Nuacht Mhall

8 Deireadh Fómhair 2022 (Tír Eoghain)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail.

Bhí níos mó ná cúig mhíle duine i láthair ag imeacht plé maidir le todhchaí na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D'eagraigh grúpa neamhbhrabúis darb ainm Ireland's Future an t-imeacht, a tharla sa 3arena i mBaile Átha Cliath agus bhí neart aoichainteoirí ann, idir pholaiteoirí agus daoine eile mór le rá. De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is féidir le Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann reifreann a fhógairt más léir go bhfuil níos mó ná leath an phobail sa Tuaisceart i bhfabhar Éireann Aontaithe. Meastar go bhfuil níos mó suime san athrú anois mar gheall ar imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach agus mar gheall ar an líon Caitliceach sa Tuaisceart a bheith níos airde ná an líon Protastúnach den chéad uair.

Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar an údar Francach Annie Ernaux an tseachtain seo. Rinneadh tagairt don "mhisneach agus géire thomhaiste lena nochtann sí bunchúiseanna, coimhthíos agus srianta comhchoiteanna na cuimhne pearsanta." Is í Ernaux, a scríobhann saothair neamhfhicsin chomh maith le húrscéalta, an chéad scríbhneoir Francach a bhain an Duais ó bhí 2014 ann. Rugadh agus tógadh sa Normainn i dtuaisceart na Fraince í. Gheobhaidh Ernaux ciste de bheagnach milliún euro don duais, a bhronntar gach bliain ar an té a chruthaigh sárshaothar "i dtreo idéalach."

Tá domhan na fichille trína chéile faoi láthair mar gheall ar thuairisc a d'fhoilsigh chess.com. Rinneadh fiosrúchán ar ardmháistir fichille ó Mheiriceá, Hans Niemann, tar éis líomhaintí a bheith curtha ina leith maidir le caimiléireacht sa spórt. Fuarthas go bhfuil an chuma air gur úsáid Niemann inneall fichille chun suas le céad cluiche a bhaint, cluichí a raibh duais airgid acu san áireamh. É sin ráite, baineann na líomhaintí le cluichí ar líne amháin agus tá cead fós ag Niemann leanúint ar aghaidh i gCraobhchomórtas Fichille na Stát Aontaithe, atá ar siúl in Saint Louis faoi láthair.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

grúpa neamhbhrabúis - non-profit group

aoichainteoirí - guest speakers

géire thomhaiste - clinical acuity

srianta comhchoiteanna - collective restraints

ardmháistir fichille - chess grandmaster

líomhaintí - allegations

caimiléireacht - cheating

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners