Nuacht Mhall

25 Feabhra 2023 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Siadhail.

Tá vótáil ar siúl sa Nigéir inniu sa toghchán uachtaránachta is iomaíche a tharla le blianta fada. De ghnáth, bíonn dhá pháirtí mhóra san iomaíocht - Comhdháil na bhForasaithe Uile (APC) agus Páirtí Daonlathach an Phobail (PDP) - ach i mbliana tá ag éirí go maith le Páirtí an Lucht Oibre. Síltear go bhfuil daoine óga atá ag vótáil den chéad uair i bhfabhar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Peter Obi, go háirithe i ndeisceart na tíre. Don té a thabharfaidh an lá leis, beidh a lán dúshlán aige. Tá fadhbanna ann le hathdhearadh an airgeadra, chomh maith le cúrsaí geilleagair, fostaíochta agus slándála. Táthar ag súil go bhfógrófar na torthaí laistigh de chúpla lá.

Scaoileadh póilín ar an Ómaigh oíche Dé Céadaoin. Ní raibh an Bleachtaire Príomhchigire John Caldwell ar dualgas ag an am; bhí sé ag cur liathróidí i mbúit a chairr tar éis seisiún peile le daoine óga, agus bhí a mhac in aice leis ag an am. Chuaigh Caldwell faoi scian ach tá a bheatha fós i mbaol. Meastar gurb iad easaontóirí poblachtacha atá taobh thiar den ionsaí, agus tá cúigear fear faoi choimeád na bpóilíní sa chontae faoi láthair. Tháinig ceannairí na gcúig pháirtí mhóra le chéile chun an t-ionsaí a cháineadh. Is fada ó chonacthas le chéile iad ach de réir tuairiscí is cosúil go bhfuil margadh nua maidir le Prótacal an Tuaiscirt aontaithe ag an Ríocht Aontaithe agus an Aontas Eorpach. Chuige seo, dúirt an DUP nach rachaidís ar ais i dTionól Thuaisceart Éireann gan margadh níos fearr.

Cothram an deiridh seachtaine seo bliain ó shin a chuir an Rúis tús leis an ionradh san Úcráin. Ón am sin, tá na mílte marbh agus níl aon chosúlacht ar an scéal go mbeidh deireadh leis an chogadh gan mhoill, cé go bhfuil Uachtaráin an dá thír ag maíomh go mbeidh an bua acu go luath. Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuairt ar Chív le linn na seachtaine, rud nach raibh daoine ag súil leis, agus d'eisigh Rialtas na Síne páipéar maidin Dé hAoine ina ndéantar éileamh ar chainteanna síochana ach deirtear fosta go bhfuil an tSín ag smaoineamh ar airm a thabhairt do na Rúisigh. San Úcráin féin, eisíodh stampa nua ar a bhfuil íomhá de mhúrphictiúr de chuid Banksy agus na litreacha FCK PTN.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

iarrthóir - candidate

athdhearadh an airgeadra - currency redesign

ar dualgas - on duty

easaontóirí poblachtacha - republican dissidents

ionradh - invasion

múrphictiúr - mural

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners