Nuacht Mhall

7 Eanáir 2023 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá de mhí Eanair. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Tharla sochraid an iar-Phápa Benedict XVI i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine an tseachtain seo. Bhí sé cúig bliana is nócha d’aois. Rugadh sa Ghearmáin é mar Joseph Ratzinger, agus nuair a bhí sé ina ghasúr, coinscríobhadh é in Ógra Hitler ar dtús agus in airm na Naitsithe ina dhiaidh. Cuireadh col ceathrar dá chuid chun báis le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar bhí siondróm Down air; agus bhí a theaghlach i gcoinne na Naitsithe. Oirníodh é ina dhiadh agus chuaigh sé leis an diagacht. Coimeádach ab ea é san Eaglais Chaitleacach, agus cáineadh é as a neamhghníomhaíocht maidir le cásanna mí-úsáide gnéis ar leanaí ina dheoise nuair a bhí sé ina easpag. Thug sé cuairt ar Londain i 2010. Ba é an chéad Phápa a d'éirigh as an ról ó bhí an cúigiú haois déag ann.

I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá Teach na nIonadaithe ina chocstí agus an Páirtí Poblachtánach ag iarraidh Ceann Comhairle nua a thoghadh. Cé go bhfuil triomlach acu sa Teach, níl siad in ann aontú ar éinne, tar éis vóta i ndiaidh vóta. Fuair Kevin McCarthy 203 vóta sa chéad bhabhta, agus 218 gcinn de dhíth, acht d’imigh sé ar gcúl go mall ina dhiaidh, agus ní bhfuair sé acht 201 tar éis ocht vóta, agus é seo á scríobh. Tá fiche Ionadaí ó “Pháirtí na Saoirse”, atá i bhfad amach ar an eite dheis, go láidir ina choinne, acht níl McCarthy sásta éirí as an toghchán go fóill. Mar sin tá obair an Tí, agus cuid mhór d'obair rialtas na Stát Aontaithe fiú, ar fad i sáinn.

I bPalás Alexandra i Londain, tharla an babhta dairteanna is fearr riamh an tseachtain seo, i gcluiche ceannais an domhain idir Michael Smith agus Michael van Gerwen. Is annamh agus is iontach an rud é má chríochnaíonn imreoir babhta le naoi ndairt, rud nár tharla acht uair amháin roimhe i gcluiche ceannais domhanda. Acht sa bhabhta úd bhí seans ag an mbeirt acu deireadh naoi ndairt a bhaint amach. Theip ar Van Gerwen lena naoú dairt, a bhí milliméadair amach, acht d’éirigh le Smith lena naoú dairt mar fhreagairt, agus lean Smith ar aghaidh ó shin chun Craobh an Domhain a bhuachaint den chéad uair.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

coinscríobhadh é - he was conscripted

diagacht - theology

neamhghníomhaíocht - inaction

cocstí - cockshy, laughing stock

Ceann Comhairle - Speaker (in parliament)

dairteanna - darts

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners