Nuacht Mhall

17 Meán Fómhair (An Clár)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 17ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

D’fhógair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, gur éirigh lena chuid fórsaí frithionsaí a dhéanamh i gcoinne na Rúise in oirthuaisceart na hÚcráine Dé Luain. Dúirt arm na hÚcráine go bhfuil níos mó ná fiche baile athghafa acu, Izium ina measc, cathair thábhachtach agus straitéiseach sa chogadh. D’admhaigh Moscó go bhfuil go leor talún caillte acu agus d’fhreagair siad an frithionsaí le hionsaithe ar infreastruchtúr aibhléise san Úcráin. De réir saineolaithe, is athrú mór é an frithionsaí i scéal an chogaidh. Tuairiscítear go bhfuil trúpaí na Rúise in ísle brí agus ag teitheadh ó bhailte. Le linn an ama seo, cloistear cáineadh déanta ar Putin sa Rúis, rud an-annamh agus contúirteach faoi láthair.


Rinne an Rí Séarlas turas timpeall na Ríochta Aonaithe le linn na seachtaine. Chuaigh sé go Caisleán Chromghlinne sa Tuaisceart, áit ar chuir Michelle O’Neill, Leas-Uachtarán Shinn Féin, fáilte roimhe. Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus an Taoiseach Micheál Martin i láthair ag searmanas i mBéal Feirste sa tráthnóna. Tá an Bhanríon Éilís ina luí faoi ghradam stáit i Halla Westminster faoi láthair go dtí a sochraid maidin Dé Luain. Tá scuainí fada ar na sráideanna i Londain agus daoine ag fanacht chun ómós a léiriú don Bhanríon. Tá an áit oscailte 24 uair an chloig chun deis a thabhairt do dhaoine an cónra a fheiceáil. Níl an ócáid gan chonspóid, áfach. Rinneadh cáineadh ar phóilíní i Sasana nuair a ghabh siad daoine a bhí ag agóid i gcoinne na monarcachta. Bhí iontas ann freisin nuair a nochtadh nach n-íocfadh an Rí cáin oidhreachta.

Fuair an stiúrthóir scannán Jean-Luc Godard bás Dé Máirt. Tá Godard ar dhuine de na stiúrthóirí is tábhachtaí i stair na scannánaíochta. Rugadh san Eilvéis é in 1930 agus fuair sé bás trí fhéinmharú cuidithe; dúirt a theaghlach go raibh sé ag fulaingt mar gheall ar thinnis iomadúla. Tá clú ar Godard de bharr a chuid scannán ó na seascaidí, go háirithe na scannáin À Bout de Souffle, Le Mépris agus Pierrot le Fou. Ba stiúrthóir turgnamhach é Godard, díreach go dtí deireadh a shaoil; mar shampla, bhuaigh sé an duais in Cannes dá scannán Adieu au Langage agus é ceithre bliana is ochtó d’aois. Dúirt Martin Scorcese gur athraigh Godard an smaoineamh a bhí againn faoi scannáin agus nach raibh stiúrthóir ar bith chomh misniúil is a bhí Godard.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

frithionsaí - counter-attack

infreastruchtúr aibhléise - electricity infrastructure

ina luí faoi ghradam stáit - lying in state

cáin oidhreachta - inheritance tax

féinmharú cuidithe - assisted suicide

turgnamhach - experimental

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,843 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners