Sign up to save your podcasts
Or

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.
Tháinig Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak go Béal Feirste chun bualadh le ceannairí na bpáirtithe polaitiúla in Stormont. Dúirt Ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh Jeffrey Donaldson go raibh dul chun cinn déanta leis an idirbheartaíocht idir Londain agus an Bhruiséal ach caithfidh níos mó obair a bheith déanta chun teacht ar mhargadh. Ceaptar go mbeidh réiteach idir an dá linn ar chúrsaí trádála, go mbeidh saorghluaiseacht ar earraí ag dul ón Tuaisceart go Poblacht na hÉireann mar a bhí eagraithe tar éis an Bhreatimeachta. Ach ansin bhí bacanna eacnamaíochta ar earraí ag dul ón Ríocht Aontaithe go dtí Tuaisceart Éireann. Braitheann an comhaontú seo ar dhílárú Stormont agus ar theacht ar réiteach chun na hinstitúidí polaitíochta a chur i bhfeidhm arís.
D’fógair Nicola Sturgeon go mbeidh sí ag éirí as mar Chéad-Aire na hAlban. Chaith sí os cionn ocht mbliana mar cheannaire ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban. Ba í an chéad bhean riamh a sheas mar Chéad-Aire agus a chaith an tréimhse is faide sa ról sin. Dúirt sí gur bhraith sí ina ceann agus ina croí go raibh sé in am eirí as. Fanfaidh sí mar Chéad-Aire go dtí go mbeidh a comharba tofa. Baineadh cor coise as Sturgeon agus an SNP le deanaí nuair a Rialaigh an Chúirt Uachtarach in aghaidh reifreann eile a reachtáil chun neamhspléachas ón Ríocht Aontaithe a bhaint amach. Buaileadh go dona iad leis, nuair a theip ar an bPáirtí Náisiúnta bille trasinscneach a thabhairt isteach, bille a thabharfadh cead do dhaoine trasinsneacha a n-inscne a athrú gan gá le diagnóis shíciatrach. Tá cúpla duine ainmithe mar iarrthóirí san iomaíocht cheannaireachta: John Swinney, Kate Forbes agus Angus Robertson.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
idirbheartaíocht - negotiation
saorghluaiseacht - free movement
comharba - successor
cor coise - setback
deineadh/dhein = rinneadh/rinne
smionagar - debris
blúiríní - snippets
By Conradh na Gaeilge i Londain5
1919 ratings

20 Listeners

1,349 Listeners

64 Listeners

144 Listeners

21 Listeners

1,843 Listeners

135 Listeners

91 Listeners

2 Listeners

44 Listeners

17 Listeners

38 Listeners

4 Listeners

0 Listeners

9 Listeners