Nuacht Mhall

10 Meán Fómhair 2022 (Maigh Eo)


Listen Later

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an deichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.

D’éag Elizabeth, banríon na Ríochta Aontaithe, an tseachtain seo. Bhí sí ar an chathaoir ríoga ar feadh seachtó bliain. Le linn a réimis, bhí cúigear phríomh-airí déag aici, an chéad duine acu ná Winston Churchill. Anois, mar gheall ar Acht an tSocraithe, tá a mac Charles ina rí. Fágann sí ceathrar páistí, ochtar garpháistí, agus dháréag páistí garpháistí ina diaidh. Nuair a thug sí cuairt ar Éirinn i 2011, thosaigh sí a hóráid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath as Gaeilge.

Tá príomh-aire nua ag an Ríocht Aontaithe an tseachtain seo chomh maith. Tar éis breis agus dhá mhí, tá an toghchán i measc bhallraíocht an Pháirtí Choimeádaigh agus Aontachtaigh thart, agus tá Liz Truss tofa acu mar cheannaire an pháirtí agus ar an mbonn sin tá sí ina príomh-aire anois. Tá an ruaig curtha aici ar thacaitheoirí Rishi Sunak as an gcomh-aireacht. Tar éis dhá mhí gan ghníomh ar an ngéarchéim fuinnimh, thug an rialtas faoi lena gcéad phlean chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh sa gheimhreadh atá romhainn.

San uaigh Liang Tebo i mBoirneo, tá an fhianaise is sine de mháinliacht aimsithe ag seandálaithe, i bhfad níos sine ná aon cheann eile atá aimsithe go dtí seo. Tháinig siad ar chnámharlach a bhfuil teascadh déanta ar an gcos chlé faoin nglúin, atá tríocha a haon míle bliain d’aois. Rinneadh an teascadh le huirlisí agus sceana cloiche, tháinig biseach ar an duine ina dhiadh, agus do mhair siad ar feadh roinnt blianta eile. Léiríonn an cnámharlach seo go raibh fios domhain sa leighis agus san anatamaíocht dhaonna ag daoine ársa fadó fadó, i bhfad ní ba luaithe ná a ceapadh cheana.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

an chathaoir ríoga - the throne

páistí garpháistí - great-grandchildren

comh-aireacht - cabinet

géarchéim fuinnimh - energy crisis

máinliacht - surgery

teascadh - amputation

...more
View all episodesView all episodes
Download on the App Store

Nuacht MhallBy Conradh na Gaeilge i Londain

  • 5
  • 5
  • 5
  • 5
  • 5

5

19 ratings


More shows like Nuacht Mhall

View all
Blas Pod by BBC Radio Ulster

Blas Pod

20 Listeners

Irish History Podcast by Fin Dwyer

Irish History Podcast

1,349 Listeners

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

64 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

143 Listeners

Playback by RTÉ Radio 1

Playback

21 Listeners

The Blindboy Podcast by Blindboyboatclub

The Blindboy Podcast

1,841 Listeners

Three Castles Burning by Donal Fallon

Three Castles Burning

135 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

90 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

2 Listeners

Catch Up with Louise McSharry by Louise McSharry

Catch Up with Louise McSharry

44 Listeners

Gaeilge Weekly by Learn Irish Online

Gaeilge Weekly

17 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

38 Listeners

Seachtain by Irish Independent

Seachtain

4 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

9 Listeners