Nuacht Mhall

15 Deireadh Fómhair 2022 (Luimneach)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey.

Maraíodh deichniúr tráthnóna Dé hAoine seo caite nuair a tharla pléascadh ag stáisiún peitril ar an gCraoslach, i gContae Dhún na nGall. Gortaíodh ochtar eile. Ní fios cén chúis dhíreach a bhí leis an bpléasc, mar go bhfuil imscrúduithe fós ar bun agus saineolaithe pléasctha tugtha isteach chun cabhrú leis na Gardaí sa chás. Ina ainneoin sin, tá sé ráite ag gardaí gur cosúil gur timpiste tragóideach a bhí ann. Níl sé soiléir ag an bpointe seo an leanfaidh fiosrúchán Rialtais na himscrúduithe freisin. Tá ciste daonnúil stáit, a úsáidtear de ghnáth i gcás tuilte, le leathnú chuig teaghlaigh na n-íospartach. Tá trí chéad caoga míle euro bailithe go dtí seo ag daoine ón gceantar áitiúil trí fheachtais tiomsaithe airgid ar líne.

Cháiligh foireann peile na mban na hÉireann do Chorn an Domhain, le bua in aghaidh na hAlban tráthnóna Dé Máirt an tseachtain seo. Ba é an scór deiridh ná Albain a náid, Éire a haon, le cúl ó Amber Barrett a tháinig ón mbinse chun cúl a scóráil sa dara nóiméad is seachtó. Seo an chéad uair don fhoireann áit a bhaint amach sa chomórtas le naoi mbliana is daichead ó bhí siad san iomaíocht go hidirnáisiúnta agus ciallaíonn sé sin go mbeidh an fhoireann ag taisteal go dtí an Astráil agus an Nua-Shéalainn an samhradh seo chugainn don chomórtas féin. Tá leithscéal eisithe ag Cumann Peile na hÉireann freisin tar éis físeán a tháinig chun solais ar na meáin shóisialta den fhoireann ag canadh liricí atá ar son an IRA tar éis an bhua. Dúirt an Cumann go raibh trua acu as “aon chion a rinneadh”. Tá leithscéal eisithe ag bainisteoir na foirne Vera Pauw freisin. Tháinig na liricí féin ó amhrán leis na Wolfe Tones, a eisíodh ar dtús do chomóradh céad bliain an chlub peile Celtic.

D’fhoilsigh I Wish, eagraíocht for-rochtana oideachais ETIM na hÉireann torthaí a taighde le déanaí. Fuarthas amach sa taighde go bhfuil athrú le déanaí ar dhearcadh cailíní sna déaga i leith gairm bheatha a bheith acu in ábhair ETIM – eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus mata. Fuarthas amach go bhfuil ochtó a ceathair faoin gcéad de chailíní sna déaga ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoi ETIM, i gcomparáid le caoga a trí faoin gcéad sa bhliain dhá mhíle is a sé. Léirigh an suirbhé freisin go bhfuil an dearcadh seo ag éirí níos dearfaí in ainneoin torthaí níos imníche. Mar shampla, léirigh seasca a ceathair faoin gcéad an bhearna inscne in ETIM mar bhac, agus easpa muiníne ag daichead faoin gcéad as a gcumas gairm bheatha a leanúint sa réimse. Chomh maith le taighde ar na bacainní braite, tá roinnt moltaí sa tuarascáil freisin, mar shampla, na daltaí dara leibhéal a chur in aithne do ghairmithe baineanna ETIM atá bunaithe go háitiúil ina gcéad bhliain.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

pléascadh - explosion

ciste daonnúil stáit - state humanitarian fund

imscrùduithe - investigations

eagraíocht for-rochtana oideachais - education outreach organisation

ETIM - STEM

bearna inscne - gender gap

bacainn - obstacle

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

144 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners