Truss go raibh sí le héirí as a ról mar Phríomh-Aire agus Ceannaire an Pháirtí Choimeádaigh tar éis sraith eachtraí náireacha. Níor chaith Truss ach daichead a ceathair lá sa phost; theip uirthí formhór a cuid polasaithe a chur i bhfeidhm agus b’éigean di a mionbhuiséad a thréigean tar éis shuaitheadh an mhargaidh agus brú óna páirtí féin. Tá tús curtha cheana féin le tuairimíocht faoina comharba ach caithfidh an té a roghnófar 100 vóta a fháil ar dtús chun dul isteach sa rás ceannaireachta.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    scannal caimiléireachta - cheating scandal

    líomhaintí faoi chealgaireacht - allegations of deception

    rigeáil na dtorthaí - rigging of results

    aoir osnádúrtha - supernatural satire

    d’aon toil - unanimous

    sraith eachtraí náireacha - a series of embarrassing incidents

    comharba - successor

    5 min
  • 15 Deireadh Fómhair 2022 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.

    Maraíodh deichniúr tráthnóna Dé hAoine seo caite nuair a tharla pléascadh ag stáisiún peitril ar an gCraoslach, i gContae Dhún na nGall. Gortaíodh ochtar eile. Ní fios cén chúis dhíreach a bhí leis an bpléasc, mar go bhfuil imscrúduithe fós ar bun agus saineolaithe pléasctha tugtha isteach chun cabhrú leis na Gardaí sa chás. Ina ainneoin sin, tá sé ráite ag gardaí gur cosúil gur timpiste tragóideach a bhí ann. Níl sé soiléir ag an bpointe seo an leanfaidh fiosrúchán Rialtais na himscrúduithe freisin. Tá ciste daonnúil stáit, a úsáidtear de ghnáth i gcás tuilte, le leathnú chuig teaghlaigh na n-íospartach. Tá trí chéad caoga míle euro bailithe go dtí seo ag daoine ón gceantar áitiúil trí fheachtais tiomsaithe airgid ar líne.

    Cháiligh foireann peile na mban na hÉireann do Chorn an Domhain, le bua in aghaidh na hAlban tráthnóna Dé Máirt an tseachtain seo. Ba é an scór deiridh ná Albain a náid, Éire a haon, le cúl ó Amber Barrett a tháinig ón mbinse chun cúl a scóráil sa dara nóiméad is seachtó. Seo an chéad uair don fhoireann áit a bhaint amach sa chomórtas le naoi mbliana is daichead ó bhí siad san iomaíocht go hidirnáisiúnta agus ciallaíonn sé sin go mbeidh an fhoireann ag taisteal go dtí an Astráil agus an Nua-Shéalainn an samhradh seo chugainn don chomórtas féin. Tá leithscéal eisithe ag Cumann Peile na hÉireann freisin tar éis físeán a tháinig chun solais ar na meáin shóisialta den fhoireann ag canadh liricí atá ar son an IRA tar éis an bhua. Dúirt an Cumann go raibh trua acu as “aon chion a rinneadh”. Tá leithscéal eisithe ag bainisteoir na foirne Vera Pauw freisin. Tháinig na liricí féin ó amhrán leis na Wolfe Tones, a eisíodh ar dtús do chomóradh céad bliain an chlub peile Celtic.

    D’fhoilsigh I Wish, eagraíocht for-rochtana oideachais ETIM na hÉireann torthaí a taighde le déanaí. Fuarthas amach sa taighde go bhfuil athrú le déanaí ar dhearcadh cailíní sna déaga i leith gairm bheatha a bheith acu in ábhair ETIM – eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus mata. Fuarthas amach go bhfuil ochtó a ceathair faoin gcéad de chailíní sna déaga ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoi ETIM, i gcomparáid le caoga a trí faoin gcéad sa bhliain dhá mhíle is a sé. Léirigh an suirbhé freisin go bhfuil an dearcadh seo ag éirí níos dearfaí in ainneoin torthaí níos imníche. Mar shampla, léirigh seasca a ceathair faoin gcéad an bhearna inscne in ETIM mar bhac, agus easpa muiníne ag daichead faoin gcéad as a gcumas gairm bheatha a leanúint sa réimse. Chomh maith le taighde ar na bacainní braite, tá roinnt moltaí sa tuarascáil freisin, mar shampla, na daltaí dara leibhéal a chur in aithne do ghairmithe baineanna ETIM atá bunaithe go háitiúil ina gcéad bhliain.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    pléascadh - explosion

    ciste daonnúil stáit - state humanitarian fund

    imscrùduithe - investigations

    eagraíocht for-rochtana oideachais - education outreach organisation

    ETIM - STEM

    bearna inscne - gender gap

    bacainn - obstacle

    6 min
  • 8 Deireadh Fómhair 2022 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Bhí níos mó ná cúig mhíle duine i láthair ag imeacht plé maidir le todhchaí na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D'eagraigh grúpa neamhbhrabúis darb ainm Ireland's Future an t-imeacht, a tharla sa 3arena i mBaile Átha Cliath agus bhí neart aoichainteoirí ann, idir pholaiteoirí agus daoine eile mór le rá. De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is féidir le Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann reifreann a fhógairt más léir go bhfuil níos mó ná leath an phobail sa Tuaisceart i bhfabhar Éireann Aontaithe. Meastar go bhfuil níos mó suime san athrú anois mar gheall ar imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach agus mar gheall ar an líon Caitliceach sa Tuaisceart a bheith níos airde ná an líon Protastúnach den chéad uair.

    Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar an údar Francach Annie Ernaux an tseachtain seo. Rinneadh tagairt don "mhisneach agus géire thomhaiste lena nochtann sí bunchúiseanna, coimhthíos agus srianta comhchoiteanna na cuimhne pearsanta." Is í Ernaux, a scríobhann saothair neamhfhicsin chomh maith le húrscéalta, an chéad scríbhneoir Francach a bhain an Duais ó bhí 2014 ann. Rugadh agus tógadh sa Normainn i dtuaisceart na Fraince í. Gheobhaidh Ernaux ciste de bheagnach milliún euro don duais, a bhronntar gach bliain ar an té a chruthaigh sárshaothar "i dtreo idéalach."

    Tá domhan na fichille trína chéile faoi láthair mar gheall ar thuairisc a d'fhoilsigh chess.com. Rinneadh fiosrúchán ar ardmháistir fichille ó Mheiriceá, Hans Niemann, tar éis líomhaintí a bheith curtha ina leith maidir le caimiléireacht sa spórt. Fuarthas go bhfuil an chuma air gur úsáid Niemann inneall fichille chun suas le céad cluiche a bhaint, cluichí a raibh duais airgid acu san áireamh. É sin ráite, baineann na líomhaintí le cluichí ar líne amháin agus tá cead fós ag Niemann leanúint ar aghaidh i gCraobhchomórtas Fichille na Stát Aontaithe, atá ar siúl in Saint Louis faoi láthair.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    grúpa neamhbhrabúis - non-profit group

    aoichainteoirí - guest speakers

    géire thomhaiste - clinical acuity

    srianta comhchoiteanna - collective restraints

    ardmháistir fichille - chess grandmaster

    líomhaintí - allegations

    caimiléireacht - cheating

    5 min
  • 1 Deireamh Fómhair 2022 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Fógraíodh buiséad nua in Éirinn Dé Máirt, ina leagadh amach roinnt beart chun dul i ngleic leis an ghéarchéim chostais maireachtála. Gheobhaidh gnólachtaí suas le deich míle euro sa mhí chun cuidiú le billí fuinnimh agus gheobhaidh achan líon tí sé chéad euro de chreidmheas leictreachais. Beidh níos mó ná ceithre chéad míle duine breise i dteideal cúram saor in aisce ó dhochtúirí teaghlaigh a fháil ó mhí Aibreáin an bhliain seo chugainn, agus beidh cáin nua ar thithe folmha. Gheobhaidh tionóntaí creidmheas cánach de luach cúig chéad euro agus ardófar an tairseach don ráta cánach ioncaim is airde ó tríocha a seacht míle euro go daichead míle euro. In ainneoin na n-athruithe, is dócha go mbeidh a lán deacrachtaí i ndán don chuid is mó de dhaoine sa gheimhreadh.

    San Úcráin, reachtáladh reifrinn i gceithre réigiún ina bhfuil smácht ag arm na Rúise. Cáineadh na reifrinn go hidirnáisiúnta agus mhol rialtas na hÚcráine dá shaoránaigh gan páirt a ghlacadh sa phróiseas, ós rud é nach reifrinn shaora atá iontu. Dé Céadaoin d'iarr ceannairí Luhansk agus Donetsk ar Putin na réigiúin seo a ionghabháil. Meastar gur mhaith le Putin teorainn na Rúise a bhogadh ionas go mbeidh sé in ann a rá gur cogadh cosanta atá ar siúl aige, ach go dtí seo níor ghlac tír ar bith eile le torthaí na reifreann ná iarrachtaí Putin críocha na Rúise a leathadh. Mhol rialtais Mheiriceá, na Polainne agus na Bulgáire dá saoránaigh an Rúis a fhágáil láithreach.

    Tuairiscítear go bhfuil mic thíre, béir dhonna agus iolair mhara i measc na gcreachadóirí atá tagtha ar ais ar an fhód ar fud na hEorpa. Rinneadh taighde ar chaoga speiceas fiadhúlra a bhfuil méadú tar éis teacht ar líon agus dáileadh na n-ainmhithe agus is léir go bhfuil tionchar ag cosaint dhleathach, athchóiriú gnáthóige agus athbhunú ainmhithe ar an athrú. É sin ráite, tá fhadhb mhór fós ann maidir le cailliúint bithéagsúlachta. Táthar ag súil go rachaidh dlí nua Eorpach um athchóiriú dúlra i ngleic leis an fhadhb. I measc na n-athruithe atá molta ná laghdú ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    creidmheas cánach - tax credit

    tairseach - threshold

    ionghabháil - annexe

    cogadh cosanta - defensive war 

    mic thíre, béir dhonna agus iolair mhara - wolves, brown bears and white-tailed eagles

    athchóiriú gnáthóige - habitat rehabilitation

    athbhunú ainmhithe - reintroduction of animals

    lotnaidicídí ceimiceacha - chemical pesticides

    5 min
  • 24 Meán Fómhair 2022 (Ciarraí)

    Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

    Bhailigh na céadta míle i lár Londan Dé Luain do shochraid Bhanríon Eilís II. Lean an Rí Séarlas III an chónra agus baill den teaghlach ríoga ina theannta, an Prionsa William agus an Prionsa Harry ina measc. Slua 2,000 duine a bhí ag an searmanas, lucht ríoga, ceannairí polaitiúla agus reiligiúnacha an domhain san áireamh. Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn agus an Taoiseach Micheál Martin i láthair. Agus tháinig na céadta míle den phobal le chéile go lár Londan don ócáid stairiúil.  I ráiteas roimh an tsochraid, dúirt Séarlas III na Ríochta Aontaithe go ndeachaigh na daoine ar fad a léirigh a n-ómós don bhanríon “i bhfeidhm go mór air féin agus ar a bhean chéile”. Ba í Banríon Eilís II an monarc is faide i réim riamh i Sasana.


    Léirítear i suirbhé nua go bhfuil níos mó ná beirt as gach cúigear in Éirinn gan phinsean tar éis moill a chur ar cheann a thosnú nó moill a chur ar a ndáta scoir beartaithe mar gheall ar an ngéarchéim costais mhaireachtála. Ba í Seachtain Feasachta na bPinsean a choimisiúnaigh an suirbhé. Deineadh taighde ar níos mó ná 1,000 duine go náisiúnta go déanach i mí Lúnasa agus go luath i mí Mheán Fómhair na bliana seo. Léiríonn sé leis nár phléigh ach duine as gach deichniúr gan phinsean roghanna scoir lena n-ionad oibre. Agus, fiú ina measc siúd a bhfuil pinsean acu, ní sheiceáil duine as cúigear cén cistí a bhfuil a bpinsean infheistithe iontu. Idir an dá linn, is lú an seans go mbeidh pinsean ag mná ná ag fir, agus gan ach 48% de mhná ag rá go bhfuil cineál éigin de tháirge pinsin acu i gcomparáid le 65% d’fhir.

    Tá áit buaite ag mórthionscadal filíochta i mBéal Átha an Airgid, Contae Ard Mhacha, a tharraingíonn ar na céadta bliain d’amhránaíocht, d’fhilíocht agus d’oidhreacht na hÉireann, sa bhabhta ceannais de chomórtas mór sa Ríocht Aontaithe. Bhunaigh na deirfiúracha Margaret Finnegan agus Kathleen Finnegan-Agnew lárionad sláinte agus feirm shóisialta darb ainm "An Tobar" i mí Aibreáin 2018. Tá sé bunaithe ar a bhfeirm, suíomh 40 acra atá i dteaghlach a máthar le 300 bliain ar a laghad. Mar chuid den tionscadal, cuirtear ceardlanna éagsúla ar siúl do dhaoine aitiúla. Cuimsíonn tionscadal Tobar an tírdhreach, gníomhaíocht aeráide, oidhreacht nádúrtha agus an Ghaeilge, agus úsáidtear an fhilíocht chun gach rud a cheangal le chéile. Ar shiúlóid suas an tsliabh ar a bhfuil an tionscadal suite, is féidir le siúlóirí filíocht áitiúil a chloisint á léamh ag daoine áitiúla trí challairí, agus léamh faoi stair an cheantair.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    sochraid - funeral

    lucht ríoga - royalty 

    géarchéim costais mhaireachtála - cost of living crisis

    dáta scoir - retirement date

    lárionad sláinte agus feirm shóisialta - wellness centre and social farm

    tírdhreach - landscape

    7 min
  • 17 Meán Fómhair (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an 17ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    D’fhógair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, gur éirigh lena chuid fórsaí frithionsaí a dhéanamh i gcoinne na Rúise in oirthuaisceart na hÚcráine Dé Luain. Dúirt arm na hÚcráine go bhfuil níos mó ná fiche baile athghafa acu, Izium ina measc, cathair thábhachtach agus straitéiseach sa chogadh. D’admhaigh Moscó go bhfuil go leor talún caillte acu agus d’fhreagair siad an frithionsaí le hionsaithe ar infreastruchtúr aibhléise san Úcráin. De réir saineolaithe, is athrú mór é an frithionsaí i scéal an chogaidh. Tuairiscítear go bhfuil trúpaí na Rúise in ísle brí agus ag teitheadh ó bhailte. Le linn an ama seo, cloistear cáineadh déanta ar Putin sa Rúis, rud an-annamh agus contúirteach faoi láthair.


    Rinne an Rí Séarlas turas timpeall na Ríochta Aonaithe le linn na seachtaine. Chuaigh sé go Caisleán Chromghlinne sa Tuaisceart, áit ar chuir Michelle O’Neill, Leas-Uachtarán Shinn Féin, fáilte roimhe. Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus an Taoiseach Micheál Martin i láthair ag searmanas i mBéal Feirste sa tráthnóna. Tá an Bhanríon Éilís ina luí faoi ghradam stáit i Halla Westminster faoi láthair go dtí a sochraid maidin Dé Luain. Tá scuainí fada ar na sráideanna i Londain agus daoine ag fanacht chun ómós a léiriú don Bhanríon. Tá an áit oscailte 24 uair an chloig chun deis a thabhairt do dhaoine an cónra a fheiceáil. Níl an ócáid gan chonspóid, áfach. Rinneadh cáineadh ar phóilíní i Sasana nuair a ghabh siad daoine a bhí ag agóid i gcoinne na monarcachta. Bhí iontas ann freisin nuair a nochtadh nach n-íocfadh an Rí cáin oidhreachta.

    Fuair an stiúrthóir scannán Jean-Luc Godard bás Dé Máirt. Tá Godard ar dhuine de na stiúrthóirí is tábhachtaí i stair na scannánaíochta. Rugadh san Eilvéis é in 1930 agus fuair sé bás trí fhéinmharú cuidithe; dúirt a theaghlach go raibh sé ag fulaingt mar gheall ar thinnis iomadúla. Tá clú ar Godard de bharr a chuid scannán ó na seascaidí, go háirithe na scannáin À Bout de Souffle, Le Mépris agus Pierrot le Fou. Ba stiúrthóir turgnamhach é Godard, díreach go dtí deireadh a shaoil; mar shampla, bhuaigh sé an duais in Cannes dá scannán Adieu au Langage agus é ceithre bliana is ochtó d’aois. Dúirt Martin Scorcese gur athraigh Godard an smaoineamh a bhí againn faoi scannáin agus nach raibh stiúrthóir ar bith chomh misniúil is a bhí Godard.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    frithionsaí - counter-attack

    infreastruchtúr aibhléise - electricity infrastructure

    ina luí faoi ghradam stáit - lying in state

    cáin oidhreachta - inheritance tax

    féinmharú cuidithe - assisted suicide

    turgnamhach - experimental

    6 min
  • 10 Meán Fómhair 2022 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an deichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    D’éag Elizabeth, banríon na Ríochta Aontaithe, an tseachtain seo. Bhí sí ar an chathaoir ríoga ar feadh seachtó bliain. Le linn a réimis, bhí cúigear phríomh-airí déag aici, an chéad duine acu ná Winston Churchill. Anois, mar gheall ar Acht an tSocraithe, tá a mac Charles ina rí. Fágann sí ceathrar páistí, ochtar garpháistí, agus dháréag páistí garpháistí ina diaidh. Nuair a thug sí cuairt ar Éirinn i 2011, thosaigh sí a hóráid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath as Gaeilge.

    Tá príomh-aire nua ag an Ríocht Aontaithe an tseachtain seo chomh maith. Tar éis breis agus dhá mhí, tá an toghchán i measc bhallraíocht an Pháirtí Choimeádaigh agus Aontachtaigh thart, agus tá Liz Truss tofa acu mar cheannaire an pháirtí agus ar an mbonn sin tá sí ina príomh-aire anois. Tá an ruaig curtha aici ar thacaitheoirí Rishi Sunak as an gcomh-aireacht. Tar éis dhá mhí gan ghníomh ar an ngéarchéim fuinnimh, thug an rialtas faoi lena gcéad phlean chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh sa gheimhreadh atá romhainn.

    San uaigh Liang Tebo i mBoirneo, tá an fhianaise is sine de mháinliacht aimsithe ag seandálaithe, i bhfad níos sine ná aon cheann eile atá aimsithe go dtí seo. Tháinig siad ar chnámharlach a bhfuil teascadh déanta ar an gcos chlé faoin nglúin, atá tríocha a haon míle bliain d’aois. Rinneadh an teascadh le huirlisí agus sceana cloiche, tháinig biseach ar an duine ina dhiadh, agus do mhair siad ar feadh roinnt blianta eile. Léiríonn an cnámharlach seo go raibh fios domhain sa leighis agus san anatamaíocht dhaonna ag daoine ársa fadó fadó, i bhfad ní ba luaithe ná a ceapadh cheana.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    an chathaoir ríoga - the throne

    páistí garpháistí - great-grandchildren

    comh-aireacht - cabinet

    géarchéim fuinnimh - energy crisis

    máinliacht - surgery

    teascadh - amputation

    5 min