Nuacht Mhall

28 Eanáir 2023 (Dún na nGall)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Tá cinneadh déanta ag an Ghearmáin le 14 tanc Leopard 2 a sheoladh chuig an Úcráin agus tá sé mar phlean ag na Stáit Aontaithe 31 Abrams a sheoladh sna míonna atá amach romhainn. Thug an Ghearmáin cead do thíortha Eorpacha eile a dtancanna Gearmánacha a sheoladh chuig an Úcráin. Déardaoin, dhá lá i ndiaidh an fhógra, rinne an Rúis ionsaí toinne diúracán ar 35 foirgneamh san Úcráin, inar maraíodh 11 duine agus gortaíodh 11 duine, dar leis an tseirbhís éigeandála stáit. Ó chuir an Rúis tús leis an ionradh i mí Feabhra anuraidh, tá trealamh míleata tugtha don Úcráin ag níos mó ná 30 tír.

Rugadh ar bheirt phríosúnach a bhí ar a dteitheadh ó Sheirbhís Phríosúin Thuaisceart Éireann agus iad ar saoradh sealadach ón phríosún. Gabhadh Alison McDonagh, atá 49 bliain d’aois, and agus Stephen McParland, 54 bliain d’aois, i gceantar an Iúir tráthnóna Déardaoin. B’é Stáisiún Traenach Lanyon Place i mBéal Feirste an áit dheireanach inar chonacthas iad sular imigh siad tráthnóna Dé Sathairn. De réir na Roinne Dlí, bhí McDonagh ar scéim réamhshaortha agus bhí McParland ar thástáil réamhshaortha. Is dúnmharfóirí ciontaithe an bheirt acu. Fuarthas McDonagh ciontach sa bhliain 2006 (dhá mhíle is a sé) agus cuireadh McParland i bpríosún in 1998.

Tháinig dea-scéal as Los Angeles le linn na seachtaine, nuair a ainmníodh aisteoirí, scannáin, stiúrthóirí Éireannacha do ghradaim Oscar. Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán Gaeilge riamh a bhfuil an deis seo aige, agus é ainmnithe sa chatagóir don phríomhscannán idirnáisiúnta is fearr. Dúirt an scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad, agus léiritheoir an scannáin, Cleona Ní Chrualaoi gur “lá dár saol” a bhí ann agus gur mór an onóir é. Fuair an scannán 'The Banshees of Inisherin' naoi n-ainmniúchán:scannán is fearr, stiúrthóir is fearr agus bunscript scannáin is fearr; aisteoir is fearr, agus aisteoirí tacaíochta is fearr. Tá ‘An Irish Goodbye’, scannán ó Thuaisceart Éireann, ainmnithe sa chatagóir don Gearrscannán Beo-Aicsin is fearr.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

diúracán - missile

trealamh míleata - military equipment

saoradh - release

dúnmharfóirí ciontaithe - convicted murderers

bunscript scannáin - original screenplay

gearrscannán beo-aicsin - live-action short film

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners