Nuacht Mhall

19 Samhain 2022 (Dún na nGall)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá déag de Mhí na Samhna, 2022. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Le linn na seachtaine, sheol úinéir úr Twitter, Elon Musk, teachtaireacht chuig a fhoireann ar fud an domhain ag insint dóibh nach raibh ach lá acu machnamh a dhéanamh ar chinnúint idir fánacht agus “a bheith ag obair go rí-dhian ar feadh tamall fada,” nó glacadh le pacáiste scaoilíocaíochta de phá trí mhí. Tháinig an teachtaireacht díreach tar éis Musk a insint dá fhoireann go raibh tuiscint ann mura chliceáil daoine ar an nasc ag deimhniú gur “mhaith leat a bheith páirteach sa Twitter úr” an lá dár gcionn, go nglacfaí leis gur éirigh siad as a bpost. Chaill Twitter leath a fhoirne, nuair a thóg Musk smacht ar an ollchomhlacht sna meáin shoisialta ní ba luaithe sa mhí. Dúirt Musk, “Ní bheidh ach feidhmíocht eisceachtúil mar ghrád pas.” Dé hAoine, chuir Twitter doirse a n-oifigí faoi ghlas go dtí an tseachtain seo chugainn.

Bhí cruinniú idir Príomhoifigeach Airgeadais na Ranna Gnóthaí Eachtracha agus Ambasadóir na Rúise in Éirinn inar insíodh dó go raibh iompraíocht na Rúise go hiomlán do-ghlactha. Dé Céadaoin, chuir An Rúis cosc iontrála ar an Taoiseach Micheál Martin agus níos mó ná 50 oifigeach sinsearach eile, mar fhreagairt ar smachtbhannaí an Iarthair maidir leis an Úcráin. Tá liosta 52 ainm ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar cuireadh cosc orthu ón Rúis. Tuigtear gur cuireadh in iúl dó go seasann an Rialtas go diongbháilte in aghaidh an choisc taistil, agus gur ábhar masla gan chúis é i gcoinne saoránaigh Éireannacha.

As seo amach, tabharfar an t-ainm Breatnaise ar an tsliabh is airde sa Bhreatain Bheag, seachas an t-ainm Béarla, a d’aontaigh údaráis na páirce. Chaith Údarás na Páirce Náisiúnta vóta ar son an ainm Yr Wyddfa agus Eryri a úsáid, in aghaidh Snowdon agus Snowdonia, mar gheall ar achainí a rinne 5,000 duine ag impí ar son an athraithe. Tá Yr Wyddfa 3,560 troigh ar airde agus tagann 400,000 siúlóir chuige achan bhliain. Dúirt Naomi Jones, Ceannaire Oidhreacht Cultúrtha na Páirce, agus ainmneacha Breatnaise á n-úsáid ag daoine, go dtabharfaí seans dóibh blaiseadh a fháil den Bhreatnais agus de chultúr saibhir na Breataine Bige.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

machnamh a dhéanamh - to reflect, to consider

feidhmíocht eisceachtúil - exceptional performance

do-ghlactha - unacceptable

cosc iontrála - entry ban

údaráis na páirce - park authorities

achainí - petition

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners