Sign up to save your podcasts
Or

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an ceathrú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.
Rinne lucht tacaíochta iar-Uachtarán na Brasaíle Jair Bolsonaro iarracht an Chúirt Uachtarach, Teach na Comhdhála agus Pálás an Uachtaráin sa phríomhchathair Brasilia a ransú ag an deireadh seachtaine. Bhí an chuma air go raibh na hagóideoirí ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na Meiriceánaigh a rinne ionsaí in Washington dhá bhliain ó shin, cé nár éirigh leosan an rialtas a chur as cumhacht ach oiread. Níor mhair an éirí amach ach cúpla uair an chloig ach cáineadh go láidir í sa Bhrasaíl agus thar lear. Toghadh Uachtarán nua na Brasaíle, Lula, le déanaí, agus é ag gealladh go mbeidh polasaithe níos forásaí agus é ina Uachtarán.
Cailleadh beirt duine mór le rá i saol an cheoil an tseachtain seo. D'éag an ceoltóir traidisiúnta Séamas Ó Beaglaíoch sa bhaile i mBaile na bPoc i gCorca Dhuibhne Dé Luain. Ba as teaghlach cáiliúil ceolmhar é an Beaglaíoch, agus bhain sé féin clú agus cáil amach dá chuid ceoil in éineacht le Steve Cooney. Agus ansin Déardaoin, fuair Lisa Marie Presley bás i Meiriceá. B'amhránaí í Lisa Marie ach bhí sí ní b'aitheanta mar iníon Elvis Presley agus mar bhean chéile Michael Jackson sna nóchaidí. Bhí sí i láthair ag searmanas na Golden Globes Dé Máirt ach togadh í chuig an ospidéal mar gheall ar thaom croí dhá lá ina dhiaidh.
Tá fear gafa ag póilíní i ndeisceart Bhéal Feirste maidir le dúnmharú Nathalie McNally i gContae Ard Mhacha mí ó shin. Fuarthas Nathalie sáite ina teach cónaithe ar an Lorgain seachtain roimh an Nollaig. Bhí sí dhá bhliain is tríocha d'aois, agus cúig seachtaine déag ag iompar clainne. Tá an fear a ghabh na póilíní á cheistiú faoi láthair. Tharla agóidí i gcoinne mharú na mban trasna na tíre seachtain ó shin, tar éis bhás Bruna Fonseca, Brasaíleach óg a bhí ag cur fúithi i gCorcaigh, ar Oíche Chinn Bliana.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
agóideoirí - protestors
polasaithe níos forásaí - more progressive policies
searmanas - ceremony
taom croí - heart attack
dúnmharú - murder
sáite - stabbed
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an seachtú lá de mhí Eanair. Is mise Oisín Mac Conamhna.
Tharla sochraid an iar-Phápa Benedict XVI i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine an tseachtain seo. Bhí sé cúig bliana is nócha d’aois. Rugadh sa Ghearmáin é mar Joseph Ratzinger, agus nuair a bhí sé ina ghasúr, coinscríobhadh é in Ógra Hitler ar dtús agus in airm na Naitsithe ina dhiaidh. Cuireadh col ceathrar dá chuid chun báis le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar bhí siondróm Down air; agus bhí a theaghlach i gcoinne na Naitsithe. Oirníodh é ina dhiadh agus chuaigh sé leis an diagacht. Coimeádach ab ea é san Eaglais Chaitleacach, agus cáineadh é as a neamhghníomhaíocht maidir le cásanna mí-úsáide gnéis ar leanaí ina dheoise nuair a bhí sé ina easpag. Thug sé cuairt ar Londain i 2010. Ba é an chéad Phápa a d'éirigh as an ról ó bhí an cúigiú haois déag ann.
I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá Teach na nIonadaithe ina chocstí agus an Páirtí Poblachtánach ag iarraidh Ceann Comhairle nua a thoghadh. Cé go bhfuil triomlach acu sa Teach, níl siad in ann aontú ar éinne, tar éis vóta i ndiaidh vóta. Fuair Kevin McCarthy 203 vóta sa chéad bhabhta, agus 218 gcinn de dhíth, acht d’imigh sé ar gcúl go mall ina dhiaidh, agus ní bhfuair sé acht 201 tar éis ocht vóta, agus é seo á scríobh. Tá fiche Ionadaí ó “Pháirtí na Saoirse”, atá i bhfad amach ar an eite dheis, go láidir ina choinne, acht níl McCarthy sásta éirí as an toghchán go fóill. Mar sin tá obair an Tí, agus cuid mhór d'obair rialtas na Stát Aontaithe fiú, ar fad i sáinn.
I bPalás Alexandra i Londain, tharla an babhta dairteanna is fearr riamh an tseachtain seo, i gcluiche ceannais an domhain idir Michael Smith agus Michael van Gerwen. Is annamh agus is iontach an rud é má chríochnaíonn imreoir babhta le naoi ndairt, rud nár tharla acht uair amháin roimhe i gcluiche ceannais domhanda. Acht sa bhabhta úd bhí seans ag an mbeirt acu deireadh naoi ndairt a bhaint amach. Theip ar Van Gerwen lena naoú dairt, a bhí milliméadair amach, acht d’éirigh le Smith lena naoú dairt mar fhreagairt, agus lean Smith ar aghaidh ó shin chun Craobh an Domhain a bhuachaint den chéad uair.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
coinscríobhadh é - he was conscripted
diagacht - theology
neamhghníomhaíocht - inaction
cocstí - cockshy, laughing stock
Ceann Comhairle - Speaker (in parliament)
dairteanna - darts
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí na Nollag, Oíche Chinn Bliana 2022. Is mise Liam Ó Brádaigh.
Tuairiscíodh níos mó básanna i Meiriceá Thuaidh de bharr síobadh sneachta trom. Maraíodh ar a laghad 60 duine in ocht stát mar gheall ar an ‘gcioclón buama’ ag deireadh seachtaine na Nollag agus fágadh na mílte teach gan leictreachas. Tá na coinníollacha i gcuid de na réigiúin is measa ag dul i bhfeabhas ach tá ullmhúcháin á ndéanamh ar eagla go mbeidh tuilte ann. De réir réamhaisnéisí, beidh an cioclón buama ina chúis le haimsir fhliuch ghaofar sa Bhreatain agus in Éirinn, agus táthar ag súil le roinnt tuilte agus cur isteach ar thaisteal ar an taobh seo den Aigéan Atlantach freisin.
D’eisíodh an líon is airde riamh pasanna Éireannacha in aon bhliain amháin, agus 1,080,000 tugtha amach in 2022 (ag briseadh an iar-churiarracht de 935,000 pasanna in 2019). Mar a bhí an cás le blianta beaga anuas, tháinig líon suntasach iarratas ó Thuaisceart Éireann agus ón mBreatain. Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin, gur de thoradh díreach ar éileamh carntha mar gheall ar an gcur isteach ar thaisteal in 2020 agus 2021, a bhí an líon neamhghnách iarratas ann i mbliana. Lasmuigh d’iarratais ó Éirinn agus ón mBreatain, tháinig an líon is mó iarratas ar líne ó na tíortha seo a leanas: Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil, Ceanada, an Nua Shéalainn, an Fhrainc, an Spáinn, an Ghearmáin agus an Afraic Theas.
Tá Pelé, an peileadóir clúiteach Brasaíleach a bhuaigh Corn an Domhain trí huaire, tar éis bás a fháil. I mbliana, glacadh é go hOspidéal Israelita Albert Einstein in São Paolo mar go raibh ionfhabhtú riospráide air agus d’fhan sé ann go dtí a bhás ag 82 bhliain d’aois. Spreag bás Pelé ar an Déardaoin racht ollmhór mothúcháin ina thír dhúchais, agus polaiteoirí, daoine cáiliúla agus laochra spóirt ag teacht le chéile chun “rí peile na Brasaíle’ a cheiliúradh. Rugadh Pelé sa bhliain 1940 agus scóráil sé 1,279 gcúl le linn 1,363 chluiche mar imreoir proifisiúnta, éacht atá aitheanta mar churiarracht dhomhanda Guinness. Meastar go raibh foireann na Brasaíle in 1970 ar na foirne ab fhearr a bhí ann riamh agus go bhfuil íomhá na ngeansaithe buí íocónach i stair spórt an domhain.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
síobadh sneachta - blizzard
cioclón buama - bomb cyclone
iar-churiarracht - previous record
cur isteach - interruption
ionfhabhtú riospráide - respiratory infection
geansaithe buí - yellow jerseys
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Nollag, oíche Nollag. Is mise Sibéal Dempsey.
Chaill an Fhrainc i gcoinne na hAirgintíne i gcluiche ceannais chorn an domhain dhá mhíle is fiche a dó a imríodh i gCatar Dé Domhnaigh seo caite. Tháinig deireadh leis an gcluiche le ciceanna pionóis agus fuair an Airgintín ceithre phionós ar dhá phionós na Fraince. Bhí comhscór 3-3 idir an dá fhoireann tar éis am breise. Bhain stair leis an gcluiche mar an chéad chluiche ceannais Chorn an Domhain agus scóráil imreoirí ag an dá fhoireann ar a laghad faoi dhó. Ba iad Kylian Mbappe na Fraince agus Lionel Messi ón Airgintín na himreoirí sin. Rinne an comórtas an stair freisin mar go bhfuarthas an líon is mó cúl riamh, agus Kylian Mbappe ag scóráil an dara cúl is céad seachtó. Bhuaigh an Chróit ar Mharacó Dé Sathairn freisin, chun an tríú háit a bhaint amach. Bhí conspóid ag baint leis an gcomórtas ó thús deireadh, agus is amhlaidh a bhí sé sa chluiche ceannais. Maisíodh Messi le róba dubh, comhartha traidisiúnta Araibise de mheas, ach féachann roinnt daoine air mar rud dímheasúil.
Cheap an tUachtarán Michael D Higgins ceannaire Fine Gael Leo Varadkar ina Thaoiseach den dara huair. Beidh Micheál Martin ag éirí as anois mar chuid den chomhaontú comhrialtais idir Fine Gael agus Fianna Fáil sa bhliain fiche fiche. Ina chéad óráid mar Thaoiseach, labhair Varadkar faoin ngéarchéim tithíochta, go háirithe ag tagairt dá ‘phlean Tithíochta do Chách’ a d’fhéachfadh le rátaí úinéireachta a ardú. Luaigh sé freisin go mbeadh sé ag dul i ngleic leis an mboilsciú ard agus leis an ngéarchéim costais mhaireachtála. Beidh aonad nua i Roinn an Taoisigh dírithe ar Éire a dhéanamh ar an tír is fearr le bheith ina leanbh. Glacfaidh Micheál Martin ról Varadkar mar leas-phríomh-aire anois. Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, nach ndéanfadh an t-athrú tada chun dul i ngleic leis na fadhbanna práinneacha.
Tá painéal tí an séú Eanáir, atá ag fiosrú Donald Trump, tar éis an t-iar-uachtarán a tharchur ar cheithre chúiseamh choiriúla. I measc na gcúiseamh ná bheith páirteach in éirí amach, tionchar nó bac a chur ar imeacht imscrúdaithe oifigiúil, comhcheilg chalaoise a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe agus ráitis bhréagacha a dhéanamh go neamhdhleathach go feasach nó go toilteanach don rialtas feidearálach. Is é seo an chéad uair sa stair a ndearna an Chomhdháil iar-uachtarán a tharchur le haghaidh cúisimh. Déanfaidh an tArd-Aighne Merrick Garland a chinneadh féin ar chúisimh mar chuid d’imscrúduithe na Roinne Dlí agus Cirt. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag toradh an imscrúdaithe sin freisin ar an bhféadfar Trump rith arís sa toghchán uachtaránachta sa bhliain fiche fiche a ceathair.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
comhscór - equal score, draw
comhaontú comhrialtais - coalition agreement
rátaí úinéireachta - ownership rates
boilsciú ard - high inflation
cúiseamh coiriúil - criminal charge
comhcheilg chalaoise - fraud conspiracy
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an seachtú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail.
Maraíodh saighdiúir Éireannach agus gortaíodh go dona saighdiúir eile sa Liobáin an tseachtain seo nuair a rinneadh ionsaí ar an chonbhua ina raibh siad. Bhí na coimeádaithe síochana ag taisteal go Béiriút nuair a tosaíodh ag lámhach orthu le mionairm. Rugadh Seán Rooney, an saighdiúir a bhásaigh, i gContae Lú agus bhí sé ag cur faoi sa Bhaile Nua i dtuaisceart Dhún na nGall le fada. Bhí sé le pósadh an bhliain seo chugainn. Is as Contae Chorcaí an saighdiúir a gortaíodh, Shane Kearney, agus tá drochbhail air san ospidéal faoi láthair.
Deir eolaithe in California go bhfuil "mórfhionnachtain" déanta acu ab fhéidir an bealach a réiteach don fhuinneamh glan san am atá romhainn. Tar éis leathchéad bliain de thaighde ar chomhleá núicléach, maítear gur scaoileadh ní bá mhó fuinnimh ná a cuireadh isteach den chéad uair, feiniméan ar a dtugtar adhaint nó méadú fuinnimh. Dá mbeadh fuinneamh comhleá againn, ní bheadh astaíochtaí gás ceaptha teasa ná dramhaíl radaighníomhach ann. Chuir eolaithe ar fud an domhain fáilte roimh an fhionnachtain seo, ach tá a lán le déanamh sula mbeidh fuinneamh glan againn.
Tá an ceoltóir agus cumadóir Angelo Badalamenti ar shlí na fírinne. Rugadh Badalamenti i Nua-Eabhrach in 1925 do thuismitheoirí a tháinig go Meiriceá ón tSicil san Iodáil, ach bhain sé clú agus cáil amach as a chuid oibre in éineacht leis an déantóir scannán David Lynch sna hochtóidí: an scannán Blue Velvet in 1986 agus ansin an tsraith teilifíse Twin Peaks in 1990. Bhí ról lárnach ag a cheol uaigneach sa seó sin, ar a raibh tionchar an tsnagcheoil le brath. D'oibrigh sé le neart ceoltóirí aitheanta eile agus ar an tsraith dheireanach de Twin Peaks in 2017. Bhí Badalamenti pósta agus bhí beirt chlainne aige. Fuair sé bás sa bhaile in New Jersey.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
coimeádaithe síochana - peacekeepers
drochbhail - critical condition
mórfhionnachtain - major breakthrough
fuinneamh glan - clean energy
comhleá núicléach - nuclear fusion
cumadóir - composer
snagcheol - jazz
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an deichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.
Ag an gCorn Domhanda i gCatar, bhain Maracó éacht amach leis an mbua a bhí acu i gcoinne na Spáinne. Is iad an chéad náisiún Arabach le dul ar aghaidh go dtí an Cluiche Ceathrú Ceannais. Tar éis 120 nóiméad, bhí orthu ciceanna pionóis a thógáil toisc nár aimsigh na foireainn aon bháire le linn an chluiche. B'é Achraf Hakimi an peileadóir a scóráil an báire a thug chun cinn iad. Bhí ríméad an domhain ar an lucht féachana go háirithe ag baile le daoine ag ceiliúradh amuigh sa chathair Rabat leis an Rí fein ina measc. Tá na cluichí ceathrú ceannais ar siúl an deireadh seachtaine seo. D'imir an Chróit i gcoinne na Brasaíle agus an Ísiltír i gcoinne na hAirgintíne inné agus an dá chluiche eile ar siúl inniu: Maracó i gcoinne na Portaingéile agus Sasana i gcoinne na Fraince.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
báire - goal
ionfhabhtú baictéarach - bacterial infection
an fiabhras dearg - scarlet fever
céislínteas - tonsilitis
Limistéar Eisiach Eacnamaíochta - Exclusive Economic Zone
Údarás Eitlíochta na hÉireann - Irish Aviation Authority
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an tríú lá de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Tá níos mó daoine ag teacht slán ó ailse ionrach anois ná riamh de bharr an fheabhais atá tagtha ar chúrsaí cóireála leighis agus mar go n-aimsítear an galar níos luaithe fosta. Is é ailse ionrach an cineál ailse a d'fhéadfadh leathadh ón áit ar aimsíodh é i dtosach go dtí codanna eile den chorp. De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Chlárlann Náisiúnta Ailse in Éirinn, tá an líon daoine a tháinig slán ó ailse ardaithe 50% le deich mbliana anuas. Den chéad uair tá os cionn 200,000 duine a bhfuil nó a raibh ailse orthu fós ina mbeatha, sin duine as gach 24. Dar leis an Ollamh Murray, níl sé go hiomlán soiléir go fóill cé mar a chuaigh an phaindéim Covid-19 i gcion ar chúrsaí ailse. Faoi láthair, ar sí, dealraíonn sé nach raibh an oiread cineálacha ailse á ndiagnóisiú i gcaitheamh na paindéime agus a bhí roimhe.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ailse ionrach - invasive cancer
an Chlárlann Náisiúnta Ailse in Éirinn - the National Cancer Registry Ireland
ráta teipe - failure rate
comharthaí - symptoms
ceapachán - appointment
comharbacht - succession
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
Fuair níos mó ná 270 duine bás san Indinéis de bharr creatha talún in iarthar Iáva Dé Luain seo caite. Dé réir na n-údarás, tá 151 duine fós ar iarraidh agus tá 1000 duine eile gortaithe. Tréigeadh beagnach 60,000 teach sa cheantar mar gheall ar an tubaiste nádúrtha. Bhí eipealár an chreatha talún i gceantar sléibhe agus bhain sé 5.6 amach ar scála Richter. Mar bharr ar an mí-ádh, bhí sciorradh talún sa cheantar tar éis an chreatha talún agus mar sin bhí deacrachtaí ag na seirbhísí éigeandála cuidiú le daoine. Tá an ceantar seo in Iáva lonnaithe idir plátaí teicteonacha agus mar sin bíonn creathanna talún sa réigiún go minic.
Rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine nach bhfuil an ceart ag Parlaimint na hAlban reifreann eile ar neamhspleáchas na tíre a fhógairt gan cead ón Rialtas in Westminster. D’fhógair an Tiarna Robert Reed an cinneadh ar son na Cúirte agus dúirt sé gur cinneadh d’aon ghuth a bhí ann. Léirigh Céad-Aire na hAlban Nicola Sturgeon a díoma faoin rialú ach dúirt sí go raibh ceart féinchinntiúcháin fós ag Albain. Tharla an chéad reifreann ar neamhspleáchas na hAlban ocht mbliana ó shin. Sa reifreann sin, vótáil 55% den phobal i gcoinne an neamhspleáchais ach tá roinnt athruithe tar éis teacht ar an scéal ó shin i leith, mar shampla an Breatimeacht, rogha a dhiúltaigh pobal na hAlban go formhór. Dúirt Nicola Sturgeon go mbeidh an chéad olltoghchán eile mar reifreann ar neamhspleáchas na hAlban.
Cuireadh tús leis an gCorn Domhanda i gCatar Dé Domhnaigh nuair a chaill an tír óstach in aghaidh Eacuadór. Seo an chéad uair a bhfuil an Corn Domhanda ar siúl i dtír Arabach ach tá go leor conspóide ag baint leis an gcomórtas. Creidtear go forleathan go raibh éilliú sa chaoi ar roghnaigh FIFA an tír óstach. Chomh maith leis sin, cáineann gníomhaithe ar son cearta daonna Catar mar gheall ar an gcaoi go gcaitear le hoibrithe inimirce agus an easpa cearta don phobal LADTA+. Creidtear go bhfuair níos mó ná 6,500 oibrí inimirce bás ó bronnadh an comórtas, an chuid is mó as fo-ilchríoch na hIndia. D’éiligh Amnesty International ar FIFA ciste a bhunú d’oibrithe inimirce agus a gclann. Maidir le cúrsaí ar an bpáirc imeartha, bhí dhá iontas mhóra ann go dtí seo: chaill an Airgintín in aghaidh ha hAraibe Sádaí agus fuair an tSeapáin an lámh in uachtar ar an nGéarmáin.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
crith talún - earthquake
eipealár - epicentre
sciorradh talún - landslide
d'aon ghuth - unanimous
ceart féinchinntiúcháin - right to self-determination
éilliú - corruption
fo-ilchríoch - subcontinent

Inniu an naoú lá déag de Mhí na Samhna, 2022. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Le linn na seachtaine, sheol úinéir úr Twitter, Elon Musk, teachtaireacht chuig a fhoireann ar fud an domhain ag insint dóibh nach raibh ach lá acu machnamh a dhéanamh ar chinnúint idir fánacht agus “a bheith ag obair go rí-dhian ar feadh tamall fada,” nó glacadh le pacáiste scaoilíocaíochta de phá trí mhí. Tháinig an teachtaireacht díreach tar éis Musk a insint dá fhoireann go raibh tuiscint ann mura chliceáil daoine ar an nasc ag deimhniú gur “mhaith leat a bheith páirteach sa Twitter úr” an lá dár gcionn, go nglacfaí leis gur éirigh siad as a bpost. Chaill Twitter leath a fhoirne, nuair a thóg Musk smacht ar an ollchomhlacht sna meáin shoisialta ní ba luaithe sa mhí. Dúirt Musk, “Ní bheidh ach feidhmíocht eisceachtúil mar ghrád pas.” Dé hAoine, chuir Twitter doirse a n-oifigí faoi ghlas go dtí an tseachtain seo chugainn.
Bhí cruinniú idir Príomhoifigeach Airgeadais na Ranna Gnóthaí Eachtracha agus Ambasadóir na Rúise in Éirinn inar insíodh dó go raibh iompraíocht na Rúise go hiomlán do-ghlactha. Dé Céadaoin, chuir An Rúis cosc iontrála ar an Taoiseach Micheál Martin agus níos mó ná 50 oifigeach sinsearach eile, mar fhreagairt ar smachtbhannaí an Iarthair maidir leis an Úcráin. Tá liosta 52 ainm ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar cuireadh cosc orthu ón Rúis. Tuigtear gur cuireadh in iúl dó go seasann an Rialtas go diongbháilte in aghaidh an choisc taistil, agus gur ábhar masla gan chúis é i gcoinne saoránaigh Éireannacha.
As seo amach, tabharfar an t-ainm Breatnaise ar an tsliabh is airde sa Bhreatain Bheag, seachas an t-ainm Béarla, a d’aontaigh údaráis na páirce. Chaith Údarás na Páirce Náisiúnta vóta ar son an ainm Yr Wyddfa agus Eryri a úsáid, in aghaidh Snowdon agus Snowdonia, mar gheall ar achainí a rinne 5,000 duine ag impí ar son an athraithe. Tá Yr Wyddfa 3,560 troigh ar airde agus tagann 400,000 siúlóir chuige achan bhliain. Dúirt Naomi Jones, Ceannaire Oidhreacht Cultúrtha na Páirce, agus ainmneacha Breatnaise á n-úsáid ag daoine, go dtabharfaí seans dóibh blaiseadh a fháil den Bhreatnais agus de chultúr saibhir na Breataine Bige.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
machnamh a dhéanamh - to reflect, to consider
feidhmíocht eisceachtúil - exceptional performance
do-ghlactha - unacceptable
cosc iontrála - entry ban
údaráis na páirce - park authorities
achainí - petition