Nuacht Mhall

24 Meán Fómhair 2022 (Ciarraí)


Listen Later

Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Bhailigh na céadta míle i lár Londan Dé Luain do shochraid Bhanríon Eilís II. Lean an Rí Séarlas III an chónra agus baill den teaghlach ríoga ina theannta, an Prionsa William agus an Prionsa Harry ina measc. Slua 2,000 duine a bhí ag an searmanas, lucht ríoga, ceannairí polaitiúla agus reiligiúnacha an domhain san áireamh. Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn agus an Taoiseach Micheál Martin i láthair. Agus tháinig na céadta míle den phobal le chéile go lár Londan don ócáid stairiúil.  I ráiteas roimh an tsochraid, dúirt Séarlas III na Ríochta Aontaithe go ndeachaigh na daoine ar fad a léirigh a n-ómós don bhanríon “i bhfeidhm go mór air féin agus ar a bhean chéile”. Ba í Banríon Eilís II an monarc is faide i réim riamh i Sasana.


Léirítear i suirbhé nua go bhfuil níos mó ná beirt as gach cúigear in Éirinn gan phinsean tar éis moill a chur ar cheann a thosnú nó moill a chur ar a ndáta scoir beartaithe mar gheall ar an ngéarchéim costais mhaireachtála. Ba í Seachtain Feasachta na bPinsean a choimisiúnaigh an suirbhé. Deineadh taighde ar níos mó ná 1,000 duine go náisiúnta go déanach i mí Lúnasa agus go luath i mí Mheán Fómhair na bliana seo. Léiríonn sé leis nár phléigh ach duine as gach deichniúr gan phinsean roghanna scoir lena n-ionad oibre. Agus, fiú ina measc siúd a bhfuil pinsean acu, ní sheiceáil duine as cúigear cén cistí a bhfuil a bpinsean infheistithe iontu. Idir an dá linn, is lú an seans go mbeidh pinsean ag mná ná ag fir, agus gan ach 48% de mhná ag rá go bhfuil cineál éigin de tháirge pinsin acu i gcomparáid le 65% d’fhir.

Tá áit buaite ag mórthionscadal filíochta i mBéal Átha an Airgid, Contae Ard Mhacha, a tharraingíonn ar na céadta bliain d’amhránaíocht, d’fhilíocht agus d’oidhreacht na hÉireann, sa bhabhta ceannais de chomórtas mór sa Ríocht Aontaithe. Bhunaigh na deirfiúracha Margaret Finnegan agus Kathleen Finnegan-Agnew lárionad sláinte agus feirm shóisialta darb ainm "An Tobar" i mí Aibreáin 2018. Tá sé bunaithe ar a bhfeirm, suíomh 40 acra atá i dteaghlach a máthar le 300 bliain ar a laghad. Mar chuid den tionscadal, cuirtear ceardlanna éagsúla ar siúl do dhaoine aitiúla. Cuimsíonn tionscadal Tobar an tírdhreach, gníomhaíocht aeráide, oidhreacht nádúrtha agus an Ghaeilge, agus úsáidtear an fhilíocht chun gach rud a cheangal le chéile. Ar shiúlóid suas an tsliabh ar a bhfuil an tionscadal suite, is féidir le siúlóirí filíocht áitiúil a chloisint á léamh ag daoine áitiúla trí challairí, agus léamh faoi stair an cheantair.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

sochraid - funeral

lucht ríoga - royalty 

géarchéim costais mhaireachtála - cost of living crisis

dáta scoir - retirement date

lárionad sláinte agus feirm shóisialta - wellness centre and social farm

tírdhreach - landscape

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners