Nuacht Mhall

14 Eanáir 2023 (Tiobraid Árann)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

Rinne lucht tacaíochta iar-Uachtarán na Brasaíle Jair Bolsonaro iarracht an Chúirt Uachtarach, Teach na Comhdhála agus Pálás an Uachtaráin sa phríomhchathair Brasilia a ransú ag an deireadh seachtaine. Bhí an chuma air go raibh na hagóideoirí ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na Meiriceánaigh a rinne ionsaí in Washington dhá bhliain ó shin, cé nár éirigh leosan an rialtas a chur as cumhacht ach oiread. Níor mhair an éirí amach ach cúpla uair an chloig ach cáineadh go láidir í sa Bhrasaíl agus thar lear. Toghadh Uachtarán nua na Brasaíle, Lula, le déanaí, agus é ag gealladh go mbeidh polasaithe níos forásaí agus é ina Uachtarán.

Cailleadh beirt duine mór le rá i saol an cheoil an tseachtain seo. D'éag an ceoltóir traidisiúnta Séamas Ó Beaglaíoch sa bhaile i mBaile na bPoc i gCorca Dhuibhne Dé Luain. Ba as teaghlach cáiliúil ceolmhar é an Beaglaíoch, agus bhain sé féin clú agus cáil amach dá chuid ceoil in éineacht le Steve Cooney. Agus ansin Déardaoin, fuair Lisa Marie Presley bás i Meiriceá. B'amhránaí í Lisa Marie ach bhí sí ní b'aitheanta mar iníon Elvis Presley agus mar bhean chéile Michael Jackson sna nóchaidí. Bhí sí i láthair ag searmanas na Golden Globes Dé Máirt ach togadh í chuig an ospidéal mar gheall ar thaom croí dhá lá ina dhiaidh.

Tá fear gafa ag póilíní i ndeisceart Bhéal Feirste maidir le dúnmharú Nathalie McNally i gContae Ard Mhacha mí ó shin. Fuarthas Nathalie sáite ina teach cónaithe ar an Lorgain seachtain roimh an Nollaig. Bhí sí dhá bhliain is tríocha d'aois, agus cúig seachtaine déag ag iompar clainne. Tá an fear a ghabh na póilíní á cheistiú faoi láthair. Tharla agóidí i gcoinne mharú na mban trasna na tíre seachtain ó shin, tar éis bhás Bruna Fonseca, Brasaíleach óg a bhí ag cur fúithi i gCorcaigh, ar Oíche Chinn Bliana.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

agóideoirí - protestors

polasaithe níos forásaí - more progressive policies

searmanas - ceremony

taom croí - heart attack

dúnmharú - murder

sáite - stabbed


...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners