Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

By Conradh na Gaeilge i LondainEducationLanguage Learning
Download on the App Store

All Nuacht Mhall episodes

  • 4 Márta 2023 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniú an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey.

    Ar an seachtú lá is fiche de mhí Feabhra d’fhógair Rishi Sunak “Creatlach Windsor” – leagan nua de phrótacal Thuaisceart Éireann a comhaontaíodh tar éis ceithre mhí d’idirbheartaíocht leis an Aontas Eorpach. Tugann an comhaontú “coscán éigeandála” do rialtas na Ríochta Aontaithe ar dhlíthe nua an Aontais Eorpaigh a chuirfear i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann má chuireann polaiteoirí sa chúige ina gcoinne. Cruthaíonn sé lána glas nua freisin do thrádálaithe, a bhaineann an teorainn le haghaidh earraí tomhaltóra as Muir Éireann, ag laghdú na riachtanas maidir le páipéarachas agus seiceálacha agus dualgais eile. Beidh seiceanna fós ag teastáil le haghaidh earraí sa lána dearg. Glacadh go dearfach leis an margadh go ginearálta cé is moite de lucht an Bhreatimeachta agus baill áirithe den Pháirtí Aontachtach Daonlathach, Ian Paisley ina measc. D’fháiltigh rialtas na hÉireann roimhe mar “chaibidil nua” sa chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

    D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley go raibh sí ag cur moill ar na pleananna chun roinnt scrúduithe na hArdteistiméireachta a bhogadh go dtí an cúigiú bliain. Bhí sé i gceist go ndéanfaí an cinneadh bunaidh sa bhliain fiche fiche agus bhí sé i gceist an brú a mhaolú ar scoláirí na hArdteistiméireachta trína gcuid scrúduithe a scaipeadh thar thréimhse dhá bhliain. Tá cur síos déanta ag Aontas Múinteoirí Éireann ar an gcinneadh mar “fhorbairt fháilteach” ar an mbonn nár cuireadh bunús an togra i láthair riamh. Dúirt Ms Foley nár léirigh sé seo nach mbeadh athruithe eile ag dul ar aghaidh mar chuid den athbhreithniú níos leithne ar an Ardteistiméireacht. Áiríodh sna pleananna níos leithne seo, daichead faoin gcéad de na marcanna ag teacht ó mheascán d’obair thionscadail, ó scrúdú cainte agus ó chleachtaí praiticiúla agus bunú “scoileanna líonra” a sheolfadh ábhair nua ar nós drámaíochta, scannánaíochta agus staidéar amharclainne.

    Tá Raidió na Gaeltachta ag leanúint lena chomóradh caoga bliain le roinnt ceolchoirmeacha a bheith ar siúl ar fud na tíre. Bhí ceann acu ar siúl an tseachtain seo caite in Amharclann Ghaoth Dobhair agus beidh dhá cheann eile ar siúl an mhí seo chugainn i gConamara agus i mBaile Bhúirne. Nuair a seoladh an stáisiún den chéad uair bhailigh sé taifeadtaí de mhuintir na hÉireann, cartlann luachmhar de chuid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh. Inniu craolann sé raon ábhar lena n-áirítear spórt, ceol agus nuacht. Rinne Údarás Craolacháin na hÉireann taighde le déanaí freisin a thug le tuiscint go mbeadh an seans ann go n-éistfeadh tríocha ocht faoin gcéad de dhaoine idir cúig bliana déag agus tríocha a ceathair le stáisiún nua Gaeilge ar an gcoinníoll go gcloisfeadh sé ‘an ceol ceart, go gclúdódh sé ceisteanna atá tábhachtach don spriocghrúpa, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh sé saor ó fhógraí.'

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    creatlach - framework

    earraí tomhaltóra - consumer goods

    an Ardteistiméireacht - the Leaving Cert

    obair thionscadail - project work

    cartlann luachmhar - valuable archive

    coinníoll - condition

    7 min
  • Cothrom an Lae - 3 Márta (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an tríú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.

    Cothrom an lae seo sa bhliain 1861, cuireadh saoradh sheirfigh na Rúise i bhfeidhm trí fhorógra an tSáir Alastar a Dó. Fuair thart ar 23 milliún duine, 38% de dhaonra na Rúise ag an am, a gcuid saoirse. Roimhe sin, díoladh agus ceannaíodh na seirfigh thalún leis an talamh a bhaineadar leis, gan ceart pósta gan cead a dtiarna talún, gan ceart taistil, gan ceart a réadmhaoin nó comhlacht féin a bheith acu, agus le dualgas trom obair a thabhairt don tiarna i rith na bliana; agus ní raibh sna seirfigh thí acht sclábhaithe. Dúirt an Sár go raibh sé ní b’fhearr deireadh a chur leis an seirfeachas ón mbarr, ná fanacht go ndíothóthaí é ón mbun. Fuair na seirfigh thalún deis cuid den talamh ar a d’oibrigh siad a cheannacht, fiú ar phraghas ard agus uaireanta bhí an giota beag talún róbheag chun maireachtáil a gclainne a bhaint amach; agus níor tugadh aon deis talamh a cheannacht do na seirfigh thí. Cé go raibh an feidhmiú go mall le deacrachtaí móra, d’athraigh an saoradh sochaí na Rúise go mór, agus chuir sé deireadh leis an gcóras ina raibh anamacha i seilbh sa Rúis go deo.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    forógra – proclamation

    seirfeach – serf

    réadmhaoin – property

    4 min
  • Cothrom an Lae - 2 Márta (Luimneach)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey.

    Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag, tríocha a sé, d’fhógair Texas a neamhspleáchas ó Mheicsiceo go foirmiúil, tar éis cogadh a mhair timpeall sé mhí. Ansin cruthaíodh Poblacht Texas. Deirtear gur tharla an cogadh de bharr roinnt cúinsí, difríochtaí idir muintir Mheicsiceo agus muintir Texas ó thaobh cultúir de san áireamh, chomh maith le dearcaí i leith na sclábhaíochta agus an rialtais. Bhí Poblacht Texas ann ar feadh tréimhse deich mbliana, go dtí gur ionghabh na Stáit Aontaithe an stát agus gur ligeadh isteach san Aontas é.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    neamhspleáchas – independence

    ionghabh - annex

    2 min
  • Cothrom an Lae - 1 Márta (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

    *

    Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Cothrom an lae seo sa bhliain 1896, tháinig an fisiceoir Henri Becquerel ar fhionnachtain cheannródaíoch de thimpiste, agus é i measc tástáil ag lorg fianaise ar son a theoiric mhícheart go n-ionsúnn salainn úráiniam atá tineghealánach solas na gréine agus go n-astaítear é mar x-gha. An rud a bhfaca sé ná gur astaigh an t-úráiniam radaíocht gan spreagadh ar bith ón ghrian. In 1898 thosaigh Marie agus Pierre Curie ag déanamh staidéir ar úráiniam i bPáras, agus in 1903, roinn Becquerel agus Muintir Curie Duais Nobel ar son a gcuid saothar a bhain le radaighníomhaíocht. Is scéal cáiliúil é faoi fhionnachtain de thaisme: ach is scéal nach bhfuil a oiread sin clú air ná gur tháinig an grianghrafadóir Abel Niépce de Saint-Victor ar an fhionnachtain chéanna de thimpiste fosta, 40 bliain roimh Becquerel.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    fhionnachtain cheannródaíoch - pioneering discovery

    salainn úráiniam atá tineghealánach – phosphorescent uranium salts

    astaigh – emit

    radaighníomhaíocht - radioactivity

    3 min
  • 25 Feabhra 2023 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Siadhail.

    Tá vótáil ar siúl sa Nigéir inniu sa toghchán uachtaránachta is iomaíche a tharla le blianta fada. De ghnáth, bíonn dhá pháirtí mhóra san iomaíocht - Comhdháil na bhForasaithe Uile (APC) agus Páirtí Daonlathach an Phobail (PDP) - ach i mbliana tá ag éirí go maith le Páirtí an Lucht Oibre. Síltear go bhfuil daoine óga atá ag vótáil den chéad uair i bhfabhar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Peter Obi, go háirithe i ndeisceart na tíre. Don té a thabharfaidh an lá leis, beidh a lán dúshlán aige. Tá fadhbanna ann le hathdhearadh an airgeadra, chomh maith le cúrsaí geilleagair, fostaíochta agus slándála. Táthar ag súil go bhfógrófar na torthaí laistigh de chúpla lá.

    Scaoileadh póilín ar an Ómaigh oíche Dé Céadaoin. Ní raibh an Bleachtaire Príomhchigire John Caldwell ar dualgas ag an am; bhí sé ag cur liathróidí i mbúit a chairr tar éis seisiún peile le daoine óga, agus bhí a mhac in aice leis ag an am. Chuaigh Caldwell faoi scian ach tá a bheatha fós i mbaol. Meastar gurb iad easaontóirí poblachtacha atá taobh thiar den ionsaí, agus tá cúigear fear faoi choimeád na bpóilíní sa chontae faoi láthair. Tháinig ceannairí na gcúig pháirtí mhóra le chéile chun an t-ionsaí a cháineadh. Is fada ó chonacthas le chéile iad ach de réir tuairiscí is cosúil go bhfuil margadh nua maidir le Prótacal an Tuaiscirt aontaithe ag an Ríocht Aontaithe agus an Aontas Eorpach. Chuige seo, dúirt an DUP nach rachaidís ar ais i dTionól Thuaisceart Éireann gan margadh níos fearr.

    Cothram an deiridh seachtaine seo bliain ó shin a chuir an Rúis tús leis an ionradh san Úcráin. Ón am sin, tá na mílte marbh agus níl aon chosúlacht ar an scéal go mbeidh deireadh leis an chogadh gan mhoill, cé go bhfuil Uachtaráin an dá thír ag maíomh go mbeidh an bua acu go luath. Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuairt ar Chív le linn na seachtaine, rud nach raibh daoine ag súil leis, agus d'eisigh Rialtas na Síne páipéar maidin Dé hAoine ina ndéantar éileamh ar chainteanna síochana ach deirtear fosta go bhfuil an tSín ag smaoineamh ar airm a thabhairt do na Rúisigh. San Úcráin féin, eisíodh stampa nua ar a bhfuil íomhá de mhúrphictiúr de chuid Banksy agus na litreacha FCK PTN.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    iarrthóir - candidate

    athdhearadh an airgeadra - currency redesign

    ar dualgas - on duty

    easaontóirí poblachtacha - republican dissidents

    ionradh - invasion

    múrphictiúr - mural

    6 min
  • 18 Feabhra 2023 (Ciarraí)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

    Tháinig Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak go Béal Feirste chun bualadh le ceannairí na bpáirtithe polaitiúla in Stormont. Dúirt Ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh Jeffrey Donaldson go raibh dul chun cinn déanta leis an idirbheartaíocht idir Londain agus an Bhruiséal ach caithfidh níos mó obair a bheith déanta chun teacht ar mhargadh. Ceaptar go mbeidh réiteach idir an dá linn ar chúrsaí trádála, go mbeidh saorghluaiseacht ar earraí ag dul ón Tuaisceart go Poblacht na hÉireann mar a bhí eagraithe tar éis an Bhreatimeachta. Ach ansin bhí bacanna eacnamaíochta ar earraí ag dul ón Ríocht Aontaithe go dtí Tuaisceart Éireann. Braitheann an comhaontú seo ar dhílárú Stormont agus ar theacht ar réiteach chun na hinstitúidí polaitíochta a chur i bhfeidhm arís.

    D’fógair Nicola Sturgeon go mbeidh sí ag éirí as mar Chéad-Aire na hAlban. Chaith sí os cionn ocht mbliana mar cheannaire ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban.  Ba í an chéad bhean riamh a sheas mar Chéad-Aire agus a chaith an tréimhse is faide sa ról sin. Dúirt sí gur bhraith sí ina ceann agus ina croí go raibh sé in am eirí as. Fanfaidh sí mar Chéad-Aire go dtí go mbeidh a comharba tofa. Baineadh cor coise as Sturgeon agus an SNP le deanaí nuair a Rialaigh an Chúirt Uachtarach in aghaidh reifreann eile a reachtáil chun neamhspléachas ón Ríocht Aontaithe a bhaint amach. Buaileadh go dona iad leis, nuair a theip ar an bPáirtí Náisiúnta bille trasinscneach a thabhairt isteach, bille a thabharfadh cead do dhaoine trasinsneacha a n-inscne a athrú gan gá le diagnóis shíciatrach. Tá cúpla duine ainmithe mar iarrthóirí san iomaíocht cheannaireachta: John Swinney, Kate Forbes agus Angus Robertson.


    Cuireadh amach píosa scannánaíochta neamhchoitianta den Titanic a deineadh taifeadadh air sa bhliain 1986. Dhein Institiúid Aigéaneolaíochta Woods Hole taifeadadh ar an Titanic agus í trí chilimeádar faoi dhromchla na mara. Thángadar ar an smionagar cúpla mí roimh ré. Bhí blúiríní den taifeadadh le feiscint ar chláracha faisnéise ach anois tá an físeán go léir,a mhaireann 80 nóimead, le fáil ar Youtube. Beidh daoine ábalta féachaint timpeall an bháid san áit a ndeachaigh sé go tóin poill. Bhuail an Titanic cnoc oighir in Aibreán 1912 san Altantach ar an mbealach go Nua-Eabhrac. Fuair os cionn 1500 daoine bás. Deineadh atheisiúint freisin ar an scannán Titanic a stiúir James Cameron mar tá an scannán 25 bliain ar an bhfód.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    idirbheartaíocht - negotiation

    saorghluaiseacht - free movement

    comharba - successor

    cor coise - setback

    deineadh/dhein = rinneadh/rinne

    smionagar - debris

    blúiríní - snippets

    7 min
  • 11 Feabhra 2023 (Ard Mhacha)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá deag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.


    De réir tuairiscí tá breis agus 20,000 duine maraithe i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria i ndiaidh an chreatha talún Dé Luain, agus is dócha go n-ardóidh na figiúirí sna leathanta amach romhainn. Ó thaobh na Tuirce de, deir na húdaráis go bhfuil 13.5 milliún daoine atá buailte ag an tubaiste. Tá na hoibrithe tarrthála ag déanamh a ndícheall chun an oiread daoine agus is féidir a shábháil. Tá an aimsir fuar, le sneachta ar an talamh agus tá easpa tithe agus foirgneamh te sábháilte ann do na daoine a tháinig slán. Meastar go bhfuil cúrsaí nios measa fós i dtuaisceart na Siria mar gheall ar an chogaíocht ansin.

    Thug Volodymyr Zelensky cuairt ar an Bhreatain an tseachtain seo. Ba í an chéad chuairt ar an tír ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin bliain ó shin. Bhuail sé le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak agus ghlac sé an deis le linn a óráide os comhair pharlaimint na Breataine iarratas a dhéanamh ar eitleáin chogaidh. Duirt sé, “Ní saoirse go sciatháin”. D'fhógair Downing Street Déardaoin nach dtabharfaidís eitleáin chogaidh don Úcráin dá gcuirfeadh sin an Ríocht Aontaithe i mbaol. Ag an am céanna tá fórsaí na Rúise ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh in oirthear na hÚcráine, agus ag teilgean diúracán ar gach oblast sa tír.

    Tá Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe i Londáin i ndiaidh rialú go bhfuil Prótacal an Tuiscirt “dleathach”. Ghlac Ceannaire an TUV Jim Allister agus Aontachtaithe mór le rá eile an cás chuig an Chúirt, agus iad ag argóint nach bhfuil an prótacal ag teacht le hAcht an Aontais ná le Comhaontú Aoine an Chéasta, cé nach raibh an DUP i bhfabhar an Chomhaontaithe nuair a síníodh é cúig bliana is fiche ó shin. Ní raibh aon ghlacadh ag an Chúirt leis an mhaíomh sin agus go bhfuil an chumhacht ag Rialtas na Breataine an prótacal a chur i bhfeidhm. In ainneoin rialú na Cúirte, dúirt na ceannairí Aontachtacha gur cruthaíodh go raibh an ceart acu.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    crith talún - earthquake

    cogaíocht - warfare

    eitleáin chogaidh - warplanes

    sciatháin - wings

    Cúirt Uachtarach - Supreme Court

    maíomh - claim

    6 min
  • 4 Feabhra 2023 (An Clár)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an ceathrú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

    Tá an pobal Meiriceánach Afracach ag caoineadh marú eile de chuid na bpóilíní nuair a tháinig físeán chun solais ina bhfuair Tyre Nichols bás. Ar an seachtú lá de mhí Eanáir, stopadh Nichols agus é ag tiomáint abhaile in Memphis. Dúirt na póilíní go raibh Nichols ag tiomáint go contúirteach ach níl aon fhianaise ann go raibh sé. San fhíseán, is féidir a fheiceáil gur thosaigh cúigear póilíní ag greadadh Nichols ar feadh trí nóiméad. Tógadh Nichols go dtí an t-ospidéal ach fuair sé bás trí lá ina dhiaidh. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Eanáir, chuir an Rannóg Póilíneachta in Memphis físeán den eachtra amach agus chaill an cúigear a bpost. Spreag an eachtra díospóireacht faoi bhrúidiúlacht na bpóilíní arís i Meiriceá. Bhí agóidí ar siúl ar fud na tíre an tseachtain seo caite agus rinne an tUachtarán Joe Biden achainí ar son na síochána.

    Den chéad uair i stair stáit na hÉireann, beidh lá saoire bainc in ómós do Naomh Bríd Dé Luain seo chugainn. Is é an chéad lá saoire bainc atá ann in Éirinn chun comóradh a dhéanamh ar bhean. Dúirt an Rialtas go dtabharfaidh an lá saoire seans dúinn ról na mban i stair na hÉireann a chéiliúradh. Tá roinnt scéalta faoi Bhríd mar gheall ar na míorúiltí a rinne sí, de réir an traidisiúin Chaitlicigh, ach tá Bríd ceangailte leis an bpágántacht chomh maith. Tá a lán daoine den thuairim go raibh Bríd ina bandia sula raibh sí ina naomh Críostaí. I miotaseolaíocht na gCeilteach, bhí Bríd mar bhandia an leighis, na tine, agus na filíochta. Tugadh an t-ainm ‘Imbolc’ ar an gcéad lá den Earrach sa traidisiún Ceilteach.

    D’ordaigh Cumann Lúthchleas Gael an cluiche ceannais idir Crócaigh Chill Mochuda agus an Gleann i gcomórtas peile na gclubanna a athimirt. Bhuaigh na Crócaigh an cluiche coicís ó shin le dhá chúilín, ach thosaigh an chonspóid díreach i ndiaidh an chluiche nuair a tugadh faoi deara go raibh seisear déag imreoirí de chuid na gCrócach ar an bpáirc ar feadh cúpla nóiméad ag deireadh an chluiche. Nuair a thuig na Crócaigh a mbotún, bhain siad an t-imreoir breise as an bpáirc, ach rinne an Gleann gearán oifigiúil le Cumann Lúthchleas Gael. Tháinig cor eile sa scéal oíche Dé Domhnaigh, áfach, nuair a d'éirigh an Gleann as an bpróiseas achomhairc. I dtuairisc eile spóirt, beidh Comórtas na Sé Náisiún ag atosú ag an deireadh seachtaine. Tá Éire ag barr an rangaithe faoi láthair agus tá a gcéad chluiche in aghaidh na Breataine Bige ar siúl Dé Sathairn.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    brúidiúlacht na bpóilíní - police brutality

    achainí - plea

    ómós - homage

    míorúiltí - miracles

    conspóid - controversy

    barr an rangaithe - top of the ranking

    6 min
  • 28 Eanáir 2023 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

    Tá cinneadh déanta ag an Ghearmáin le 14 tanc Leopard 2 a sheoladh chuig an Úcráin agus tá sé mar phlean ag na Stáit Aontaithe 31 Abrams a sheoladh sna míonna atá amach romhainn. Thug an Ghearmáin cead do thíortha Eorpacha eile a dtancanna Gearmánacha a sheoladh chuig an Úcráin. Déardaoin, dhá lá i ndiaidh an fhógra, rinne an Rúis ionsaí toinne diúracán ar 35 foirgneamh san Úcráin, inar maraíodh 11 duine agus gortaíodh 11 duine, dar leis an tseirbhís éigeandála stáit. Ó chuir an Rúis tús leis an ionradh i mí Feabhra anuraidh, tá trealamh míleata tugtha don Úcráin ag níos mó ná 30 tír.

    Rugadh ar bheirt phríosúnach a bhí ar a dteitheadh ó Sheirbhís Phríosúin Thuaisceart Éireann agus iad ar saoradh sealadach ón phríosún. Gabhadh Alison McDonagh, atá 49 bliain d’aois, and agus Stephen McParland, 54 bliain d’aois, i gceantar an Iúir tráthnóna Déardaoin. B’é Stáisiún Traenach Lanyon Place i mBéal Feirste an áit dheireanach inar chonacthas iad sular imigh siad tráthnóna Dé Sathairn. De réir na Roinne Dlí, bhí McDonagh ar scéim réamhshaortha agus bhí McParland ar thástáil réamhshaortha. Is dúnmharfóirí ciontaithe an bheirt acu. Fuarthas McDonagh ciontach sa bhliain 2006 (dhá mhíle is a sé) agus cuireadh McParland i bpríosún in 1998.

    Tháinig dea-scéal as Los Angeles le linn na seachtaine, nuair a ainmníodh aisteoirí, scannáin, stiúrthóirí Éireannacha do ghradaim Oscar. Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán Gaeilge riamh a bhfuil an deis seo aige, agus é ainmnithe sa chatagóir don phríomhscannán idirnáisiúnta is fearr. Dúirt an scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad, agus léiritheoir an scannáin, Cleona Ní Chrualaoi gur “lá dár saol” a bhí ann agus gur mór an onóir é. Fuair an scannán 'The Banshees of Inisherin' naoi n-ainmniúchán:scannán is fearr, stiúrthóir is fearr agus bunscript scannáin is fearr; aisteoir is fearr, agus aisteoirí tacaíochta is fearr. Tá ‘An Irish Goodbye’, scannán ó Thuaisceart Éireann, ainmnithe sa chatagóir don Gearrscannán Beo-Aicsin is fearr.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    diúracán - missile

    trealamh míleata - military equipment

    saoradh - release

    dúnmharfóirí ciontaithe - convicted murderers

    bunscript scannáin - original screenplay

    gearrscannán beo-aicsin - live-action short film

    6 min
  • 21 Eanáir 2023 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

    *

    Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

    Agus an Dáil ag filleadh le linn na seachtaine, dúirt Aire Stáit úr na Gaeltachta go mbeadh an phleanáil teanga, an tAcht Teanga agus pobal na hUltaise i measc na dtosaíochtaí aige sa chéad cúpla mí ina ról úr. Dúirt Patrick O'Donovan, an tAire Stáit nua, a ceapadh sa ról díreach mí ó shín, go gcuirfeadh sé tús le hathbhreithniú neamhspleách ar an chéad deich bPlean Teanga Gaeltachta i mbliana. Leanfar an obair seo obair a rinne an t-iarAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers. Dúirt O'Donovan gur baineadh go leor amach i dtaobh na reachtaíochta in 2022 agus luaigh sé an conradh a aontaíodh le hOllscoil na Gaillimhe chun taighde a dhéanamh faoin Phlean Náisiúnta atá le hullmhú i dtaca le seirbhísí poiblí i nGaeilge agus earcú cainteoirí Gaeilge sa státchóras. Ba mhúinteoir scoile é O'Donovan sula ndeachaigh sé leis an pholaitíocht, agus d'adhmháil sé go bhfuil a chuid Gaeilge beagnach caillte aige. Thug sé le fios ag am a cheapacháin go raibh sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne le linn na Nollag chun í a athfhoghlaim ach deir sé nach bhfuair sé an deis an turas sin a dhéanamh go fóill.

    Tá an comhlacht idirnaisiúnta teicneolaíochta Microsoft chun 11,000 duine a chur chun bealaigh i mbabhta iomarcaíochta go luath. Scaoilfear i bhfad níos mó daoine ná a tharla i bpróiseas iomarcaíochta a bhí ag Microsoft riamh, agus síltear go bhfuil seans ann go mbeidh níos mó ciorruithe troma le teacht san earnáil teicneolaíochta. Faoi láthair tá thart fá 221,000 fostaí ag an chomhlacht, agus 3500 díobh fostaithe in Éirinn. Deirtear gurb iad postanna sa rannóg innealtóireachta agus i rannóg na n-acmhainní daonna na postanna atá i mbaol. Seo a tháinig i measc cailleadh postanna i gcomhlachtaí móra eile amhail Twitter, Amazon, Meta (an comhlacht ar leis Facebook), agus Snapchat. I gcás Twitter, ar cheannaigh Elon Musk ag deireadh 2022, briseadh 7500 duine as a bpost go díreach nuair a thosaigh Musk ina phost nua, agus d'éirigh cuid mhaith eile as a bpost in éadan beartais úra a tháinig isteach faoi Musk thart fán am céanna.

    Bhí sceitímíní ar na mílte páiste scoile le linn na seachtaine nuair a bhí ar scoileanna i dTuaisceart Éireann dúnadh de réir mar a bhuail coinníollacha sneachta agus oighreata Tuaisceart Éireann ar feadh cúpla lá. Bhí an chuid ba mhó de na scoileanna san iarthuaisceart, bunscoileanna agus meánscoileanna i nDoire, i Léim an Mhadaidh agus ar an Srath Bán ina measc. Dúirt na póilíní go raibh coinníollacha tiomána contúirteach ar fud Thuaisceart Éireann mar gheall ar an sneachta agus na teochtaí reo. Síníodh an rabhadh buí aimsire le haghaidh sneachta agus oighir ar feadh cúpla lá, agus bhí an comhlacht taistil Translink ag comhairliú do phaisinéirí go gcuirfí isteach ar sheirbhísí ar fud Thuaisceart Éireann.

    *

    Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

    *

    GLUAIS

    pobal na hUltaise - the Ulster Scots community

    athbhreithniú neamhspleách - independent review

    próiseas iomarcaíochta - redundancy process

    ciorruithe troma - heavy cuts

    coinníollacha tiomána - driving conditions

    rabhadh buí aimsire - yellow weather warning

    6 min