Nuacht Mhall

4 Feabhra 2023 (An Clár)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Tá an pobal Meiriceánach Afracach ag caoineadh marú eile de chuid na bpóilíní nuair a tháinig físeán chun solais ina bhfuair Tyre Nichols bás. Ar an seachtú lá de mhí Eanáir, stopadh Nichols agus é ag tiomáint abhaile in Memphis. Dúirt na póilíní go raibh Nichols ag tiomáint go contúirteach ach níl aon fhianaise ann go raibh sé. San fhíseán, is féidir a fheiceáil gur thosaigh cúigear póilíní ag greadadh Nichols ar feadh trí nóiméad. Tógadh Nichols go dtí an t-ospidéal ach fuair sé bás trí lá ina dhiaidh. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Eanáir, chuir an Rannóg Póilíneachta in Memphis físeán den eachtra amach agus chaill an cúigear a bpost. Spreag an eachtra díospóireacht faoi bhrúidiúlacht na bpóilíní arís i Meiriceá. Bhí agóidí ar siúl ar fud na tíre an tseachtain seo caite agus rinne an tUachtarán Joe Biden achainí ar son na síochána.

Den chéad uair i stair stáit na hÉireann, beidh lá saoire bainc in ómós do Naomh Bríd Dé Luain seo chugainn. Is é an chéad lá saoire bainc atá ann in Éirinn chun comóradh a dhéanamh ar bhean. Dúirt an Rialtas go dtabharfaidh an lá saoire seans dúinn ról na mban i stair na hÉireann a chéiliúradh. Tá roinnt scéalta faoi Bhríd mar gheall ar na míorúiltí a rinne sí, de réir an traidisiúin Chaitlicigh, ach tá Bríd ceangailte leis an bpágántacht chomh maith. Tá a lán daoine den thuairim go raibh Bríd ina bandia sula raibh sí ina naomh Críostaí. I miotaseolaíocht na gCeilteach, bhí Bríd mar bhandia an leighis, na tine, agus na filíochta. Tugadh an t-ainm ‘Imbolc’ ar an gcéad lá den Earrach sa traidisiún Ceilteach.

D’ordaigh Cumann Lúthchleas Gael an cluiche ceannais idir Crócaigh Chill Mochuda agus an Gleann i gcomórtas peile na gclubanna a athimirt. Bhuaigh na Crócaigh an cluiche coicís ó shin le dhá chúilín, ach thosaigh an chonspóid díreach i ndiaidh an chluiche nuair a tugadh faoi deara go raibh seisear déag imreoirí de chuid na gCrócach ar an bpáirc ar feadh cúpla nóiméad ag deireadh an chluiche. Nuair a thuig na Crócaigh a mbotún, bhain siad an t-imreoir breise as an bpáirc, ach rinne an Gleann gearán oifigiúil le Cumann Lúthchleas Gael. Tháinig cor eile sa scéal oíche Dé Domhnaigh, áfach, nuair a d'éirigh an Gleann as an bpróiseas achomhairc. I dtuairisc eile spóirt, beidh Comórtas na Sé Náisiún ag atosú ag an deireadh seachtaine. Tá Éire ag barr an rangaithe faoi láthair agus tá a gcéad chluiche in aghaidh na Breataine Bige ar siúl Dé Sathairn.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

brúidiúlacht na bpóilíní - police brutality

achainí - plea

ómós - homage

míorúiltí - miracles

conspóid - controversy

barr an rangaithe - top of the ranking

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners