Nuacht Mhall

17 Nollaig 2022 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail.

Maraíodh saighdiúir Éireannach agus gortaíodh go dona saighdiúir eile sa Liobáin an tseachtain seo nuair a rinneadh ionsaí ar an chonbhua ina raibh siad. Bhí na coimeádaithe síochana ag taisteal go Béiriút nuair a tosaíodh ag lámhach orthu le mionairm. Rugadh Seán Rooney, an saighdiúir a bhásaigh, i gContae Lú agus bhí sé ag cur faoi sa Bhaile Nua i dtuaisceart Dhún na nGall le fada. Bhí sé le pósadh an bhliain seo chugainn. Is as Contae Chorcaí an saighdiúir a gortaíodh, Shane Kearney, agus tá drochbhail air san ospidéal faoi láthair.

Deir eolaithe in California go bhfuil "mórfhionnachtain" déanta acu ab fhéidir an bealach a réiteach don fhuinneamh glan san am atá romhainn. Tar éis leathchéad bliain de thaighde ar chomhleá núicléach, maítear gur scaoileadh ní bá mhó fuinnimh ná a cuireadh isteach den chéad uair, feiniméan ar a dtugtar adhaint nó méadú fuinnimh. Dá mbeadh fuinneamh comhleá againn, ní bheadh astaíochtaí gás ceaptha teasa ná dramhaíl radaighníomhach ann. Chuir eolaithe ar fud an domhain fáilte roimh an fhionnachtain seo, ach tá a lán le déanamh sula mbeidh fuinneamh glan againn.

Tá an ceoltóir agus cumadóir Angelo Badalamenti ar shlí na fírinne. Rugadh Badalamenti i Nua-Eabhrach in 1925 do thuismitheoirí a tháinig go Meiriceá ón tSicil san Iodáil, ach bhain sé clú agus cáil amach as a chuid oibre in éineacht leis an déantóir scannán David Lynch sna hochtóidí: an scannán Blue Velvet in 1986 agus ansin an tsraith teilifíse Twin Peaks in 1990. Bhí ról lárnach ag a cheol uaigneach sa seó sin, ar a raibh tionchar an tsnagcheoil le brath. D'oibrigh sé le neart ceoltóirí aitheanta eile agus ar an tsraith dheireanach de Twin Peaks in 2017. Bhí Badalamenti pósta agus bhí beirt chlainne aige. Fuair sé bás sa bhaile in New Jersey.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

coimeádaithe síochana - peacekeepers

drochbhail - critical condition

mórfhionnachtain - major breakthrough

fuinneamh glan - clean energy

comhleá núicléach - nuclear fusion

cumadóir - composer

snagcheol - jazz

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners