Sign up to save your podcasts
Or

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an tríú lá de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Tá níos mó daoine ag teacht slán ó ailse ionrach anois ná riamh de bharr an fheabhais atá tagtha ar chúrsaí cóireála leighis agus mar go n-aimsítear an galar níos luaithe fosta. Is é ailse ionrach an cineál ailse a d'fhéadfadh leathadh ón áit ar aimsíodh é i dtosach go dtí codanna eile den chorp. De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Chlárlann Náisiúnta Ailse in Éirinn, tá an líon daoine a tháinig slán ó ailse ardaithe 50% le deich mbliana anuas. Den chéad uair tá os cionn 200,000 duine a bhfuil nó a raibh ailse orthu fós ina mbeatha, sin duine as gach 24. Dar leis an Ollamh Murray, níl sé go hiomlán soiléir go fóill cé mar a chuaigh an phaindéim Covid-19 i gcion ar chúrsaí ailse. Faoi láthair, ar sí, dealraíonn sé nach raibh an oiread cineálacha ailse á ndiagnóisiú i gcaitheamh na paindéime agus a bhí roimhe.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
ailse ionrach - invasive cancer
an Chlárlann Náisiúnta Ailse in Éirinn - the National Cancer Registry Ireland
ráta teipe - failure rate
comharthaí - symptoms
ceapachán - appointment
comharbacht - succession
By Conradh na Gaeilge i Londain5
1919 ratings

20 Listeners

1,349 Listeners

64 Listeners

144 Listeners

21 Listeners

1,843 Listeners

135 Listeners

91 Listeners

2 Listeners

44 Listeners

17 Listeners

38 Listeners

4 Listeners

0 Listeners

9 Listeners